Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 22 Nov 1984

Vol. 354 No. 3

Comhchoiste don Ghaeilge: Tairiscint (Atógáil).

Atógadh an díospoireacht ar an dtairiscint seo leanas:
(1) Go n-aontaíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 17ú Deireadh Fómhair, 1984, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste (dá ngairfear an Comhchoiste don Ghaeilge) a bhunú ar a mbeidh 7 gcomhalta de Dháil Éireann agus 4 chomhalta de Sheanad Éireann.
(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh
(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus
(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,
agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).
(3) Go ndéanfar socrú chun ionadaithe a cheapadh chun gníomhú do chomhaltaí den Chomhchoiste nach mbeidh in ann freastal ar chruinnithe áirithe.
(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.
(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.
(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fianaise a ghlacadh go poiblí agus miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.
(7) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.
(8) Gur 4 chomhalta den Chomhchoiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.
—(Aire na Gaeltachta.)

Roimh Thráth na gCeisteanna bhí mé ag cur fáilte roimh an tairiscint atá os ár gcomhair inniu maidir le úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne. Mar adúirt mé, cuirim fáilte roimhe seo agus bhí mé sásta a fheiceáil gur ghlac an Seanad d'aonghuth leis an tairiscint seo agus ceapaim go nglacfaidh an Teach seo leis an tairiscint atá curtha os ár gcomhair inniu ag Aire na Gaeltachta. Ceapaim go mba cheart go mbunófaí an coiste seo chomh luath agus is féidir agus tá súil agam go mbeidh toradh ar obair an choiste sin, go mbeidh siad ag teacht arais chun na Dála le moltaí chugainn.

Ceapaim nár cheart an rud é gur as an Ghaeltacht amháin nó gur daoine a bhfuil Gaeilge acu a bheidh ar an gcoiste seo. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh cumhacht ag na daoine sin nach bhfuil Gaeilge acu. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim ag na daoine sin san teangan agus go mbeidh smaointí acusan agus beidh siad ábalta na smaointí sin a chur os comhair an choiste agus a thaispeáint don choiste sin an dóigh is fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus úsáid a bhaint aisti san Teach seo. Is mór an trua nach mbaintear úsáid as Gaeilge san Teach seo níos minicí. Tá go leor daoine sa Teach agus san Seanad a bhéas lántoilteanach agus ábalta gníomhú ar an gcoiste sin agus na moltaí a thabhairt os bhur gcomhair chomh luath agus is féidir. Mar adúirt mé, ba cheart go mbeadh Teachtaí agus Seanadóirí nach bhfuil Gaeilge acu ar an gcoiste seo.

Tá dualgas orainne mar pholaiteoirí a thaispeáint don phobal go bhfuil suim againn san Ghaeltacht agus nach bhfuilimid ag teacht isteach anseo inniu agus díospóireacht a bheith againn agus dallamullóg a chur ar mhuintir na Gaeltachta agus ar mhuintir na hÉireann. Molaim don Aire an tairiscint seo a thabhairt isteach chuig an Dáil agus geallaim don Aire go bhfaighfidh sé gach cuidiú ón taobh seo den Teach. Tá sé tábhachtach dúinn go léir agus don tír go léir go dtabharfaidh na polaiteoirí treoir don aos óg. Níl a fhios agam cad chuige a mbeimís ag cur brú ar an aos óg Gaeilge a fhoghlaim agus Gaeilge a labhairt muna bhfuil muidne sásta í a labhairt agus í a fhoghlaim. Tá sampla maith san Teach seo. Caithfidh me comhghairdeas a dhéanamh leis an gCeann Comhairle é féin, fear nach raibh Gaeilge ar bith aige, ceapaim, nuair a tháinig sé isteach anseo mar Cheann Comhairle ach tá sé ag déanamh an-iarracht agus tá sé ag tabhairt treoir dúinn go léir agus do dhaoine taobh amuigh den Teach. Agus duitse, a Cheann Comhairle, déanam comhghairdeas.

Bhí a lán Gaeilge agam uair amháin.

Bhuel, tá sé go hiontach arís. Ba cheart go mbainfimídne lánúsáid as Gaeilge sa Teach seo ní uair amháin sa bhliain ach uair amháin i ngach seisiún, is é sin, trí uair sa bhliain go mbeadh an Ghaeilge á húsáid againn go léir. Ba cheart go mbeadh ceisteanna á gcur síos againn san teanga duchais cé gur dúradh fá dtaobh díon uair amháin gur chur mé mo cheisteanna síos i nGaeilge nó i mBéarla ach déanaim gach iarracht chomh minic agus is féidir. Maidir le Roinn na Gaeltachta, ceapaim go mba cheart dúinn ceisteanna a chur síos i nGaeilge chuig gach Aire. Bheadh seans againn ansin a fheiceáil an tsuim atá ag na Airí eile san teangan agus san Ghaeilge. Tá cúpla Airí nach bhfuil Gaeilge ar bith acu ach tá súil agam go dtaispeánfaidh siadsan an treoir dúinn go léir agus go dtosnófar leis na hAirí agus leis na Teachtaí Dála.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do Inniu agus Amárach as ucht an méid a rínne siad don Ghaeilge síos tríd na blianta. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Anois, paipéar Domhnaigh atá againn, agus tá súil agam muna bhfuil iriseoir acu i ngach cuid den Ghaeltacht nó i ngach contae atá sa Ghaeltacht go mbeidh iriseoir acu a bhéas ag plé leis na Gaeltachtaí éagsúla agus go ndéanfaidh siad cinnte de go mbeimid i nDún na nGall ábalta Gaeilge Dhún na nGall a fháil sa pháipear sin, agus mar an gcéanna le Gaeltacht Chonamara agus Gaeltacht dheisceart na hÉireann. Mar atá sé anois tá sé deacair go leor dúinne san taobh tíre ina gcónaíonn mise an Ghaeilge atá sa pháipéar sin a thuiscint. Ach níor thosnaigh siad ach cúpla mí ó shin agus tá súil agam go ndéanfaidh siad feabhas maidir leis an bhfadhb sin.

Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaimídne gach iarracht na daoine óga a mhealladh chun Gaeilge a labhairt. Ach ní doigh liomsa go bhfuil an polasaí ceart ag an Rialtas seo ná ag Roinn na Gaeltachta maidir leis an aos óg a mhealladh. Cuirtear an-bhrú ar na daoine sin a ghabhann isteach le haghaidh an deontas £10. Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine san Ghaeltacht a bhfuil an Ghaeilge go líofa acu, Gaeilge go líofa ag a n-aithreacha agus ag a máithreacha agus ag na bpáisti iad féin agus níl siad ag fáil an deontais. Bhí duine agam ag deireadh na seachtaine, agus tá ochtar san chlann sin, agus labhair me le gach duine san chlann sin agus bhí mise sásta, agus tá súil agam go mbeidh Aire na Gaeltachta sásta agus duine ar bith eile sa Roinn ach ní raibh an cigire sásta leis an gcaighdeán Gaeilge a bhí acu. Dúradh leo nuair a fuair siad freagra, níl a fhios agam an bhfuair siad freagra béil no freagra litreach, nach raibh siad sásta leis an gcaighdeán Gaeilge a bhí acu ós rud é gur tháinig siad ar ais ó Albain. Saolaíodh gach duine den chlann sin san tír seo i nGaeltacht Gaoth Dobhair agus ní raibh na facts ceart ag Roinn na Gaeltachta. B'fhéidir go mbeidh mé ábalta an cheist sin a phlé leis an Aire níos moille.

Nuair nach bhfuil deontas £10 le fáil ag na páistí sin, duine ar bith no teaghleach ar bith a thógann teach san Ghaeltacht, níl siadsan abalta ansin an deontas £2,000 a fháil chun teach nua a thogáil. Ceapaim go bhfuil sé seo ag cur cose ar an teangan, cosc ar na daoine a mhealladh chun an teangan a labhairt agus a fhoghlaim. Ceapaim go mba cheart go mheidh an deontas sin le fáil ag duine ar bith sa Ghaeltacht atá lán dáiríre agus atá ag déanmh gach iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí teaghlach eile agam ag deireadh na seachtaine, fear a rugadh agus a tógadh san Ghaeltacht agus rugadh agus tógadh a bhean san Ghaeltacht ach nuair a tháinig an cigire thart ní raibh sé sásta go raibh go leor Gaeilge ag an leanbh a bhí sa chliabhán agus ní raibh siad ábalta an deontas sin a fháil.

Baineann sin le meastachán Roinn na Gaeltachta.

B'fhéidir go gceapann túsa é sin. Ag an am céanna tá mé ag caint fá dtaobh de chur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne. Tá mé ag caint faoi na daoine óga go mba cheart dúinne iad a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá daoine a bhfuil Gaeilge go leor acu ach níl siad abálta deontais a fháil agus má tá a dteach ró-mhór le haghaidh deontas Roinn Comhshaoil níl siad abálta an mortgage subsidy a fháil. Maidir leis an Ghaeltacht tá sé an-tábhachtach go mbeadh jobanna san Ghaeltacht ionas go mbeadh na daoine atá san Ghaeltacht ábalta fanacht sa bhaile, go mbeidis ábalta leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge agus go mbeadh na daoine agus na páistí a bheas acu go mbeadh siadsan ábalta an Ghaeilge a fhoghlaim ón chliabhán. Tá sé an-deacair jobanna a bheith san Ghaeltacht nuair nach bhfuil deontaisí níos fearr le fáil san Ghaeltacht ná taobh amuigh den Ghaeltacht. Ceapaim féin go bhfuil na deontaisí céanna le fáil anois taobh amuigh den Ghaeltacht anseo i mBaile Áth Cliath in oirthear na hÉireann ná mar atá san Ghaeltacht. B'fhéidir go bhfuil siad beagnach níos fearr. Ceapaim féin go gcaithfidh na deontaisí a bheith i bhfad níos fearr chun daoine a mhealladh isteach san Ghaeltacht agus chun tionsclóirí a bhailiú isteach san Ghaeltacht chun jobanna a chur ar fáil.

Tá mé cinnte de go mbeidh muintir na Gaeltachta ábalta fanacht sa bhaile agus daoine atá thar lear, daoine a tágadh agus a rugadh san Ghaeltacht, daoine a raibh orthu dul thar lear chun jobanna a fháil go mbeimíd ábalta na daoine sin a mhealladh ar ais agus postanna a chur ar fáil dóibh. Chun é sin a dhéanamh caithfimid deontaisí i bhfad níos fearr agus níos mó a chur ar fáil don Ghaeltacht agus deontas níos mó arís a chur ar fáil do na hoileáin. Mar shampla amuigh in oileán Arainn Mhóir tá tuairim is ceithre scór nó 90 fán gcéad de na daoine sin go léir ag obair agus tá fhios agam agus fáiltím roimh an nuacht go bhfuil siad ag obair ar an monarchan ansin chun í a dheisiú chun tionscail a mhealladh isteach ansin. In Árainn Mhór, Tóraidh agus Inis Bó Fínne, ba cheart go mbeadh deontas an-ard le fáil acu. Maidir le Raidió na Ghaeltachta tá an-job déanta acu maidir leis an teangain agus maidir leis an chultúr. Tá eolas réasúnta agam maidir le Raidió na Gaeltachta ar fud na tíre ach go háirithe maidir le stáisiún Raidió na Gaeltachta atá againn i nDún na Gall; sé sin Raidió na Doirí Beaga. Molaim go mór an stáisiún sin chomh maith le gach stáisiún eile agus na daoine atá ag obair sna stáisiúin sin, daoine a bhfuil an tsuim acu san teangain agus sa chultúr agus táimid bródúil as na daoine sin atá againn i ngach stásiún tríd an tír. Maidir le telefís na Gaeltachta molaim fhéin agus molann páirti Fhianna Fáil go ba cheart go mbeadh níos mó ama curtha ar fáil ag RTÉ 2 le freastal ar an Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh stáisiún Raidió na Gaeltachta mar cheann áras maidir leis seo.

Maidir le Raidió na Gaeltachta tá sé an-tábhachtach — agus is Aire eile a mbeidh baint aige leis seo — tá súil agam go ndéanfaidh tusa cinnte de nuair a thiocfaidh an t-am nach gcuirfear stáisiún raidió ar bith eile ar bun i gceanntracha Gaeltachta maidir leis an Local Radio Bill atá ag teacht os comhair na Dála am éigin nuair a bheidh na deacrachtaí ag Fine Gael agus Labour socraithe. Nuair a thiocfas an t-am sin déan tusa cinnte, tríd an gcathaoir, a Cheann Comhairle nach gcuirfear stáisiún ar bith eile gceantair Gaeltachta.

(Cu Isteach.)

Chomh maith leis sin ba cheart go mbeadh stáisiún áitiúil raidió bunaithe b'fhéidir taobhistigh den chontae a bhfuil Raidió na Gaeltachta bunaithe ann. Nílim sásta nár cuireadh go fóill le huaireannta craolaithe Raidió na Gaeltachta. Tosnaíonn sé thart fá 11 a clog ar maidin agus ceapaim fhéin go bhfuil sé sin ró mhall, go mba cheart go mbeadh siad ábalta tosnú thart fá 9 a clog ar maidin nó b'fhéidir roimhe sin agus go mbeadh siad ar an aer níos moille san tráthnóna agus san oíche. Tá súil agam b'fhéidir tar éis na cáinfhaisnéise go mbeidh airgead ar fáil chun airgead breise a thabhairt dóibh chun an job seo a dhéanamh.

Tá náisiúntacht ag baint leis an Gaeltacht agus leis an teangan. Táimid go léir ar an taobh seo den Teach iontach míshásta maidir le náisiúntacht sa lá atá inniu ann go háirithe tar éis an chruinniú a bhí ag an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine nuair a díoladh náisiúntacht síos an abhainn nuair a chuaigh an Príomh Aire chuig Sasana ag tús na seachtaine agus chonacamar an méid suime a bhí aige agus an méid suim a bhí aige fhéin san náisiúntacht. Tá seans againne a Leas-Cheann Comhairle agus tá mé ag caint faoin Ghaeltacht agus faoin náisiúntacht maidir leis an cruinniú a bhí acu cúpla lá ó shin. Níl mórán seans againne ar an taobh seo mar Theachtaí Dála ná san díospóireacht seo mórán a dhéanamh maidir leis sin. Mar a dúirt mé le Aire na Gaeltachta go dtabharfaimidne lántacaíocht dó an tairiscint seo a chur tríd an Dáil ach bhí mé ag caint sula tháinig tú anseo maidir le náisiúntacht agus bhí náire orainn go léir maidir leis an Summit a bhí againn ag tús na seachtaine nuair a tháinig an Taoiseach ar ais ó Shasana cosúil le mada ag teacht ar ais agus a eireaball faoin a chosa aige agus gan rud ar bith faighte aige.

(Cur Isteach.)

Níor aithníodh rud ar bith go dtí gur chuir ceannaire Fhianna Fáil an méid brú sin ar an Rialtas agus ansin tháinig athrú ar an scéal. Is mór an trua go bhfuil an méid náire sin orainn agus náire ar an tír go léir. Maidir leis an Ghaeltacht agus maidir leis an tairiscint seo déanfaimidne ár ndícheall don Ghaeltacht chun turnaround a bheith ann maidir leis an cheist seo. Go raibh maith agaibh.

Ba mhaith liomsa cúpla focal a rá ar an ábhar seo. Ba mhaith liom a rá ar dtús gur cúis náire domsa agus cúis bhróin nach bhfuilim líofa sa Ghaeilge, despite the fact that I took the leaving certificate go híomlán as Gaeilge. This proves something. It is an example of how the environment in which we live is totally against the propagation and development of the Irish language that somebody like myself who was fluent in my late teens now cannot speak go híomlán as Gaeilge.

Some previous speakers made the point — and it is a point I made to representatives from the Irish language organisations in the past — that it would help if an example came from this House. It would help if Deputies like myself, who need only a refresher course, could be facilitated in undertaking that course despite the pressures of the work in the House. This should be borne in mind by the Minister. He should attempt to organise some type of course immediately after Christmas so that, if there is debate like this again this time next year, I and some of my colleagues will be able to contribute more in our native tongue.

The Minister for Education was in Cork last week. I will not bore the House with the details of our visit. One of the major problems which came across loud and clear from the visits to the schools in the Cork regions when the Minister spoke to the students about their problems was the Irish curriculum for the leaving certificate. It is a shame and it is sad that some of our own children should have what I would call a hostile attitude to the language. They can learn French, German and other continental languages but when it comes to the learning of our own language there seems to be a barrier preventing them from doing so. We must attempt to come to grips with the problem. In the schools we must get away from the grammatical gymnastics in the teaching of the Irish course. We should make it more relevant to Irish life and to every day life. I am glad to see that the Irish publication Anois, which is now on sale, is making the Irish language more relevant to contemporary life.

The Irish language must not be used as a status symbol by some of the people who have it. We see that in this House regularly. People attempt to embarrass others who have not got as fluent a use of the language as the users. It is used as a status symbol to embarrass their political opponents.

It is, in fact, a status symbol whether or not that embarrasses people.

It is a status symbol.

It is a symbol of our nationality.

It is a symbol of our nationality, but it should not be used as a status symbol.

It is a mark of our nationality.

The Deputy should not play with words. I am not trying to play with words. I am trying as best I can to put across a message. People use it to reduce the status of their opponents in this House. I have seen that very often in my three years here.

That is an unfair remark.

Continue Deputy, please.

We should attempt in a constructive way to have the language used more often in this House. People in every day life would benefit from that example. I will read the debate here today. I did not have an opportunity to sit in the House and listen to the various contributions. I will attempt to get one simple message across. If people in this House used the language more often in a positive way, that example would be followed by people in everyday life.

Ba mhaith liom cuidiú leis an rún seo agus leis an méid atá ráite ag urlabhraí Fhianna Fáil, Donncha Ó Gallchóir. Ba mhaith liom aontú leis an gcuspóir atá curtha os ár gcomhair inniú. Is é an gnó atá ceapaithe don chomhchoiste athbhreithníu agus moltaí a dhéanamh ó am go ham i dtaobh (1) úsáid na Gaeilge a leathnú in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach agus cúrsaí na Gaeilge i gcoitinne. Aontaím leis an gcuspóir sin. D'aontaigh mé cheana leis an gcuspóir sin i gcúrsaí na Dála. Cé go dtuigim go maith an méid atá ráite ag an Teachta Allen agus an chúis ar dúirt sé é ó thaobh daoine ag úsáid Gaeilge anseo chun cur in iúl do dhaoine eile go bhfuil sort status symbol acu, ceapaim go n-aontóidh Teachta Allen liom nuair atá daoine anseo a bhfuil Gaeilge acu — agus b'fhéidir i bhfad níos líofa acusan ná mar tá agamsa, mar is fada uaim anois laethanta scoile — nuair a úsáidtear Gaeilge leis na daoine sin ceapaim gur cheart do na daoine sin freagra a thabhairt a chuireann in iúl do gach éinne go bhfuil meas acu siúd ar an Ghaeilge freisin. Is oth liom a rá nach mar sin atá an scéal. Is cuimhin liom go maith i rith díospóireacht sa Teach seo ar 10 Bealtaine i dtaobh cúrsaí cánach agus mar sin agus bhíomar ag tagairt don VAT ar chamáin sa bhlian do chomóradh 100 bliain den Chumann Lúthchleas Gael. Thosaigh mé mar urlabhraí ar son Fhianna Fáil — mar a cheap mé gur cheart dom a dhéanamh ce nach raibh an líofacht agam ba cheart a bheith agam — thosaigh mé ag labhairt as Gaeilge. Cad ina thaobh go mbeadh náire ag éinne sa Teach seo labhairt as Gaeilge i dtaobh rudaí mar seo. Labhair mé ar feadh tamaillín as Gaeilge. Ba é an tAire Airgeadais, Alan Dukes, a bhí i láthair um an dtaca sin. D'fhreastal an tAire seo ar scoil lán-Ghaelach uair amháin, rud nár dhein mé féin ach tá suim agam sa teanga. Tar éis domsa labhairt as Gaeilge sa Teach cad a bhí le rá ag an Aire, Alan Dukes? Tá mé anois chun aistriú go Béarla. Seo a bhí le rá ag Alan Dukes an lá sin agus sinn anois ag déanamh iarrachta úsáid na Gaeilge a leathnú in imeachtaí na Dála:

The reference is column 796, Official Report, 10 May 1984. After I had spoken in Irish the Minister who should have at least the same familiarity with Irish as I have — so I was not trying to embarrass him; he went to an all-Irish school, Coláiste Mhuire — said:

I wondered why Deputy O'Kennedy should have chosen to make part of his case on this amendment in Irish, but did not utter a single word of Irish about any other amendment over the last few days.

I have given the reason. I spoke spontaneously without any deliberate decision to do so. The Minister said:

I do not intend to follow his example because I honestly do not believe in that kind of "shamrockery".

That is what he called the use of Irish by me on that occasion. I will continue in English for a while if I may. The Minister went on to say, when I questioned him as to what he was implying that the point was very clear, simple and direct. Incidentally, although this does not appear on the record, I threw French and Italian phrases across the House to him because, apparently, they would be accepted as evidence of sophistication or something. He had no objections to those but there was a point of objection about Irish which I find deplorable from a man who has the language. He went on to say:

The Deputy does no honour to his case by that kind of playing to the Gallery which he handed out for this occasion—

I do not know if there was anybody in the Gallery at the time. I do know that the Minister to whom I was speaking was well versed in the language in which I was addressing him.

Agus tá súil agam anois tar éis an rún seo os comhair na Dála — agus aontaím leis an rún seo atá ag cur de dhíth ar gach éinne againn anseo úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach — nach mbeidh freagra mar sin riamh ag teacht ó aon taobh den Teach seo ach, go háirithe, ó Aire go bhfuil an Ghaeilge aige. B'fhéidir nach bhfuil an meas aige ar an teanga atá aige ach ba cheart go mbeadh.

Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta Allen. Ba cheart go mbeadh ranganna ar siúl anseo agus ceachtanna le fáil anseo do gach aon Teachta. Is féidir liom a rá leis an Teachta go bhfuil na ranganna sin ar siúl cheana féin agus na ceachtanna sin ar siúl cheana féin agus le fada anois ag an pháirtí seo sa Dáil. Ní féidir liom a rá go bhfuil siad ar siúl anois díreach. Tá mé ag féachaint anois ar an Seanadóir Séamus de Brún ag teacht isteach sa Teach. D'feadfadh sé a chur in iúl don Aire go raibh ranganna mar sin á gcur ar fáil aige siúd agus ag an Seanadóir Michéal Cranitch do Theachtaí agus Seanadóirí Fhianna Fáil.

(Cur Isteach.)

Ní féidir liom a rá go bhfuil siad ar siúl i láthair na huaire ach ceapaim go bhfuil. Nílim ag rá gach seachtain. 'Sé a theastaíonn uaim a chur in iúl do gach éinne anois ná gur dualgas é sin ar gach pairtí anseo agus ar gach Teachta anseo. B'fhéidir nach bhfuil mórán daoine mar Shéamus de Brún, Micheál Cranitch, Pat the Cope nó Donnchadh Ó Gallchobhair nó Cathal Cochláin anseo atá in ann ranganna mar sin a tahbhairt do gach éinne againn ach táimid go léir in ann comhrá a thosnú leo siúd. Tá foighne acu siúd le daoine mar mise nach bhfuil an Ghaeilge chomh líofa acu a mba cheart go mbeadh. Is féidir liom a rá go bhfuil feabhas mór tagtha ar mo chuid Ghaeilge féin ó tháinig mé anseo sa Teach mar go bhfuil daoine mar iad anseo agus go bhfuil seans agam labhairt as Gaeilge leo.

(Cur Isteach.)

Sin an tarna rud atá anseo, úsáid na Gaeilge a leathnú i dtimpeallacht an dá Theach — ní hamháin anseo ach i dtimpeallacht an dá Theach. Nílim anois ach ag rá leis an Aire a chur in iúl do pháirtí Fhine Gael agus do pháirtí an Lucht Oibre an dea-shampla atá tosnaithe cheana féin le blianta ag Fianna Fáil a leanúint anois.

It is the Deputy who is making political play of it.

I am not. If the Deputy interprets it that way, I regret it. I am simply saying on that basis that I agree entirely——

I spoke of our educational system. The Deputy knows the context in which I used the phrase.

Nílim ach ag rá go bhfuil sé de chuspóir againn sa pháirtí seo mar cheann den dá chuspóir atá againn agus sin an chúis go bhfuil sé de dhualgas orainn an rud seo a dhéanamh — athbheochan na Gaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre seo. Níl sé mar sórt rogha againn; tá sé de dhualgas orainn é a dhéanamh. Tá sé de dhualgas ar gach éinne sa Teach é a dhéanamh freisin.

Bhí an Teachta Allen ag caint i dtaobh sórt status symbol. Ba mhaith liom a rá gur status symbol atá ann — status symbol an náisiúnachais ní amháin anseo in Éirinn ach ar fud an domhain. Bhí seans agam agus mé ag freastal mar Aire Gnóthaí Eachtracha ar an Mór-Roinn agus mar bhall de Choimisiún na hEorpa agus i bParlaimint na hEorpa an teanga Gaeilge a úsáid sa Choimisiún, sa Pharlaimint agus, fiú amháin, sa Council of Ministers agus gurb éigin dom féin ó am go h-am aistriúchán a dhéanamh dos na daoine a bhí ann. Ba mhaith liom a chur in iúl don Teach go raibh meas mór ag gach éinne acu siúd ar an teanga agus gur thugadar gach taca dom an teanga a úsáid agus mé ag freastal thar lear, Mar bhí a fhios acu siúd gur "stamp" mar a déarfá é seo de rud éigin speisialta atá anseo in Éirinn mar atá an Iodáilis sa Iodáil agus an Fhraincis sa Fhrainc.

I hope I have not misinterpreted the Deputy. I have only taken up one point with him and that is that we should start to use Irish not just in the House but outside it. To my knowledge and experience it has been used in our rooms regularly. I have had the pleasure of being part of those discussions with men that I have mentioned, like Senator de Brún and Séamus Gallagher.

Tá mé féin cinnte go bhfuil taca mór le fáil againn ón gcomhphobal chun cúrsaí ár gcultúir agus ár dteanga a chur chun cinn. Tá rún cheana féin rite ag Parlaimint na hEorpa in a dtaobh seo. Bhí rún curtha agam féin os comhair an Choimisiúin agus mé mar bhall ann mar gheall ar an rud céanna. Tá mé cinnte go bhfuil taca le fáil againn anseo, mar ní amháin go bhfuil sórt proprietary right againn anseo i gcursaí na Gaeilge ach is cuid de chultúr na hEorpa é.

There are words in French and German which derive directly from the common-base of all our languages, some very obvious ones like garcon. That is not very different from our word, garsún, is it? The word Mádchen is not very different from maiden. There are many others that I could think of. There is no doubt about the respect which exists for our character and culture and everybody else's also, as part of the common inheritance of Europe. We should never feel in any way that we are turning to “shamrockery,” as the Minister for Finance might suggest when we use our own language here or elsewhere.

Maidir le cúrsaí oideachais i leith na Gaeilge, blianta ó shin anois roimh dul don Mhór-Roinn mé féin don chéad uair, chuaigh mé go dtí an Eilbhéis. Um an dtaca sin ní raibh agam ach an Ghaeilge agus an Béarla. Ní raibh mórán Gaeilge agam, ach os rud é go raibh taithí agam ar an tarna teanga seachas Béarla, tháinig sé i bhfad níos éascaí dom Fraincis agus Iodáilis a usáid. Is furast é sin a aithint nuair a théann daoine ón tír seo ar laethanta saoire don Iodáil nó don Fhrainc. Is féidir leo úsáid a bhaint as phrases like Buon giorno, Come va? Comé sta?, Dové andiamo? These Irish on holidays are used to a second idiom. That is not so strange. You have the Englishman, the monoglot who is only accustomed to one language, for whom anywhere beyond Hyde Park is only a desert, as far as he is concerned. As soon as he says Buon giorno, he breaks his heart laughing at the effect of this strange tongue coming from him. We should never forget that this idiom which is part of the common root of the languages of Europe is far from being a barrier as I have heard people — and let it be said, members of the Language Freedom Movement, as they were called — suggest, and that the teaching and use of Irish cuts across the use of modern languages. They used that awful cliché, “What good is it?”

Even if one measures it in terms of what good it is in a materialistic sense, there is an answer to that. For anyone who knows anything about the use and roots of languages, it is great good, indeed, and a facility to break into an idiom.

Ba mhaith liom mar chríochnú a chur in iúl don Teach, fiú amháin sa teaghlach agam fhéin sa bhaile, na páistí atá agam, nach raibh aon fhocal Fraincise acu roimh dhul go dtí an Bhruiséil dóibh, focal ar bith, ach do bhí an Ghaeilge acu; b'fhéidir nach raibh mórán acu ach bhí sí acu. Chonaiceas tar eis tamaillín leis na páistí sin nach raibh ach sé bliana agus ocht mbliana ag an mbeirt chailíní, tar éis cúpla mí bhí an Fhraincis acu cosúil le Fraincis ó dhúchas, mar go raibh taithí acu freisin ar an tarna teanga.

In so far as our children are concerned we are the ones who impose the barriers because children, especially at a young age, simply communicate in the manner in which we communicate with them. In many ways the learning of a language is a question of imitation. If the words of any language are put forward in the manner of representing symbols, the children will adopt them. But if we tell our children that Irish is different in that sense, that it is something they must learn at school, we will not be successful in so far as the promotion of the language is concerned. Our children as well as ourselves would use Irish much more spontaneously if we recognised that for them it is a natural medium of communication even if they have not yet acquired a fluency, because they can acquire Irish as naturally as we acquired English.

Ba mhaith liom a chur in iúl don Aire go n-aontaím i ngach slí leis an rún atá againn anseo, go bhfuilim cinnte de ó thaobh pháirtí Fhianna Fáil ach go háirithe ó thaobh urlabhraí mar Dhonnchadh Ó Gallchobhair go bhfuil meas mór aige ní h-amháin ar chúrsaí na teanga ach ar chúrsaí cúltúrtha ná hÉireann, agus mar sin. Chothaigh sé é sin na blianta ó shin agus tá á chothú an t-am go léir. Is féidir liomsa a rá ar son pháirtí Fhianna Fáil freisin, agus gach éinne dúinne ó Thiobrad Arann, ó Chorcaigh agus ó Loch Garman, muidne on nGalltacht mar a deirtear, go bhfuilimid réid chun gach aon chabhair a thabhairt chun an rún seo a chur chun cinn. Mar chríochnú, ba mhaith liom a rá go mba cheart an rún céanna a chur i bhfeidhm i gcúrsaí an Rialtais mar a dheineamar féin ó am go h-am. Sin ceist eile do chúrsaí Rialtais—— nílim ag rá cúrsaí rúnda, naturally,— ach mar sin féin tá go leor díobh ann anois a bhfuil an Gaeilge acu agus is ceart dóibh ó am go h-am, fiú amháin i gcúrsaí an Rialtais, ár dteanga féin d'úsáid, agus b'fhéidir go mbeidh dul chun cinn déanta againn. Dheineas dearmad ar rud amháin. Ba cheart dom é a rá. Agus is é an deacracht a bhíonn againn ó am go ham. Agus nílim chun aon tagairt eile a dhéanamh ar chúrsaí Tuaisceart na hÉireann. Ach táim cinnte de, agus ón méid teagmhála a bhí agam ó am go h-am le hAondachtóirí sa Tuaisceart. Agus do bhí baint agamsa leo siud chomh mór is a bhí ag an Taoiseach riamh ach ní rabhas in ann é d'fhoilsiú sna nuachtáin mar níor theastaigh uathu go mheadh sé ar eolas ag gach éinne go rabhadar ag caint liom fhéin. Ach is féidir liom a rá go bhfuil meas ag mórán dóibh siúd ar an teanga seo agus go bhfuil 'fhios acu siúd gur stampa é seo — stampa stairiúil; níl an focal sin ag teacht chugham “stamp”, ach mar sin féin is soiléir do gach éinne an tagairt atá a dhéanamh agam anois go bhfuil an t-eolas sin acu siúd freisin. Seo an difríocht atá eatarthu agus muintir Shasana agus difríocht ana-thábhchtach é. Tá seans an-mhór againn i gcúrsaí ceoil, teanga agus cúrsaí cúltúrtha tuiscint nua a chur chun cinn idir an tuaisceart agus an deisceart ídir na hAondachtóirí agus na Náisiúntóirí agus tá súil agam go mbeidh an toradh sin ar an rún seo freisin. Go raibh maith agat, a Leas-Cheann Comhairle.

Mr. Coughlan

A Leas-Cheann Comhairle, tá áthas ormsa inniu an tairiscint seo a fheicéail os comhair na Dála agus déarfainn go bhfuil sé thar am anois a leithéid seo a bheith againn. Úsáid na Gaeilge a leathnú in imeachtaí na Dála agus sa tSeanad agus i dtimpeallacht an dá Theach. Aontaím leis agus níor mhaith liom anois masla ná aon rud mar sin a tharraingt ar éinne ach tá daoine sa Teach, déarfainn, nach bhfuil ar a gcumas díospóireacht nó mar sin a dhéanamh tré mheán na Gaeilge agus bíonn cineál leisce ar dhaoine nach bhfuil ach measarthacht acu an méid sin a chur in iúl b'fhéidir don Dáil é fhéin agus do na Teachtaí a bheadh i láthair aon am ar bith mar sin. Ach sílím fhéin go bhfuil sé ceart go mbeadh a leithéid de chomhchoiste bunaithe agus bunaithe gan mhoill. Agus cibé cuidiú gur féidir le muintir Fhianna Fáil a thabhairt don chomhchoiste seo, tá mé cinnte go mbeidh sé ar fáil. Agus ó mo thaobh fhéin de mar mhúinteoir scoile nílim ag rá anois go mbeinn ar an gcomhchoiste ach más feídir liom cuidiú ar bith a thabhairt dóibh aon am ar bith bheinn sásta é a dhéanamh. Níl agamsa ach cúpla pointe. Tá siad b'fhéidir rud beag simplí don díospóireacht seo. B'fhéidir nach mbaineann siad leis go díreach ach go h-indíreach, déarfainn. Agus ceann amháin acu, chuala mé daoine ansin i rith an lae ag plé na ceiste, nach raibh mórán suime ag an aos óg sa teanga agus go mór-mhór nuair a théann siad ar an meánscoil. Anois feictear domhsa go bhfuil deacracht ansin mar tosnaíonn sé sa mheánscoil. Níl béim ar bith anois ná níl mórán béime, níl sé ceart a rá nach bhfuil béim ar bith. Níl mórán béime ar chúrsaí gramadaí anois sa bhunscoil agus i ngeall air sin bímid ag iarraidh líofacht teanga a bhaint amach. Anois nuair a théann buachaillí agus cailíní ón bhunscoil isteach sa mheánscoil an chéad rud, tosnaíonn siad ar chúrsaí gramadaí, rud nach bhfuil mórán bainte acu leis. Tar éis b'fhéidir bliana nó mar sin deireann siad leo fhéin "bhuel ní seo rud ar mhaith liomsa leanúint de" agus tuigim nach féidir leat an teanga a bhí agat a labhairt munar féidir leat greim a fháil ar chúrsaí gramadaí na teanga. Ach ag an am chéanna sílimse go mba ceart go mbeadh an cúrsa Gaeilge sa mheánscoil rud beag níos simplí go mór-mhór don ard teistiméireacht. Nílim ag rá go n-athróidh sé rudaí ach sílimse go mba cheart go mbeadh arís níos mó béime sa mheánscoil mar atá sa bhunscoil. Agus b'fhéidir go gcuideodh sin ar dhóigh éigint. Tá argóint eile a bhí ag muintir na Galltachta, agus bhí mise ag teagasc scoile ansin ar feadh tamaill mhaith, nach raibh mórán úsáid acu sin le baint as. Is trua sin.

(Cur isteach.)

Mr. Coughaln

Nuair a chuir an Teachta isteach orm bhí mé ag caint fá dtaobh de na daoine seo a thóg teach sa Ghaeltacht nach bhfuil ábalta an deontas sin a fháil os rud é go bhfuil an teach sin níos mó ná 1,346 troithe cearnacha. Níl siad ábalta ansin deontas a fháil ón Roinn Comhshaoil agus ansin níl siad ábalta an mortgage subsidy a fháil ón Roinn sin. Ceapaim go bhfuil fadhb ansin agus go mba cheart breathnú isteach ann. Bhí mé ag caint maidir leis na daoine óga seo agus mura bhfuil na haithreacha agus na máithreacha ábalta an deontas seo a fháil, agus iadsan lándáiríre agus ag déanamh an-job an Ghaeilge a fhoghlaim agus an Ghaeilge a labhairt cuireann sé sin, na daoine sin — agus, indeed, cuireann sé daoine cosúil liom féin — in aghaidh na Gaeilge agus an Rialtais, agus pholasaí na Roinne. Tá a fhios agamsa go bhfuil an-suim ag Aire na Gaeltachta sa Ghaeltacht agus b'fhéidir go mbreathnóidh sé isteach air. Ní cásanna éagsúla mar sin ach an cás ginearálta sin, go bhfuil siad ag fágáil na tíre mar níl postanna le fáil acu; níl freastal normálta orthu mar a bhí, agus i ngeall air sin caithfidh siad eolas a bheith acu ar an teanga. Tá sé deacair ag duine ar bith díobh gan éisteacht le múinteoir scoile ina sheasamh thíos sa scoil áit ar bith ar fud na tíre agus mar sin le go bhfuil a leithéid seo nó a leithéid siúd ag dul ar aghaidh sa Dáil agus go bhfuil moltaí ag teacht go mba cheart duitse Gaeilge a theagasc ar an bhealach seo nó ar an bhealach eile agus ag an am gcéanna nach ndéantar mórán den obair sa Dáil trí mheán na Gaeilge. Tá sin déanta anois. Glacadh leis. Agus mar gheall air sin tá athas orm go mbeidh an Comhchoiste seo bunaithe gan mhoill agus go mbeidh siad réidh le dul i gcionn a gcuid oibre. Now, tá rud amháin eile, b'fhéidir arís nach mbaineann sé go díreach leis seo, ach tá painéil éagsúla againn. Tá sé deacair ag fear i gCiarraí b'fhéidir mise a thuigbheáil nó b'fhéidir fear as Conamara ach bhí mé ag léamh tríd an bpáipéar seo tá cúpla bomaite ó shin agus chonaic mé ansin go raibh pointe ann go raibh sé deacair anois leabhair, téacs agus mar sin a chur ar fáil don mheánscoil ach ba mhaith liomsa pointe beag amháin a chur isteach ansin agus sin go bhfuil an rud céanna i gceist ó thaobh na mbunscoileanna, mar thuas in Dún na nGall anois tá na leabhair s'againne agus cuid mhór de na focla iontu nach dtuigtear agus caithfidh tú cineál aistriúcháin a dhéanamh orthu. Tá an rud céanna fíor fá "Cúrsaí an Lae" nó cibé ainm atá air anois. Tá sé dearmadta agam. Tá na leabhair go léir i gcanúint amháin agus gidh go bhfuil cead agat iad a athrú sílimse go mba cheart go mbeadh níos mó airgid ar fáil don chineál sin ruda inár gcanúint fhéin le fáil againne agus a dhalta céanna do na ceantrachaí eile. Anois tá an-obair — agus caithfimid iad a mholadh — tá an-obair déanta ag muintir na Gaeltachta le blianta mar gan iad ní bheadh teanga ar bith againn mar tá a fhios agam go bhfuil an uimhir — deirtear anseo sílim in áiteacha go bhfuil sé ag dul i méad. Ach feictear domhsa nach bhfuil, agus feictear dom chomh maith go mba cheart níos mó cuidithe a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta chun forbairt na Gaeltachta agus forbairt na teanga a chur chun cinn. Tá mé ag smaoineamh ar rudaí mar na cuairteoirí seo a thagann i rith an tsamhraidh go dtí coláistí samhraidh agus mar sin de ná b'fhéidir go bhféadfaí níos mó acu a chur ar fáil agus arís go mbeadh na cúrsaí a bhí ar siúl b'fhéidir rud beag níos suaimhní mar arís bíonn cineál leisce ar chuid mhór daoine go mór mhór daoine fásta, ba mhaith leo an teanga a fhoghlaim, tá rud beag leisce orthu dul ag a leithéid seo mar feictear dóibh gur cineál ábhar magaidh iad nuair a thosnaíonn siad. Bhí daoine ag caint ansin ar deontaisí atá ar fáil ins na Gaeltachtaí agus go bhfuil sé deacair b'fhéidir cuid des na deontaisí go mór mhór dos na tithe a fháil, agus tá fhios agam go bhfuil rialacha ann ach corr-uair b'fhéidir ó thaobh na ndaoine atá ina gcónaí ansin go mba cheart rud beag, níl mé cinnte don bhfocal anois ach, compassion a bheith ag cigirí.

(Cur isteach.)

Mr. Coughlan

Mar tá a leithéid ann. Tá fhios agam gur minic go bpóstar daoine taobh amuigh de na Gaeltachtaí fosta. Pósann fear on Gaeltacht bean as an Galltacht agus i ngeall air nach bhfuil Gaeilge ar bith aici nó fíor-bheagán ní féidir leo a ndeontaisí a fháil. Anois níl mé a rá go bhfuil sé ceart nó micheart acu go direach má bhíonn deachrachtaí acu níl aon dabht ná go gcuireann sé an chlann sin agus an teach sin in éadan na teanga agus ní chuireann siad an teanga chun cinn agus leithscéal maith acu gan sin a dhéanamh. Rud beag amháin eile agus beidh mé críochnaithe le mo chuid pointí. Sílim fhéin go bhfuil go leor le déanamh nó á dhéanamh ag raidió agus teilifís don tír ar fad. Anois chonaic mé cláracha agus tá mé cinnte go bhfaca an tAire iad é fhéin cúpla bliaín ó shoin. Bhí siad in ainm is a bheith ag cuidiú linn an teanga a fhoghaim agus shíl mé fhéin go siad dochar in áit maitheas don teanga. Agus má tá sé ar intinn ag Roinn na Gaeltachta cláracha a chur ar fáil don mhuintir nach bhfuil líofacht teanga acu tá súil agam go ndéanfaidh siad staidéar níos déine ar an chineál ruda a chuirfidh siad ar fáil agus os rud é seo a bhaineann leis an tír go léir tá mé cinnte ar fud na tíre seo go bhfuil suim na ndaoine sa teanga agus in áit labhairt faoi go mba cheart cláracha a chur ar fáil ar an teilifís agus cláracha maithe simplí ar dtús agus ag éirí níos deacra de réir a chéile. Ach ní thiocfadh liomsa ach focal amháin a thabhairt ar na cláracha a cuireadh amach acu agus sé sin "ráiméis". Ní raibh maith ar bith iontu. Níor thuig einne iad. B'fhéidir gur bhain na páistí beaga spórt astu ag amharc ar an gheáitsíocht a bhí ag dul ar siúl ach ní dhearna sé sin maitheas ar bith don teanga. So, má bhíonn sé ar intinn acu a leithéid a dhéanamh mholfainn é sin agus cineál cinnte a dhéanamh de gurb é giota beag bíodh sé beag; deirtear go bhfuil blas ar an beagán. B'fhearr beagán i gceart ná cuid mhór agus gan scil ná líofacht ná rud ar bith eile ag baint leis ach thuas againn féin anois i nDún na nGall anuraidh bhaineamar triail as ceann de na moltaí atá anseo. Ar an gcomhairle contae chuir siad isteach cúpla ceist agus phléamar na ceisteanna sin. D'oibrigh sé go measeartha maith agus bhí suim ag na comhairleoirí contae go léir a bhí ann. Bhí ocht gcloigne fiche ann; bhain siad go léir uilig triail as cibé cúpla focal a bhí acu. Sílim gur cheart dúinn cinneadh a dhéanamh anseo agus tá áthas orm an tairiscint seo a fheiceáil anseo inniu mar dúirt mé cheana, agus tá súil agam nuair a bhunófar an Comhchoiste seo go bhfaighidh siad cuidiú leis na moltaí atá acu a chur i gcrích.

Tá an-áthas orm cuidiú leis an rún seo. Táim ag súil go mbeidh seans mór ag gach Ball den Teach seo agus Seanad Éireann cuidiú le forbairt agus le leathnú ár dteanga dhúchais. Ceapaim féin go bhfuil dualgas orainn uilig mar Éireannaigh aon seans dá bhfuil againn cuidiú agus forbairt na Gaeilge. Is í ár dteanga dhúchais í, an teanga a bhí ag na daoine a chuaigh romhainn agus tugann sé rudaí speisialta don tír, do na daoine anseo go bhfuil ár dteanga féin againn. Bhí náire orm féin tráthnóna an Luain seo caite nuair a chuala mé na fir seo ó Raidió na Gaeltachta ag cur ceist i nGaeilge ar ár dTaoiseach féin, ceannaire ár dtíre, ceannaire ár Rialtais, tar éis cruinniú idirnáisiúnta mór i Londain. Do dhiúltaigh an Taoiseach freagra a thabhairt ar an iriseoir seo trí Ghaeilge. Dúirt sé go raibh a lán daoine ansin nach raibh Gaeilge acu. Bhí sé sin soiléir do mhuintír an domhain uilig.

Tá sé soiléir do gach duine, nach bhfuil — b'fhéidir anois — an Taoiseach nó an Tánaiste sásta, agus tá sé chomh maith againn a rá nach bhfuil muintir Fhine Gael ach oiread agus baill de mhuintir an Lucht Oibre sásta, as na cainteanna san gcruinniú agus an slí mar eachtraigh ár dTaoiseach na rudaí tábhachtacha sin faoin taobh thuaidh den tír seo ag an gcruinniú a bhí aige le Margaret Thatcher Dé Luain seo caite. Bhí an seans ag an Taoiseach na rudaí sin a chur amach trí Ghaeilge ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTE agus dhiúltaigh sé é sin a dhéanamh. Is léir ón eachtra sin go bhfuil dualgas orainn uilig mar na daoine atá tofa ag muintir na hÉireann aon seans atá againn an Ghaeilge a leathnú agus a láidriú ar fud na tíre a thogáil.

Ba mhaith liom tagairt a dhéaneamh do Chomóradh céad bliain Chumainn Lúthchleas Gael. Tá a lán rudaí maithe déanta ag Cumann Lúthchleas Gael ar feadh na mblianta fada chun forbairt na Gaeilge a leathnú. Is é ceann de na príomh aidhmeanna ag Cumann Lúthchleas Gael an teanga a leathnú ar fud na tíre agus, ar ndóigh, is é ceann de na príomhaidhmeana ag Páirtí Fhianna Fáil freisin an teanga a leathnú. Dá bhrí sin tá mise lán-tsásta cuidiú leis an rún seo. Tá mise ag súil le páirt bheag a ghlacadh as Gaeilge. Cónaímse sa Ghalltacht. Ní raibh mé sa Ghaeltacht ariamh ach ar laethanta saoire ar feadh lae nó seachtaine agus tá mise sásta a rá go bhfuil beagán meirge ar mo chuid Gaeilge, nach bhfuil mé chomh líofa le daoine atá sa Ghaeltacht.

Tá an-mheas agam ar mhuintir na Gaeltachta faoin tslí a n-úsáideann siad an Ghaeilge i gcónaí. Gach uair a bhí mé ag socraid nó ag tarlú chuala me iad. In iarthar na Gaillimhe um dheireadh seachtaine chonaic mé a lán acu ag socraid na ndaoine a bádh sa tubaiste mhór sin, agus nuair a chuir siad ceisteanna ormsa, daoine mar mhuintir na Gaeltachta agus na daoine a bhí ag an tsochraid sin, bhí siad ag caint agus ag dul go tréan sa Ghaeilge. Thug sé spiorad dom.

Tá dualgas orainn go léir cuidiú leis na ndaoine sin an teanga dhúchais a choimeád. Tá a fhios againn go léir go bhfuil a lán daoine ón nGaeltacht agus ó thíortha thar lear ag dul chun cónaí sa Ghaeltacht. Sa chaoi sin tá seans ann go mbeidh an spéis atá sa teanga á laghdú. Mar dhaoine atá tofa chun eachtraí na hÉireann a reachtáil sa Teach seo, aon chabhair a bheas muidne in ann a thabhairt chun an teanga a leathnú, ba chóir dúinn é sin a dhéanamh.

Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a ghabháil mar ghnáth-Éireannach le Raidió na Gaeltachta as ucht an deaobair atá á dhéanamh acu sa Ghaeltacht agus, ar ndóigh, ar fud na tíre chun an teanga a leathnú. Ba mhaith liom freisin a rá nach bhfuil mé sásta le Radio Telefís Éireann faoi na hiarrachtaí atá á dhéanamh acusan chun an teanga a choimeád beo, chun oideachas trí Ghaeilge a thabhairt do na daoine agus chun spiorad ár dteanga agus spiorad ár náisiún a chur isteach i gcroíthe na ndaoine óga. Ceapaimse go bhfuil RTE i gcoinne an náisiúnachais. Uaireanta nuair a dhéanann siad cláracha níl an oiread Gaeilge agus is cóir ó institiúid mhór mar Raidió Telefís Éireann. Ba mhaith liom go mbeadh cláracha simplí ar fáil do na daoine óga agus tá a lán daoine atá in ann Gaeilge a labhairt dá mbeadh an seans acu agus dá mbeadh institiúid ann chun an spiorad sin agus an spéis sin a chur in intinn na ndaoine. A lán de na cainteanna agus na focla a úsáidimid trí Bhéarla tagann siad ó theanga na Gaeilge. Dá bhrí sin tá sé eásca go leor, ach an cleachtadh a bheith acu, daoine mar muidne a chónaíonn sa Ghalltacht a bheith ag caint Gaeilge arís. Ceapaim go bhfuil seans mór ann anois agus, go h-áirithe tá seans ag an Roinn Oideachais agus ag an Aire Oideachais níos mó ranganna a chur ar bun agus níos mó a dhéanamh sna scoileanna chun an Gaeilge a leathnú agus spiorad na Gaeilge a chur in intinn na ndaoine óga. Tá dualgas faoi leith orainn go léir mar Éireannaigh agus mar dhaoine atá tofa, mar a dúirt mé cheana, smaoineamh ar na focail a dúirt an Piarsach: "Tír gan teanga, tír gan anam". Dá bhrí sin beidh mise sásta aon chuidiú a bheas mé in ann a thabhairt le leathnú agus le forbairt na Gaeilge a thabhairt sna míonna agus sna blianta atá le teacht.

Ba mhaith liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Bhí sé an-spéisiúil bheith ag éisteacht le Teachtaí ag labhairt ar an dtairiscint seo agus ag cur a ndearcadh féin ar an aidhm atá romhainn. Maidir le urlabhraí Fhianna Fáil, Deputy Denis Gallagher, chuir sé an-chuid béim ar an méid a bhí déanta ag múinteoirí na tíre. Bhí an ceart aige. Níor ceart dó aon drogall a bheith air sin a rá mar mhúinteoir. Is múinteoir mé féin agus caithfear a admháil, muna mbeadh múinteoirí na tíre seo ann le leath-chéad bliain, bheadh cruth i bhfad níos measa ar staid na Gaeilge inniu.

B'fhéidir go bhfuil cúis mhaith le nár éirí le leathnú na Gaeilge chomh maith agus ba mhaith linn a fheiceáil. Sé an tuairim agus an smaoineamh agam féin ag éisteacht le Teachta amháin ná go mb'fhéidir go raibh an iomarca bhrú orainn ó thaobhanna eile ar dtús tar éis ár saoirse a bhaint amach agus ansin go raibh rudaí eile ag cur as go mór dúinn. Glactar leis in áiteanna eile nach dtugtar aird ar rudaí cultúrtha go háirithe — nílim ag rá faoi chultúr féin na Gaeilge. Tá mé ag caint ar rudaí cultúrtha i gcoitinne. Tá rudaí eile ag cur as go mór dúinn — ceisteanna polaitíochta, rudaí cosúil le maireachtáil, go deimhin, agus fostaíocht. Go dtí go mbeidh na ceisteanna sin réitithe againn, ní thig linn dul i mbun rud cosúil le cultúr teanga.

Labhair Deputy Gallagher ar naíscoileanna agus scoileanna lán-Ghaelacha. Tá an-job dá dhéanamh ag na scoileanna seo. Tá rudaí mar sin ag díriú meas an phobail ar thábhacht na teanga. Rinne a lán Teachtaí tagairt do RTÉ agus gur fíorbheag an méid daoine atá sásta leis, an teilifís go háirithe, agus an méid atá dá dhéanamh acu ar son na Gaeilge. Ní déarfainn é seo mura mbeinn go bhfuil cuid mhaith den fhírinne ann. Ceapaim féin nach bhfuil a ndualgas dá dhéanamh ag RTE mar stáisiún na tíre. Tá deacrachtaí acu, agus nuair a phléann tú an cheist leo cuireann siad a lán béim ar dheacrachtaí airgeadais agus uile. Ach tá dualgas acu nach bhfuil siad ag comhlíonadh.

Bhí an Teachta Prendergast, ag caint faoi chúrsai staire, cnámh spáirne, agus go ndearnadh sé sin dochar don Ghaeilge. Ní dóigh liom go raibh an Ghaeilge mar cnámh spáirne poiliticiúil ariamh. B'fhéidir gurb é sin ceann de na rúdaí a chur as don teanga. B'fhéidir go mbeadh bail níos fearr ar an dteanga inniu gan é sin, is ar éigean é. Ach sin tuairim atá ag daoine. Ní cnámh spáirne é anois agus tá an-áthas orm go bhfuil chuile Teachta ag teacht leis an moladh atá os comhair an Tí.

Rinne an Teachta céanna tagairt do na meáin chumarsáide, go háirithe RTE.

Maidir leis an Teachta Mac Giolla, thagair sé don chomhchoiste agus na baill a bheith ann. Tá foirm áirithe leagtha síos i gcóir Comhchoistí Oireachtais. Tá coiste ceapacháin ann agus is iad sin a leagann síos cé bheas páirteach ó na phairtí ar Chomhcoistí. Cheap mé go ndúirt an Teachta rud aisteach amháin. Bhí sé ag caint faoi na ndeacrachtaí atá ag scoileanna lán-Ghaelacha agus rinne sé tagairt do Bhaile Munna. Dúirt sé seo, agus deanfaidh mé iarracht é a thabhairt go cruinn: "Ach is ón bpobal féin atá an t-iarracht ag teacht". Cháin sé é sin agus dúirt sé gurb é an Stáit féin ba cheart an brú bheith ag teacht uaidh. Sin é an rud atá ag tarla: níl neart iarracht dá ndéanamh agus a dhóthain brú ag teacht ón phobal. Tá a lán daoine sa tír ag féachaint chuig an Stáit le cabhair a thabhairt do chuile rud atá ar siúl ó mhaidin go hoiche. Bheadh i bhfad níos mó cabhair ag an Stáit dá mbeadh neart brú ag teacht ón bpobal. I ndeireadh na dála, ceapaim gurb é an pobal féin a dhéarnaidh slán ar an Ghaeilge agus a chuirfidh feabhas ar úsáid na Gaeilge agus ní Rialtas ar bith, is cuma cén Rialtas atá i gcumhacht.

Bhí an Teachta McGinley ag caint faoin chomhchoiste agus deir sé cúpla rudaí nach dtagann le téarmaí tagartha an chomhchoiste, rudaí faoi dheontais agus faoi pholasaí na Roinne agus an Rialtais in a leith agus na rialacha a bhaineann le híocaíocht deontas. Ní bheidh baint ar bith ag an gcomhchoiste leis sin mar ní bheidh sé sin in a dtéarmaí tagartha.

Maidir le téacsleabhair, sin ceist nach mbeidh aon bhaint ag an gcomhchoiste leis ach oiread.

Dúirt an Teachta McGinley agus an Teachta Cope Gallagher, maidir leis na daoine a bheas páirteach sa Chomhchoiste, nach gá agus nach ceart go mba Gaeilgeoirí líofa iad, go mba cheart go mbeadh meascán ar an gcomhchoiste sin de dhaoine go raibh Gaeilge líofa acu agus daoine a bheadh ar bheagán Gaeilge. Glacaim leis sin go hiomlán agus aontaím go mbeadh sé seafoídeach Comhchoiste a bheith ann ar a raibh daoine líofa amháin air. Má tá aon deathoradh le bheith ar obair an Chomhchoiste sin caithfidh siad a fháil amach cad iad na deacrachtaí atá ag daoine atá ar bheagán Gaeilge, cur leis an méid acu agus líofacht a bhaint amach trí chleachtú agus rl. Is é an bealach is fearr gur féidir é sin a fháil amach ná dá gcuirfí áit in áirithe ar an gcoiste do dhuine nach bhfuil focal Gaeilge aige.

Bhí an Teachta O'Rourke ag caint faoin mbord curaclaim. Bhí sí ag cáineadh an Aire Oideachais gan tada a rá aici faoin mholadh a dúradh a bhí déanta ag fo-choiste an bhoird curaclaim. Ní gá don Aire Oideachais aon diúltú ná aon rud a rá faoi, mar níl moladh déanta ag an mbord. Go deimhin níl an cheist seo fiú amháin pléite ag an mbord curaclaim. Rinne an Teachta O'Rourke tagairt do shuirbhéanna a rinneadh. Dúirt sí go raibh atmasféar amuigh ansin a bhí ag tabhairt tacaíochta don Ghaeilge mar theanga agus d'úsáid na Gaeilge. Tá sé sin fíor agus, mar a dúirt mé féin sa ráiteas a thug mé, ag dul i méid ata na daoine atá sásta go bhfuil an Ghaeilge acu. Ag an am céanna, níl a lán daoine sásta aon rud a dhéanamh. Fágfaidh siad ag daoine eile an obair a dhéanamh, ar an mbun go ndeireann siad: "tá an Ghaeilge chomh tábhachtach go bhfuil daoine ansin nach leigfidh dí bas a fháil agus ní ghá domsa tada a dhéanamh faoi." Tá sé sin go forleathan agus sin é ceann de na deacrachtaí atá againn. Tá tacaíocht don Gaeilge, tá bá don Gaeilge, tá daoine ag foghlaim na Gaeilge in a gcéadta agus in a mílte, ach cuir ceist ar dhuine acu "céard atá tusa sásta a dhéanamh le cur leis sin?", agus deireann sé, "Níl am agam ach tá mé cinnte go bhfuil daoine eile ata ábalta agus sásta é a dhéanamh níos fearr ná mise". Tá páirt le glacadh ag chuile dhuine sa tir. Is linne ar fad an teanga, ní le páirtí polaiticiúil í, ní le Rialtas í, ní le héinne faoi leith í. Is ár dteanga í agus tá sé de dualgas orainn a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh sé ansin len ár linn agus in ár ndiaidh.

Dúirt an Teachtá Lyons nar íocadh an t-airgead le CCE. Íocadh £200,000 láithreach leo tar éis an tairiscint a bheith rite anseo, agus íocadh an tseachtain seo caite £100,000 a bhí ag dul dóibh. Dúirt sé rud eile maidir le tuairimíocht i leith na Gaeilge. Éinne a chloistear ag caint Gaeilge go líofa taobh amuigh den Ghaeltacht glactar leis gur múinteoir é. Níl a fhios agam cén fáth. Ní gá go mbeadh sé sin fíor agus cruthaíonn an Teachta Lyons é, fear nach múinteoir é agus a bhfuil Gaeilge an-líofa aige, agus mar a dúirt sé féin tá fáth leis sin, go bhfuair sé a chuid scolaíochta sa Mhainistir Thuaidh.

Bhí an Teachta Dowling ag caint faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus faoi choláistí Gaeilge agus cúrsaí Gaeilge. Bhí sé cinnte maidir leis na múinteoirí Gaeilge sin nach Gaeilgeoirí ó dhúchas iad. Bhí polasaí ag RTE ar feadh na mblianta Gaeilgeoirí ó dhúchas a bheith ag léamh na nuachta ar chláracha RTE. Stop siad é sin ar an gcúis gur cheap siad go mb'fhéidir go mb'fhearr daoine go raibh an Ghaeilge foghlamtha acu agus go dtabharfadh sé uchtach do dhaoine a bhí ag éisteacht leo an Ghaeilge a fhoghlaim. Níl a fhios agam cé acu an polasaí is fearr ach ní dóigh liom gur ceart a rá muna bhfuil Gaeilge ó dhúcas ag duine nach ceart dó bheith ag múineadh i gcoláiste Gaeilge nó ar chúrsa Gaeilge. Tá sé riachtanach agus an-riachtanach go mbeadh Gaeilge na dteaghlach líofa agus ceart ach ní dóigh liom gur gá gur cainteoir ó dhúchas é.

Arís bhí an Teachta Wilson ag caint faoin mbord curaclaim agus tá focal ráite agam air sin. Maidir le ceisteanna Dála, ní ceart masla ná acusán a thabhairt agus bhí an Teachta O'Kennedy agus an Teachta Allen ag caint faoin rud céanna. Dúirt mé cheana go minic go bhfuil rud amháin ag cur isteach ar an Ghaeilge agus níl focal Gaeilge air, agus sin élitism. Tá daoine sa tír seo a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a chaitheann anuas ar dhaoine nach bhfuil acu ach an-beagán. Anois tá sé sin ag damnú ceisteanna Gaeilge. Is mór an trua é sin agus is ceart dúinn uchtacht a thabhairt do dhaoine agus misneach a chur iontu an méid Gaeilge atá acu a labhairt gan aon fhaitíos a bheith orthu go mbeifí ag gáire futhu má tá an ghramadach mí-cheart nó muna bhfuil leaganacha cainte acu de réir leabhar, mar a déarfá. Tá ciniciúlacht in aigne na ndaoine mar gheall air sin.

Dúirt Teachtaí nach raibh ach lá amháin Gaeilge sa Teach seo leis na blianta anuas, is é sin nuair a bhíonn Meastachán Roinn na Ghaeltachta á phlé. Tá sé sin ceart go leor; níl aon locht agam air sin ach amháin go mba cheart go mbeadh i bhfad níos mó Gaeilge á úsáid sa Teach seo. Inniu bhí deis againn díospóireacht a bheith againn as Gaeilge. Má bhí daoine sásta abhairt as Béarla bhí fáilte rompu agus ní raibh éinne ag iarraidh caitheamh anuas orthu toisc nach raibh siad ábalta an méid a bhí le rá acu a rá go hiomlán as Gaeilge nó fiú amháin muna mbeadh focal amháin le rá acu as Gaeilge.

(Cur isteach.)

Glacaim leis go bhfuil sé mar mholadh sa phlean ach sílim go mbeadh an-chuid caiteachais ag baint leis. D'fhéadfaí saoráidí a chur ar fáil saor go leor ó thaobh teicneolaíochta de ach is é an rud a tharlaíonn in a dhiaidh sin, sin an aít a bhfuil an caitheachas. Ní haon mhaith seirbhís a bhunú mura bhfuil tú in ann seirbhís cheart a chur ar fáil.

Arís, bhí an Teachta Coughlan ag caint faoi theilefís agus faoi raidió agus faoi shuim an aosa óig agus muintir na meánscoileanna.

Thiocfainn leis go hiomlán nach féidir Gaeilge a bhrú ar an aos óg. Caithfimid dea-shampla a thabhairt agus sin é an fáth go bhfuilimid anseo inniu ag caint ar bhunú Comhchoiste. Má taimid anseo sásta Gaeilge a labhairt go nadúrtha, isteach is amach le Béarla, féachfar chuige sin mar dea-shampla agus rachaidh sé chun tairbhe don teanga.

Mar fhocal scoir ba mhaith liom a rá nár cheart go nglacfaí mar chomhairle eadóchais go bhfuil a leithéid de Chomhchoiste á bhunú. Is comhartha dóchais é. Tá an dóchas againn an Ghaeilge a bheith againn. Tá sé de dhualgas orainn úsáid na Gaeilge a leathnú agus ní dóigh liom go bhfuil áit níos fearr chun é sin a dhéanamh ar son mhuintir na tíre seo, ar son aos óg na tíre go háirithe, ná sa Teach seo. Tá mé cinnte gurb é sin an toradh a bheas ar an gComhchoiste agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leat, a Cheann Comhairle, agus leis an bhFhreasúra as ucht na tacaíochta a thug siad dom inniu sa tairiscint a chur mé os comhair an Tí.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Top
Share