Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Apr 1984

Vol. 349 No. 6

Written Answers. - Deontais Stáit don Ghaeltacht.

482. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é suim na ndeontas (bliantúil) neamhchaipitiúil a íocadh le gach ceann de na comharchumainn Ghaeltachta ar leith agus le Gael-Linn i gcás gach bliain de na deich mbliana is deireannaí.

483. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é suim na ndeontas caipitiúil a íocadh i gcás gach bliain de na deich mbliana is deireannaí le gach ceann de na comharchumainn Ghaeltachta ar leith agus le Gael-Linn.

484. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é suim na ndeontas a íocadh gach bliain le deich mbliana anuas le nuachtáin agus irisí Gaeilge.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 482 go 484 le chéile.

Foilsítear eolas mar sin sna Cuntais Leithreasa a leagtar faoi bhráid na Dála gach bliain ach amháin go mbíonn na híocaíochtaí leis na comharchumainn uile le chéile agus nach ndeighiltear an caiteachas caipitil ón gcaiteachas neamhchaipitil orthu roimh an mbliain 1981: ar ndóigh, bíonn an t-eolas a bhaineann leis féin ag gach comharchumann. Bheadh mórchuid oibre ag gabháil le sonraí a bhaint amach do gach comharchumann ar leith gach bliain le deich mbliana anuas agus ba leasc liom obair mar sin a chur á déanamh gan léargas a fháil ar an tábhacht speisialta a bhainfeadh leis an mioneolas. Deontais neamhchaipitil ar fad a íocadh le Gael-Linn.

485. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é (a) líon na n-acraí talún a ceannaíodh sa Ghaeltacht ar íoc an Stát an costas iomlán nó cuid den chostas astu; (b) costas iomlán na dtailte sin don Stát; agus (c) líon na n-acraí de na tailte sin atá díomhaoin faoi láthair.

486. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad é (a) líon na monarchana agus na saotharlann a tógadh sa Ghaeltacht le deich mbliana anuas ar íoc an Stát an costas iomlán nó cuid den chostas astu; (b) costas iomlán na bhfoirgneamh sin don Stát; agus (c) líon na monarchana agus na saotharlann sin atá díomhaoin faoi láthair.

Tógfaidh mé Ceist Uimh. 485 agus Ceist Uimh. 486 le chéile.

Mar chuid de shócmhainní dochta Údarás na Gaeltachta foilsítear glanchostas na talún agus na bhfoirgneamh a bhíonn in úinéireacht an Údaráis i ndeireadh gach bliana sna cuntais a leagtar faoi bhráid na Dála. Is mar seo a leanas atá an glanchostas sin ar 31 Nollaig 1983 sna dréachtchuntais don bhliain 1983: Talamh, £1.58 milliún; Foirgnimh, £37.25 milliún.

Tuigim ón Údarás gur bhain an glanchostas sin le 3,733 acra talún agus le 145 fhoirgneamh (a bhfuil níos mó ná tionscal amháin i gcuid acu) agus go raibh 2,042 acra talún (portaigh san áireamh) agus 18 bhfoirgneamh nach raibh in úsáid ar an 31 Nollaig 1983 cé go raibh tograí in áirithe nó á bplé do chuid mhaith de na foirgnimh. Maidir leis na foirgnimh tugann an t-eolas thuas léargas níos iomláine ná mar a thabharfadh eolas a bhainfeadh le cinn a tógadh le deich mbliana anuas. Bhí foirgnimh eile, nach raibh in úinéireacht an Údaráis, ar íoc an Stát cuid den chostas a bhain leo sa mhéid gur thug Gaeltarra Éireann/an tÚdarás deontais ina leith ach bheadh mórchuid oibre ag gabháil le sonraí ina dtaobh a chur le chéile.

Top
Share