d'Aire na Gaeltachta an eol dó go bhfuil fianaise ann go bhfuil labhairt na Gaeilge á trochlú i gcuid de na Gaeltachtaí móra agus an bhfuil aon phlean leagtha amach ag an Rialtas le cúrsaí a fheabhsú.
Written Answers. - Labhairt na Gaeilge.
Is eol dom faraor go bhfuil lagú ag teacht ar an nGaeilge mar theanga phobail i gceantair áirithe Ghaeltachta. Déantar moltaí sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 chun an lagú sin a shrianadh ach caithfear a aithint go mbeidh gá le comhoibriú iomlán ó phobal na Gaeltachta agus ó na heagrais agus na hinstitiúidí uile a mbíonn baint acu leis an nGaeltacht.
Beidh deis ag Teachtaí moltaí a dhéanamh maidir le cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne nuair a bhunófar Comhchoiste Oireachtais don Gaeilge mar atá beartaithe.
26. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta cén líon airgid a íocadh le hiarratasóirí i nGaeltacht Chonamara faoi Scéim Spreagtha na Gaeilge i ngach bliain ó cuireadh an scéim ar bun.
Is iad na híocaíochtaí atá déanta faoi Scéim Spreagtha na Gaeilge le hiarratasóirí i nGaeltacht na Gaillimhe ná £3,200 i 1981, £4,000 i 1982, £5,400 i 1983 agus £3,200 go dtí seo i 1984.