Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Jun 1985

Vol. 359 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Comhdháil na nOileán.

D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard atá á dhéanamh ag an Rialtas le tacaíocht a thabhairt do Chomhdháil na nOileán le cuidiú leo ina gcuid oibre le saol mhuintir na n-oileán a fheabhsú.

Faoi mar is eol don Teachta, Bíonn baint ag Comhdháil na nOileán le hoileáin nach oileáin Ghaeltachta iad. Ní ghlacaim leis go bhfuil gá le heagraíocht mar seo ó thaobh an Stáit de chun leas na n-oileán Gaeltachta a chur chun cinn: bíonn mo Roinnse i ndlúth-theagmháil rialta leo go háirthe trí na comharchumainn atá ag feidhmiú ar a mbunáite agus táim sásta gurb é sin an bealach is éifeachtaí chun cabhrú leo. Mhínigh mé é sin do thoscaireacht ó Chomhdháil na nOileán nuair a bhuail mé leo ag deireadh na bliana seo caite.

An nglacfaidh an tAire leis gur thosaigh muintir na n-oileán an chomhdháil seo i ngeall ar a mí-shástacht nach bhfuil seirbhísí ar fáil acu ar na hoileáin atá ar fáil ar an mórthír. An n-aontódh sé go bhfuil gá, fiú amháin ar na hoileáin Ghaeltachta, le dearcadh faoi leith ar rudaí cosúil le chúrsaí farantóireachta, cúrsaí céanna agus a leithéid de sin agus go gcaithfear rud éigin a dhéanamh go luath le cuidiú le cuid de na hoileáin seo atá i gcruachás i láthair na huaire?

Glacaim nach bhfuil na háiseanna atá ar fáil ar an lán de na hoileáin inchurtha le áiseanna ar an mórthír. Tá a fhios ag chuile dhuine é sin agus tá cúiseanna leis sin. Ach tá an-obair déanta ag mo Roinnse agus tá a fhios ag an iar-Aire é sin. Cibé rud a rinneadh chomh fada is a bhain le na hoileáin Ghaeltachta is í Roinn na Gaeltachta a rinne é agus ina lán cásanna tá áiseanna nach bhfuil ag áiteanna eile taobh amuigh den Ghaeltacht nó ar mhorthír na Gaeltachta curtha ar fáil ar na hoileáin ag mo Roinn. Sin é an fáth go gceapaim gur ceart teangmháil a bheith againn leis na comharchumainn atá ar an dtalamh agus a bhfuil a fhios acu céard iad na fadhbanna. Bíonn teangmháil eadrainn ó lá go lá. Ceapaim gur sin an bealach is fearr leis na fadhbanna seo a réiteach agus na háiseanna seo a chur ar fáil nuair is féidir iad a chur ar fáil agus nuair atá iarratas ar a leithéid a chur ar fáil.

An nglacfaidh an tAire leis go bhfuil gá le féachaint ar rud éigin a dhéanamh maidir le céanna sa mhéid seo gurb í an tslat tomhais atá ann nuair atá cé le cur ar fáil ná an méid iasch atá dá thabhairt i dtír ar oileán. An nglacfaidh an tAire leis go gcuireann cuid de na hiascairí Ó na hoileáin a gcuid iasc i dtír ar an mhórthír agus go bhfuil siad ag cailleadh airgid dá bharr sin? Dá bhrí sin nach bhfuil céanna ag teastail go géar ar chuid de na hoileáin? Mar Aire go bhfuil cúraimí iascaireachta air chomh maith leis an Ghaeltacht, an bhféachfaidh sé níos báúla ar mhuintir na n-oileán nuair atá na ceisteanna maidir le céanna a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta á bplé aige?

Tá obair déanta ar chéanna do na hoileáin le haghaidh áiseanna farantóireachta a chur ar fáil agus go deimhin le haghaidh iascaireachta chomh maith, mar is féidir úsáid a bhaint as an rud san dá chás. Ba mhaith liom dá mbeadh go leor airgid agam a lán rudaí a dhéanamh ach níl an t-airgead agam agus tá a fhios ag an Teachta é sin. Go deimhin ní bheidh an sórt airgid atá ag teastáil leis na háiseanna atá i gceist ag an Teachta a chur ar fáil ag aon Aire ní hé amháin ar na hoileáin ach ar a lán áiteanna eile a bhfuil iarratais a gcur isteach dóibh. Toisc go bhfuil an scéal amhlaidh ní féidir liom aon tairiscint a dhéanamh ag an bpointe seo taobh amuigh den obair atá á déanamh againn faoi láthair.

An n-aontódh an tAire go bhfuil gá le cás faoi leith a dhéanamh b'fhéidir le Comhphobal na hEorpa maidir leis na deacrachtaí atá ag muintir na n-oilán? An n-aontódh sé go mb'fhéidir go mbeadh airgead le fáil ón EC le cuidu leo sa chruachás ina bhfuil said i láthair na huaire maidir le dul chun cinn na n-óilean i gcoitinne. Sílim go ndúirt an Teachta O'Donnell tamall ó shin go mbeadh airgead le fáil dá mbeadh cás curtha os comhair an EC le cuidiú leis na daoine seo.

Tá cás le déanamh taobh istigh de phlean cuimsítheach a leagfaí amach le haghaidh forbartha in áiteanna cosúil leis an nGaeltacht agus na h-oileáin san áireamh. Caithfidh mé é seo a rá faoi sin: tá tuairim ann go bhfuil slam mór airgid le fáil ó Comhphobal na Eorpa le haghaidh rudaí mar seo a dhéanamh. Níl. Tá airgead le fáil ach caithfidh an Rialtas cur leis sin. Níl ach cuid den airgead le fáil agus caithfidh muintir na tíre seo an chuid is mó de a chur ar fáil. Sin í an fhadhb a bhaineann leis an saghas molta seo. Go deimhin tig leis an Teachta a bheith cinnte aon airgead atá ag dul dúinn ón Eoraip as forbairt de shaghas ar bith nach bhfágfar ansin é, go mbainfear úsíid as.

Top
Share