Tairgim:
Go ndeonófar suim nach mó ná £13,961,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
Tá beagnach £19 milliún á chur ar fáil i mbliana do Roinn na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta lena chaitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Anuas ar an tsuim £13,961,000 atá i Leabhar na Meastachán tá soláthar £4,840,000 á chur ar fáil ó fhoinsí eile: airleacan a íoctar díreach as an Státchiste leis an Údarás; £4,750,000 atá i gceist i mbliana; agus iasachtaí as Ciste na nIasachtaí Áitiúla a cheadaíonn mo Roinnse do thithe sa Ghaeltacht; £90,000 atá údaraithe don bhliain reatha.
Is iad na príomhshuimeanna a bhfuil cur síos orthu i Leabhar na Meastachán ná: £900,000 do dheontais tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht); £1,615,000 do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht: áirítear £825,000 den tsuim sin mar chaiteachas caipitil d'fhonn bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt; £1,472,000 do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha ar a n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, nuachtán agus irisí Gaeilge; £2,014,000 do Chiste na Gaeilge as a dtugtar deontais do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais dheonacha Ghaeilge; £7,017,000 d'Udarás na Gaeltachta idir caiteachas reatha agus caiteachas caipitil ar dheontais: chomh maith leis an airleacan a luaigh mé tugann sé sin iomlán an chúnaimh ón Stát don Údarás go £11,767,000.
Tá áthas orm a rá go bhfuil méadú, cé gur méadú beag é, sa soláthar i mbliana i gcomparáid le Meastachán agus caiteachas na bliana anuraidh. Ní gá dom a rá go mb'fhearr liomsa dá mbeadh ar chumas an Rialtais cuid mhaith airgid níos mó a chur ar fáil don obair, a bhfuil tábhacht náisiúnta léi, atá ar siúl ag mo Roinnse agus ag an dá chomhlacht reachtúla atá faoina cúram. Is deimhin liom, áfach, go bhféadfar dul chun cinn sásúil a dhéanamh ach an t-airgead a chaitheamh ar bhonn cúramach, tuisceanach, stuama.
Is maith liom bheith in ann a rá go bhfuil méadú tagtha in aghaidh na bliana, le cúpla bliain anuas, ar an líon daoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta/Gaeltarra Éireann. Admhaím gur méaduithe beaga a bhí i gceist, i.e., 133 phost bhreise ag deireadh 1982, 117 bpost breise ag deireadh 1983 agus timpeall 140 post breise ag deireadh 1984 ach, mar sin féin, is dul chun cinn sásúil é sin ag féachaint do na constaicí móra a bhíonn le sárú ag an Údarás d'fhonn tionscnaimh fhiúntacha a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. Bhí suas le 4,400 duine fostaithe go lánaimseartha an 31 Nollaig 1984 i dtionscail faoi scáth an Údaráis i gcomparáid le 4,261 dhuine ag deireadh na bliana 1983.
Tá a fhios againn go léir go mbíonn na ceantair Ghaeltachta faoi mhí-bhuntáiste san iomaíocht le heagraíochtaí eile Stáit chun tionscail oiriúnacha a aimsiú a chuirfeadh fostaíocht bhreise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Ní chuidíonn iargúltacht na gceantar sin leis an Údarás ina gcuid iarrachtaí agus ina theannta sin tagann drochthionchar nach beag as easpa áiseanna sa Ghaeltacht ó thaobh an bhunstruchtúir de.
Ar ndóigh níl feidhmeanna an Údaráis teoranta d'fhorbairt thionsclaíochta agus eacnamaíochta amháin. Bíonn baint thábhachtach aige le saol sóisialta agus cultúrtha mhuintir na Gaeltachta chomh maith. Tráthnóna beidh na duaiseanna á mbronnadh agam ar bhuaiteorí na bliana 1984 sa scéim forbartha pobal. Is é príomhaidhm na scéime sin ná pobail Ghaeltachta a spreagadh, trí féinmheas agus féinmhuinín a chothú iontu, chun tabhairt faoi fhorbairt a gceantar dúchais féin agus chun struchtúir áitiúla a bhunú faoina bhféadfar aidhmeanna pobail a chur chun cinn. Is cinnte go bhfuil ag éirí go maith leis an gcomórtas sin. Chomh maith leis sin bíonn cúnamh ar fáil ón Údarás do naíscoileanna lán-Ghaeilge, d'ógchlubanna, agus le cainteoirí dúchais Gaeilge a oiliúint le go mbeidh siad ar fáil ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta.
Is é an aidhm atá agam mar Aire na Gaeltachta ná go mbeidh an tÚdarás ag gníomhú ar an mbealach is éifeachtaí agus is eacnamúla is féidir chun a chuid dualgas a chomhlíonadh agus a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích. Faoi mar is eol don Teach tá scrúdú á dhéanamh ag Comhchoiste den Oireachtas ar obair an Údaráis agus beidh mé ag súil le moltaí fiúntacha ón gComhchoiste sin a luaithe is féidir. Nuair a cheap mé seisear comhalta don Údarás le déanaí go dtí 31 Nollaig 1985 luaigh mé go raibh scrúdú á dhéanamh agam féin freisin ar fheidhmeanna agus ar obair an Údaráis. Tá súil agam go gcabhróidh tuarascáil an Chomhchoiste liom san obair sin.
Mar is léir ó dhíospóireachtaí sa Teach seo le blianta anuas, ní gach duine a ghlacann leis go bhfuil struchtúir agus modhanna oibre an Udaráis gan locht. Is dócha go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi aon eagras eile. Ag an am céanna ní ceart an chluas bhodhar a thabhairt do na tuairimí sin. Tá an tÚdarás i mbun oibre ón mbliain 1980. Ba choincheap nua é ag an am sa mhéid go raibh idir chomhaltaí tofa agus chomhaltaí ainmnithe ar an mbord. Mar sin, tá sé in am breathnú siar ar thorthaí a chuid oibre agus breathnú ar aghaidh féachaint an féidir éifeachtúlacht an eagrais a fheabhsú ar bhealach a rachaidh chun leasa mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeltachta féin. Tógfaidh sé tamall an scrúdú seo a dhéanamh agus san idirlinn tá an tÚdárás féin ag déanamh staidéir ar na spriocanna éagsúla atá le baint amach aige agus ar a mhodhanna oibre chun deimhin a dhéanamh de go mbainfear an leas is fearr as an airgead atá ar fáil.
Leis an £11,767,000 atá curtha ar fáil ag an Rialtas don eagraíocht lena chaitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an teacht isteach a bhíonn aige ó fhoinsí eile, mar shampla ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus ó FEOGA is deimhin liom go mbeidh ar chumas an Údaráis dul chun cinn maith a dhéanamh i mbliana.
Le déanaí d'fhógair mé méadú sa deontas do thithe nua sa Ghaeltacht. Ó 1 Bealtaine 1985 amach is uasdeontas £3,000 atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun teach nua a thógáil — £4,500 ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta — ar choinníollacha áirithe faoi mar a léiríodh i bhfógraí sna nuachtáin coicís ó shin.
Tá sárobair déanta faoi na hAchtanna sin ón uair a tugadh Acht na dTithe (Gaeltacht) isteach ar dtús sa bhliain 1929 agus dá chomhartha sin tá slacht thar an gcoiteann ar thithe na Gaeltachta. Críochnaíodh 271 theach nua anuraidh le cabhair deontais ó mo Roinnse, mar aon le 1,091 chás eile a bhain le hoibreacha feabhsúcháin, seomraí folctha, saoráidí sláintíochta agus mar sin de. Tá dóchas láidir agam go gcuirfidh an méadú seo sna deontais tógála borradh nua faoin tionscal tógála sa Ghaeltacht agus go mbeidh a thairbhe le feiceáil i dtionscal na turasóireachta sa cheantar agus i saol eacnamaíoch na Gaeltachta i gcoitinne.
Tá tionchar tábhachtach ar fhorbairt na Gaeltachta ag na scéimeanna feabhsúcháin mar go gcabhraíonn siad le feabhas a chur ar bhunstruchtúr na Gaeltachta trí scéimeanna uisce agus séarachais a chur i gcrích, saoráidí calaíochta a fheabhsú agus mar sin de. Tugtar cúnamh freisin chun hallaí pobail a thóg áil agus a chóiriú agus áiseanna chaitheamh aimsire ar nós páirceanna peile, pinniúir liathróid láimhe, cúirteanna leadóige agus cispheile a sholáthar rud a chuireann, ar ndóigh, leis na saoráidí sóisialacha sa Ghaeltacht.
Tá áthas orm go bhfuil soláthar na bliana seo £1,615,000 níos mó ná an soláthar le dhá bhliain anuas agus tá súil agam go mbeidh tairbhe dá réir le gnóthú ag an nGaeltacht as.
Creidim féin gur cóir go mbeadh tionchar an-mhór ag comharchumann áitiúil i bhforbairt iomlán a cheantair feidhme —forbairt eacnamaíoch agus shóisialach chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir dúchais. Ní mór, áfach, do chomharchumann i gceantar ar bith bheith ag feidhmiú go héifeachtach. Ba léir ó thuarascáil a fuair mé ó Choiste Idir-Rannúil ag druidim le deireadh na bliana 1983 go raibh roinnt de na comharchumainn Ghaeltachta nach raibh á reachtáil go lánéifeachtach agus go raibh, dá bharr sin, deacrachtaí móra airgeadais acu. D'éirigh liom airgead speisialta a chur ar fáil deireadh na bliana 1983 agus i rith na bliana 1984 mar chuid de phacáiste tarrthála do roinnt comharchumann d'fhonn an iarracht dheiridh a dhéanamh lena gcur ar a gcosa agus tá áthas orm gur cosúil gur éirigh le cuid acu dul chun cinn nach beag a dhéanamh leis an gcúnamh speisialta sin. Ba ghné thábhachtach de na pacáistí tarrthála sin an bhéim a leagadh ar an gcionúireacht den chúnamh a bheadh le bailiú mar scaireanna breise ag gach comharchumann a fuair cúnamh. Tá moladh nach beag ag dul do choistí ar éirigh leo an scairchaipiteal a mhéadú ar an mbealach sin. Léiríonn sé sin go mbíonn fonn ar mhuintir na Gaeltachta tacú lena gcomharchumainn ar mhaithe lena gceantair dhúchais féin agus is cúis sásaimh ar leith é sin domsa agus do mo Roinn.
Is maith liom go raibh ar mo chumas an deontas reachtála do na comharchumainn a mhéadú i mbliana d'ainneoin na géarchéime airgeadais. Is maith mar a aithním cé chomh tábhachtach is atá an deontas sin do na comharchumainn. Aithním freisin, ar ndóigh, nach mbeidh rith an ráis le haon chomharchumann mura mbeidh lántacaíocht le fáil aige ó mhuintir a cheantair fheidhme agus dá bharr sin tá dualgas leagtha agam ar na comharchumainn suim áirithe mar scaireanna breise a bhailiú d'fhonn an méadú sa deontas reachtála a thuilleamh. Is le tacaíocht leanúnach sa bhealach sin ó mhuintir an cheantair i gceist is fearr a bheifear in ann dul chun cinn a dhéanamh.
Íoctar deontas díreach le mná tí sa Ghaeltacht, faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, mar chabhair dóibh chun foghlaimeoirí aitheanta Gaeilge a choimeád ar iostas ina dtithe. Tugtar deis do na daltaí teacht isteach ar bhlas agus líofacht nádúrtha na Gaeilge trína gcaidreamh le muintir na Gaeltachta. D'fhreastail suas le 14,500 dalta ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht anuraidh.
D'fhógair mé roimh Nollaig go bhfuil an deontas faoin scéim méadaithe ó £2.50 go dtí £3 in aghaidh an lae i mbliana agus is eol dom gur chuir, ní amháin mná tí na Gaeltachta, ach tuismitheoirí na ndaltaí freisin, fáilte roimh an méadú sin. Ar ndóigh níl sa deontas a íocann mo Roinnse ach cuid den teacht isteach a bhíonn ag na mná tí as na daltaí; bíonn an chuid eile le fáil ó lucht na gcoláistí Gaeilge a ghearrann táillí cuí ar na tuismitheoirí. Is mian liomsa go mbeadh luach saothair maith ag na mná tí agus tá súil agam go bhféachfaidh lucht na gcoláistí chuige sin. Is maith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a ghabháil leis na mná tí sa Ghaeltacht a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge. Tá sár-obair á déanamh acu ar mhaithe leis an nGaeilge agus muid go mór faoi chomaoin acu.
D'iarrfainn ar údaráis na gcoláistí Gaeilge féachaint chuige — sa mhéid nach ndéantar é sin anois — gurb í an Ghaeilge amháin a bheidh á cleachtadh ag na daltaí fad a bheidh siad sa Ghaeltacht.
Dealraíonn sé go bhfuil ag éirí go maith le Anois atá á fhoilsiú ó thús Mheán Fómhair seo caite. Is rud fíorthábhachtach é go mbeadh nuachtán tarraingteach Gaeilge ar fáil agus éileamh maith air ón bpobal. Tá airgead nach beag á chur ar fáil ag mo Roinnse don nuachtán sin agus tá súil agam go ndéanfar gach dícheall lena dheimhniú go mbeidh réimse leathan léitheoirí aige laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
Tugann mo Roinnse cúnamh freisin do thréimhseacháin áirithe Ghaeilge —Comhar, Feasta, Deirdre, An tUltach, Agus, An Sagart, Mahogany Gaspipe, An Gael Óg, Tír na nÓg agus An Timire.
Tá dhá bhliain imithe anois ó cuireadh an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge i láthair an phobail. Léiríonn an tuarascáil a d'ullmhaigh an bord faoin dul chun cinn a rinneadh sa chéad bhliain den phlean, agus a leagadh faoi bhráid na Dála i mí na Samhna seo caite, gur baineadh amach cuid mhaith de na spriocanna a sonraíodh don bhliain sin. Ba léir, áfach, nár éirigh le Ranna agus comhlachtaí áirithe Stáit a gcion féin a dhéanamh i ndáil leis na spriocanna teoranta a sonraíodh dóibh. Tá sé tábhachtach go mbeadh socruithe sásúla i bhfeidhm san earnáil phoiblí, ar a n-áirítear Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus a leithéidí, chun seirbhísí de chineálacha éagsúla a sholáthar i nGaeilge dóibh siúd a bheadh á n-iarraidh agus go mbeadh sé soiléir dóibh go bhféadfaí na seirbhísí sin a lorg gan scáth gan eagla agus gur le fonn agus le fáilte a chuirfí ar fáil iad. Tá imní orm nach bhfuil freastal trí Ghaeilge chomh sásúil anois agus ba chóir dó a bheith. Tá an scéal níos measa fós i gcás na Gaeltachta. Mura bhfeictear do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil oifigigh de chuid an Stáit dáiríre faoin nGaeilge agus go bhfuil meas acu uirthi is beag fonn a bheidh orthu a dteanga dhúchais a úsáid agus a chaomhnú. Is den riachtanas é mar sin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an teanga a úsáid a bheidh fostaithe ag Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit agus údaráis áitiúla i bpoist a bhaineann go díreach leis an nGaeltacht.
Léirigh daonáireamh na bliana 1981 go raibh sé le maíomh ag 31.6 faoin gcéad den daonra go raibh labhairt na Gaeilge acu i gcomparáid le 28.3 faoin gcéad sa bhliain 1971. Cé nach bhféadfaí glacadh leis gur cainteoirí líofa iad sin uile is mór an rud é gur chúis mórtais dóibh a gcumas sa teanga: is mithid teacht i dtír ar an gcumas sin. Tá béim ar leith curtha sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge ar thábhacht na teilifíse i gcur chun cinn na teanga. Ní gá domsa mórán a rá faoi thionchar na teilifíse ar shaol an phobail i gcoitinne agus tá súil agam go ndéanfar gach iarracht chun freastal níos sásúla á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí tríd an meán sin.
Cúis áthais dom, ar ndóigh, an leathnú a rinneadh le déanaí ar uaireanta craolta Raidió na Gaeltachta. Tá sárobair déanta ag Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh é sa bhliain 1972 ar mhaithe le leathadh na Gaeilge — ní amháin sa Ghaeltacht féin ach ar fud na tíre ar fad. Tá dóchas láidir agam gur mó fós a dhéanfar leis na huaireanta craolta breise atá ceadaithe anois.
Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge. Bhí plé fada againn anseo sa Dáil i mí na Samhna seo caite nuair a mhol mé tairiscint chun Comhchoiste Oireachtais don Ghaeilge a bhunú agus glacadh leis an tairiscint sin d'aonghuth. Mí roimhe sin ghlac an Seanad le tairiscint a bhí ar aon dul léi d'aonghuth. Is é an gnó atá ceaptha don Chomhchoiste ná athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh ó am go ham i dtaobh:
(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus
(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.
Is ar éigean gur ghá a mhíniú don Teach an tionchar is féidir a bheith ag ionadaithe poiblí ar shaol na tíre agus ar mheon na ndaoine. Is eol do Theachtaí freisin an tábhacht thar cuimse a bhaineann leis an dea-shampla agus an treoir cheart nuair a bhíonn gá leo. Is cinnte go bhféadfadh Teachtaí Dála agus Seanadóirí cur go mór leis na hiarrachtaí atá a ndéanamh ar mhaithe leis an teanga tríd an dea-shampla a thabharfaí dá mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid in imeachtaí agus in obair na Dála agus an tSeanaid. Is cuid bhunúsach é d'aon bheartas Stáit i leith na teanga an chinnireacht a thabharfadh daoine sa saol poiblí agus an tslí ina mbeidís chun tosaigh go follasach sna hiarrachtaí a bhíonn ar siúl. An sampla a thabharfadh ionadaithe Thithe an Oireachtais go speisialta bheadh an-éifeacht aige le daoine a mhealladh ar thaobh na teanga. Is dá bharr sin atá sé leagtha síos i dtéarmaí tagartha an Chomhchoiste go ndíreofaí ar shlite a aimsiú chun úsáid na Gaeilge a leathadh ní amháin in imeachtaí foirmiúla an Tí seo agus an tSeanaid ach i dtimpeallacht an dá Theach freisin.
Le fíordhéanaí ainmníodh seachtar Teachta Dála agus ceathrar Seanadóir mar chomhaltaí den Chomhchoiste agus tá muid réidh mar sin chun dul i mbun oibre. Táim cinnte go rachaidh gach comhalta den Chomhchoiste i mbun oibre le fonn agus le dúthracht agus go dtiocfaidh moltaí praiticiúla, rí-fhiúntach uathu gan aon ró-mhoill.
Cuirtear cúnamh Stáit ar fáil do Bhord na Gaeilge trí Chiste na Gaeilge agus is as an gciste sin freisin a íoctar deontais leis na heagrais dheonacha Ghaeilge — Bord na Leabhar Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge, an tOireachtas, Cumann na bhFiann, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharchlann Ghaoth Dobhair agus an Gael-Acadamh. Ceapaim gur féidir obair fhiúntach a dhéanamh leis an airgead atá ar fáil trí thógáil go stuama ar an mbá atá chomh follasach sin ag pobal na tíre le teanga a sinsear.
Is le muintir na hÉireann uile an Ghaeilge agus is fíor a rá go bhfuil formhór acu báúil léi. Tá obair mhór le déanamh fós, áfach, má táthar le húsáid na Gaeilge mar theanga bheo a leathadh go forleathan ar fud na tíre. Ba cheart go ndéanfadh gach duine an iarracht phearsanta leanunach chun an Ghaeilge a labhairt gach uair a mbíonn an deis sin ann. Tá sé mar nós sa tír seo, faraor, an milleán a chur ar an Rialtas, ar an gcóras oideachais nó ar institiúid éigin eile má bhíonn ag teip orainn an dul chun cinn a raibh súil leis a dhéanamh. Is eol dom, ar ndóigh, go bhfuil tacaíocht na ndreamanna sin uile agus tuilleadh nach iad de dhíth ach is é fírinne an scéil go bhféadfadh go leor daoine níos mó a dhéanamh ar bhonn pearsanta ach cur chuige.
Tá súil agam gur féidir brath orainne sa Teach seo chun an dea-shampla i ndáil le húsáid na Gaeilge a thabhairt do mhuintir na hÉireann agus iarraim ar an Teach glacadh leis an Meastachán seo mar chabhair chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn.