Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Feb 1985

Vol. 355 No. 10

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Arranmore (County Donegal) Ferry.

27.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will now instruct the Commissioners of Public Works to provide an extra bollard at the new landing slip at Arranmore Island, County Donegal, to facilitate the landing of the ferry during periods of heavy seas.

Is le fíordhéanaí a fuarthas cead chun airgead a chaitheamh ar an mullard breise sin agus tá iarrtha ar Oifig na nOibreacha Poiblí anois tabhairt faoin obair a luaithe is féidir.

An bhfuil a fhios ag an Aire cén uair a bheidh an job seo críochnaithe agus muna bhfuil an t-eolas sin aige an gcuirfidh sé brú ar Oifig na nOibreacha Poiblí os rud é nach raibh an bád farantóireachta ábalta dul isteach agus amach go leor laethanta i rith an gheimhridh toisc nach raibh an mullard sin ann.

Tá súil agam go dtosnóidh sé go luath. Ní fheicim aon deacracht ann.

An bhféadfadh an tAire a chur in iúl cad é meastachán na hoibre seo an mullard breise a chur ar fáil.

£5,000, agus sin caiteachas iomlán de £543,000 ó thaobh Árainn Mhór de agus ó thaobh Ailt an Chorráin de maidir leis an bád farantóireachta.

28.

asked the Minister for the Gaeltacht the number employed in (a) factories owned by Údarás na Gaeltachta; and (b) factories assisted by Údarás na Gaeltachta for each year from 1977 to 1984.

Tá an t-eolas sin ar fáil do na blianta 1977 go 1983 i dtuarascálacha bliantúla Údarás na Gaeltachta. Foilseofar an t-eolas do 1984 i dtuarascáil na bliana sin.

An féidir leis an Aire a chur in iúl an méid postanna a cuireadh ar fáil sa bhliain 1984?

Ní féidir ar an bpointe seo, ach bhí 1,757 fostaithe ag obair i 1983 agus táimid ag súil le méadú, a bheag nó a mhór, ar an uimhir sin.

Top
Share