Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Jan 1985

Vol. 355 No. 4

Written Answers. - Deontas Tithíochta.

408. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth nár íocadh deontas tithíochta le teaghlach (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe.

Tá curtha in iúl don iarratasóir sin nach bhféadfadh mo Roinnse deontas a cheadú dó ó tharla nach rabhthas sásta go raibh coinníollacha reachtúla faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) á gcomhlíonadh ina chás.

Top
Share