Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Feb 1985

Vol. 356 No. 5

Financial Resolutions, 1985. - Financial Resolution No. 9: General (Resumed).

Debate resumed on the following motion:
That it is expedient to amend the law relating to customs and inland revenue (including excise) and to make further provision in connection with finance.
—(Minister for Finance.)

Deputy Denis Gallagher has 59 minutes.

Bhí cúpla nóiméad agam inné agus is cosúil go mbeidh cúpla nóiméad anois agam roimh am lóin leis na cúpla focal atá le rá agam a chur os comhair an Tí. Bhí mé ag caint go ginearálta ar an cháinaisnéis agus an tionchar a bheas aige ar shaol na tíre sa bhliain atá romhainn. Nuair a déantar mion-scrúdú ar an cháinaisnéis féin tá sé soiléir gur beag maitheas atá ann do shaol eacnamaíochta na tíre ná don phríomh chuspóir a ba cheart a bheith ag Rialtas san am atá i láthair, is é sin le fostaíocht a chur ar fáil don aos óg. Tá sé aontaithe anois ag, fiú amháin, an Rialtas féin nach bhfuil go leor á dhéanamh ag an cháinaisnéis seo le cuidiú le postanna a chur ar fáil don aos óg. Beidh me ag caint faoi na cúrsaí sin níos moille. Anois déanfaidh mé tagairt don rannóg a bhfuil sé de chúram orm féin labhairt faoi thar ceann Fhianna Fáil, is é sin Roinn na Gaeltachta.

Ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht tá sé soiléir nach bhfuil aird dá laghad acu ar fhorbairt na Gaeltachta nó ar chúr-saí sa Ghaeltacht go hiomlán. Ní raibh an tAire atá ann i láthair na huaire i bhfad sa Teach seo gur thosaigh sé conspóid leis an phríomh fheidhmeannach a bhí i mbun an Údaráis ag an am agus tá tionchar na conspóide sin le feiceáil go fóill in obair an Údaráis. Nuair a bhí na toghcháin don Údarás thart shíl daoine ag an am go gcuirfeadh an tAire deireadh leis an gconspóid agus go gcuirfeadh sé isteach baill úra, baill a bheadh seasmhach agus go scaoilfeadh sé na baill shealadacha a thogh sé nuair a bhí an conspóid ar siúl leis an bpríomh fheidhmeannach a fuair an sac. Ach ní tharla sé sin agus, fiú amháin, an chéad chruinniú a bhí ag an Údarás úr bhí raic ann, bhí leanúint ar aghaidh leis an chonspóid a chuir an tAire seo tús leis nuair a tháining an Rialtas seo i gcumhacht. Dá bhrí sin tá easpa muiníne ar mhuintir na Gaeltachta féin maidir leis an obair a bheas le déanamh ag an Údarás ó tharla go bhfuil sé le tuiscint ón chaoi ina bhfuil an tAire ag pléle cúrsaí nach bhfuil dáiríreacht ná suim ar bith aige san obair atá ar siúl ag an Údarás féin.

Tá laghdú san airgead atá curtha ar fail don Údarás. Tá deontais le haghaidh bhóithre áise — deontais a bhi le fáil ag muintir na Gaeltachta le fada an lá —caite amach i mbliana.

Debate adjourned.
Sitting suspended at 1.30 p.m. and resumed at 2.30 p.m.
Top
Share