Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Feb 1985

Vol. 355 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Céibh i gContae Mhaigh Eo.

15. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon airgead sna Meastacháin le feabhas a chur ar ché an Fhóid Dhuibh i mbliana.

Ba mhaith liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé mar Aire Iascaigh agus Foraoiseachta ar 12 Nollaig 1984 ar Cheist Dála uaidh faoin gcé sin. Má shocraítear ar dhul ar aghaidh le malairt scéime faoi mar a luadh san fhreagra sin tiocfar ar chinneadh maidir lena hairgeadú.

Maidir le caiteachas, cén uair a bheas an t-eolas aige agus an bhfuil a fhios aige cé mhéid a bheidh sé in ann a chaitheamh má ta an t-eolas fábharach?

Beidh an t-eolas agam, tá súil agam, faoi dheireadh na míosa seo agus maidir leis an chaiteachas iomlán, tá £2.7 milliún agam le caitheamh i mbliana anois. Nil sé réitithe go baileach ag an bpointe seo cén chaoi a shocrófar nó a ndáilfear an t-airgead sin.

Caithfear súil ghéar a choinneáil ar mhuintir Mhaigheo.

Caithfear súil ghéar a choinneáil orthu. Beidh tuairisc agam air sin, tá súil agam faoi dheireadh na míosa seo.

An féidir liom a thuiscint ó fhreagra an Aire mbeidh scair den airgead sin le fáil chun feabhas a chur ar an gcé seo má bhíonn an t-eolas ag an Aire i mbliana.

Ní ceart go dtógfadh an Teachta go mbeidh sé le fáil. Níl á rá agam ag an bpointe seo ach go bhfuil an tógra sin ar cheann de na tógraí atá á bplé faoi láthair i gcomhthéacs an iomláin mar a déarfá.

Top
Share