Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Nov 1985

Vol. 361 No. 9

Written Answers. - Bord na Gaeilge.

18. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta (a) cén dáta ar éirigh iar-Chathaoirleach Bhord na Gaeilge as a phost, (b) cén dáta ar thug sé fógra faoi seo, (c) cén fáth nach bhfuil Cathaoirleach nua ceaptha go fóill, agus (d) an bhfuil sé i gceist ag an Aire duine a cheapadh gan mhoill.

Chuir iar-Chathaoirleach Bhord na Gaeilge, an Dr. Ó Tuama, in iúl dom i litir dar dáta 15 Lúnasa 1985 go raibh sé chun éirí as an gCathaoirleacht ó 6 Meán Fómhair 1985 ar chúiseanna pearsanta. Tá súil agam bheith in ann Cathaoirleach nua a cheapadh go han-luath.

Is mian liom an deis seo a ghlacadh chun mo bhuíochas pearsanta agus buíochas an Rialtais a chur in iúl go poiblí don Dr. Ó Tuama as ucht na hoibre a rinne sé agus é ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus an dúthracht agus an díograis a chaith sé leis an obair sin i gcónaí.

Question No. 19 re-entered for oral reply.

Top
Share