asked the Minister for the Gaeltacht the names of the members of each non-statutory body or committee under the aegis of his Department established since January 1 1980; the date of the first appointment of each such body or committee; the terms of reference or objectives in each case; and the date on which each body or committee reported or the date on which a report of each such body or committee is expected.
Written Answers. - Non-Statutory Bodies and Committees.
592.
Lasmuigh de choistí a bunaíodh chun comhairle a chur orm faoi obair a bhain le mo Roinn, níl ach coiste amháin mar sin i gceist. Seo a leanas an t-eolas:
Teideal:
An Bhuíon Chomhordaithe do Scéimeanna Gaeltachta.
Bunaíodh:
Meán Fómhair 1983.
Téarmaí Tagartha:
Feic Alt 1.1 den Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge.
Comhaltaí:
Státseirbhísigh agus comhaltaí d'fhoireann Bhord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.
Tuairisciú:
Is obair leanúnach a bheidh ar siúl agus beidh eolas faoina cuid oibre sna Tuarascálacha a chuirfidh Bord na Gaeilge ar fáil ar dhul chun cinn faoin bPlean Gníomhaíochta.