Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Dec 1984

Vol. 354 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Céanna na n-Oileán.

18. D'fhiafraigh

den Aire Iascaigh agus Foraoiseachta an mbeadh sé sásta mionscrúdú a dhéanamh ar chúrsaí céanna sna hoileáin thart ar an gcósta; agus an mbeadh sé toilteanach scéim iomlán a réiteach le feabhas a chur ar na céanna ar fad do mhuintir na noileán.

Tá cúram mo Roinnse maidir le oibreacha cuain teoraithe do oibreacha go bhfuil géar-ghá leo ó thaobh feabhas na hiascaireachta de.

Rinneadh suirbhéireacht forleathan ar na poirt iascaigh go léir agus na hionaid díluchtaithe mór-thimpeall an chósta maraon leis na hoileáin. Fóirne suirbhéireacta idir-ranna a rinne an suirbhéireacht sin. Is é mo thuairim nach gá, ag an am seo, aon suirbhéireacht eile a dhéanamh ó thaobh na hiascaireachta de ach dár ndóigh, bheadh mo Roinnse sásta comhairle a thabhairt ó thaobh aon ghné den iascaireacht de maidir le aon tógra bhaineann le port oileáin nó ionad díluchtaithe éisc.

An n-aontóidh an tAire go bhfuil an tslat tomhais atá á úsáid maidir le céanna a chur ar fáil do mhuintir na n-oileán ró-ghéar, mar go minic i leith na n-oileán seo níl aon bhealach eile chun dul isteach nó amach. Dá bhrí sin an n-athróidh an tAire an tslat tomhais le deis a thabhairt ar airgead a chaitheamh ar chéanna do mhuintir na n-oileán.

Glacaim leis sin. An fhadhb is mó a fheicimse ná, nuair a déantar suirbhé ar fhorbairt chuan oileáin cuir i gcás, go gcuirtear costas anard leis, is é sin, na moltaí a thagann ó Oifig na nOibreacha Poiblí go ndéantar job an-mhór de, rud nach gá in a lán cásanna, go mb'fhéidir go bhféadfaí job i bhfad níos lú a dhéanamh ar chostais níos ísle. Níl an t-airgead ann leis na jobanna móra seo a dhéanamh agus ní usáidfí an áis mhór seo ar aon nós. Glacaim leis go mba cheart breathnú orthu arís más féidir agus áiseanna níos lú nach mbeadh chomh costasach a chur ar fáil.

An n-aontóidh an tAire gurb é an deacracht mór ag an muintir seo ná nach bhfuil siad in ann a gcuid bád a choinneáil sna hoileáin. Níl an t-aos óg sásta cur suas leis an sclábhaíocht a d'fhulaing a muintir rompu. Tá siad ag fagáil na n-oileán go scioptha agus muna gcuirtear feabhas ar an scéal go luath ní bheidh duine ar bith fágtha ar na hoileáin.

Glacaim go hiomlán nach bhfuil an t-aos óg sásta cur suas leis an chruatan a chuir a muintir suas leis. Tá sé sin fíor maidir le chuile áit sa tír ní amháin na hoileáin. Inné bhí mé ag caint le muintir na n-oileán agus tuigim na fadhbanna a bhaineann le saol na n-oileán. Níl suimeanna móra airgid againn agus muna gcuirtear áiseanna de shaghas éigin ar fáil do dhaoine a bhfuil báid acu ar na hoileáin fágfaidh siad na hoileáin agus tiocfaidh siad go dtí an mhórthír agus beidh deireadh le saol na n-oileán ansin. Ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin. Tá laghdú ag teacht ar an ráta ag a bhfuil daoine ag fágáil na n-oileán.

Ó thaobh an EC de, an mbeadh an EC sásta tacaíocht a thabhairt don Rialtas airgead a chaitheamh ar chéanna den chineál sin.

Chomh fada agus is eol dom tá moltaí faoi láthair ag dul os comhair Pharlaimint na hEorpa agus dá mbeadh dea-thoradh air sin bheadh cuid de na costais ag teacht ón Choiste Réigiúnach, ach níl an moladh sin curtha os comhair na parlaiminte. Tig leis an Teachta a bheith cinnte go mbeidh mé ag breathnú air sin go han-áireach agus ag fanacht go bhfeicimid céard a tharlós nuair a thiocfaidh an moladh seo os comhair Parlaimint na hEorpa.

Luaigh an tAire suirbhé a rinneadh ar céanna na n-oileán ar fud an chósta. Níor luaigh sé an data a tógadh an suirbhé sin. An bhfuil sé ag caint faoi shean suirbhé nó suirbhé nua a rinneadh?

Sean suirbhé.

An ceann a bhí ag Michael Pat Murphy fadó?

Níl a fhios agam.

An nglacfadh an tAire go bhfuil gá le céanna ar na hoileáin, ní amháin le haghaidh iascaireachta ach le haghaidh chóras farantóireachta agus phaisinéar ag dul i dtír, agus go bhfuil saol na n-oileán seo ag braith ar na céanna? An nglacfaidh sé go bhfuil sé deacair ar na hoileánaigh geallúint a fháil ó aon Roinn Stáit faoi thógáil nua nó fheabhsúcháin de bharr go bhfuil orthu plé le Ranna Stáit éagsúla agus go bhfuil an tAire Iascaireachta ag rá nach bhfuil aon chúram aige ach amháin freastal ar bháid iascaireachta, nach bhfuil fáthanna eile go mba chóir don Rialtas cabhrú leis na hoileánaigh na ceánna seo a fheabhsú? An nglacfaidh an tAire uaimse go mbeadh sé níos sásúla dá mbeadh na hoileánaigh in ann labhairt do choiste den Rialtas a mbeadh cúram orthu in ionad bheith ag dul ó Roinn Stáit amháin go Roinn Stáit eile ag iarraidh feabhas ar na céanna seo?

Ón méid á dúirt an Teachta b'fhéidir go dtuigfí nach bhfuil tada á dhéanamh ar son na n-oileán. Chomh fada agus a bhaineann leis na hoileáin Gaeltachta, tá a gcúram ormsa, agus go deimhin tá áiseanna á gcur ar fáil agus curtha ar fáil dóibh agamsa agus ag daoine a chuaigh romham. Tá áis farantóireachta, cuir i gcás ag Oileán Cléire, ag Oileán Árainn agus ag Arann Mhór. Tá áiseanna cé agus áiseanna bád ansin. Maidir leis an méid a dúirt sé faoi a lán Ranna a bhfuil baint acu le forbairt na n-oiléan agus maidir leis na háiseanna atá á gcur ar fáil tá sé sin fíor, ach is cuma céard a dheineann tú, dá mbeadh, fiú amháin, Aire Oileán ann, ní fhéadfadh seisean an fhorbairt seo a dhéanamh gan dul ar ais chuig Ranna eile, mar is acu siúd atá na daoine leis na hoibreacha a chur i bhfeidhm. Chuir an Teachta Molloy iontas orm, fear a bhfuil taithí aige ar an Teach seo agus ar Ranna Stáit, mar iar-Aire, ag rá dá mbeadh coiste le déileáil leis go mbeadh chuile rud déanta. Ní féidir é sin a dhéanamh gan teangmháil agus gan tagairt do Ranna Stáit eile a bhfuil cúramaí faoi leith orthu. Cuir i gcás córas uisce séarachais san Roinn Comhshaoil, an bhfuil an Teachta ag rá go mba cheart coiste a chur ar bun agus na cumhachtaí iomlána atá scaipthe thart ar fud Ranna faoi láthair a chur isteach sa choiste sin agus ligint dóibh an job a dhéanamh? Má tá sé sin á mholadh cén chaoi is féidir é a dhéanamh?

(Cur Isteach.)

An bhfuil a fhios ag an Aire nach féidir tionscal iascaireachta a chur ar aghaidh san dá oileán sin de bharr easpa céanna? Níl aon áit le báid a choinneáil iontu. Tá muintir na n-oileán sin ag baint úsáid as curacha, báid chanbhás faoi mar a bhí na seandaoine ag baint úsáid astu na céadta bliain ó shin. Níl aon dul chun cinn ann. An n-aontóidh an tAire go bhfuil gá le cé ceart san dá oileán sin chun cabhrú le tionscal na hiascaireachta agus le córas farantóireachta?

Aontaím go hiomlán go bhfuil gá le cé san dá oileán a luaigh an Teachta mar go bhfuil ar na daoine ansin úsáid a bhaint as churacha. Ach tá a fhios ag an Teachta — agus ní theastaíonn uaim a bheith polaitiúil faoi seo — go bhfuil curacha á n-úsaid ar na hoileáin sin le dhá chéad bliain nó níos faide siar. Dá mbeadh an t-airgead agam ar maidin leis an job seo a dhéanamh ba mhaith liom é a dhéanamh. Ach níl an t-airgead agam.

(Cur isteach.)

Tá 30 ceisteanna nó mar sin san Ghaeilge. I think it would be better to answer most of the questions in the mother tongue rather than two or three because they will be all going for written reply tomorrow.

An bhfuil athrú polasaí san Roinn maidir le deontas caipitil atá le cur ar fáil le haghaidh infheistiú le céanna nua sa Ghaeltacht? De réir freagra a fuaramar ón Aire Stáit ag deireadh na seachtaine cuir sé in iúl dúinn go bhfuil athrú polasaí ansin anois agus go bhfuil ardú 25 faoin gcéad ón Roinn Foraoiseachta agus an chuid eile de faighte ón chomhairle chontae. An bhfuil an tAire ag rá inniu nach bhfuil gá don chomhairle chontae airgead ar bith a chur ar fáil le haghaidh deisiú agus céanna nua a chur ar fáil sa Ghaeltacht?

Níor luaigh mé comhairle chontae. Tá sé de dhualgas ar chomhairlí contae coireáil a chur ar siúl do chéanna ina gcontae féin. Sin rud go bhfuil a fhios ag chuile Theachta faoi.

Top
Share