Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Jul 1985

Vol. 360 No. 5

Written Answers. - Gaeltacht Mhaigh Eo.

50. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard é caiteachas Roinn na Gaeltachta ar chéibheanna i gCo. Mhaigh Eo gach bliain ó 1965 go 1984.

Níl sonraí caiteachais le haghaidh muiroibreacha leagtha amach de réir contae do na blianta airgeadais 1964-65 agus 1965-66: seo a leanas sonraí faoi chaiteachas na Roinne ar mhuiroibreacha i gCo. Mhaigh Eo sa tréimhse 1 Aibreán 1966 go 31 Nollaig 1984:—

£

1966-67

20,301

1967-68

18,148

1968-69

14,963

1969-70

11,168

1970-71

61,508

1971-72

20,761

1972-73

17,991

1973-74

18,024

1974 (Aibreán go Nollaig)

21,604

1975

9,078

1976

3,542

1977

dada

1978

2,578

1979

69,786

1980

48,199

1981

8,413

1982

2,394

1983

4,092

1984

61,426

51. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid a tugadh mar dheontais do bhóithre áise agus do bhóithre portaigh i nGaeltacht Cho. Mhaigh Eo gach bliain ó 1977 go 1985 agus an dá bhliain sin a chur san áireamh.

52. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid atá curtha ar fáil i gCo. Mhaigh Eo i mbliana ag Roinn na Gaeltachta le haghaidh (a) bóithre áise agus (b) bóithre portaigh i gContae Mhaigh Eo.

Tógfaidh mé Ceisteanna 51 agus 52 le chéile. Seo a leanas caiteachas iomlán mo Roinne-se ar bhóithre i gContae Mhaigh Eo ó 1977 i leith. Bheadh mór chuid oibre ag gabháil le roinnt an chaiteachais idir bóithre áise agus bóithre portaigh agus ba leasc liom obair mar sin a chur á déanamh gan léargas a fháil ar an tábhacht speisialta a bhainfeadh leis an mioneolas.

1977

66,654

1978

64,834

1979

85,907

1980

86,876

1981

46,481

1982

73,922

1983

12,718

1984

5,500

1985

6,893 (go dáta)

Tá £9,000 ceadaithe cheana féin i mbliana do Chomhairle Chontae Mhaigh Eo agus tá socruithe á ndéanamh chun £2,500 eile a cheadú.

53. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta i mbliana do chéibheanna i gCo Mhaigh Eo; agus céard iad na céibheanna ar a gcaithfear an t-airgead.

Tá an t-airgead seo a leanas á chur ar fáil i 1985 le haghaidh muiroibreacha i gCo Mhaigh Eo:

£

Rinnn Rua

87,057

(fuílleach)

Gleann Gad

7,200

Acaill Beag

22,500

Ros Dumhach

450

Gortmelia

1,000

Top
Share