Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 26 Nov 1985

Vol. 362 No. 1

Ceisteann—Questions. Oral Answers. - Cúram na Gaeilge.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta leis an tslí ina bhfuil cúram na Gaeilge roinnte amach ar na hAirí go léir; agus an measann sé gur fearr don teanga é Aire amháin a chur i gceannas ar leathadh na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre.

Ní chun leas na teanga a rachadh sé dá mbeifí le freagracht iomlán. i leith na Gaeilge a chur ar aon Aire amháin. Fiú ó thaobh na praiticiúlachta de, ní dóigh liom go mbeadh sé indéanta na cúraimí atá ag an Aire Oideachais i leith na Gaeilge, mar shampla, a aistriú go dtí Aire na Gaeltachta. Is fearr i bhfad ó thaobh na teanga de, go mbeadh freagrachtaí i leith na Gaeilge ar Airí éagsúla ina réimsí oibre féin.

Tá freagrachtaí faoi leith ag Aire na Gaeltachta faoi alt 3 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956, ina measc dul i gcomhairle, sa mhéid is gá nó is cuí, le Ranna eile Stáit chun leas na Gaeltachta agus na teanga a chur chun cinn. Táim sásta go gcomhlíonann Aire na Gaeltachta an dualgas atá air faoin bhforáil sin.

Chuala mé an chuid is mó de fhreagra an Taoisigh ach tá roinnt de nár chuala mé i gceart. An dtuigeann sé na deacrachtaí atá againn ceisteanna a chur síos faoi chursaí Gaeilge nuair nach bhfuil aon Aire freagrach anseo, mar a fuair mé amach nuair a chuir mé ceist síos do Aire na Gaeltachta faoi chláracha Gaeilge in RTE? Bhí orm an cheist a chur don Aire Cumarsáide, ach dúirt seisean nach raibh sé freagrach, gurb iad RTE a bhí freagrach agus atá freagrach. Tá me ag fiafraigh den Taoiseach nach mbeadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh fiú amháin Aire Stáit freagrach? D'fhéadfainn ansin ceisteanna a chur ar an Aire sin agus gheobhadh seisean an freagra amach ó Roinn, nó ó Roinn Stáit nó ón Chomhlacht Stáit a bheadh i mbun an ruda sin. Ní féidir linn é sin a dhéanamh faoi láthair.

Tuigim na deacrachtaí atá ann, ach mar a dúirt me im fhreagra, is féidir le Teachtaí a gcuid ceisteanna a chur chuig an Aire atá freagrach san Roinn atá i gceist.

Sin díreach an deacracht. Cad is féidir liom a dhéanamh mar gheall ar na cláracha Gaeilge atá ag RTE, abair? Níl aon Aire freagrach faoi cheist mar sin, mar a fuair mé amach — agus is féidir leis an Ceann Comhairle aontú liom mar tá litir agam anseo uaidh ag rá sin.

D'fhéadfadh an Teachta an cheist a chur ar an Aire Cumarsáide. Tá sé mar aidhm ag RTE ar feadh tréimhse ceithre bliana go mbeadh 20 faoin gcéad dá gcláracha sa Ghaeilge, agus tá cláracha faoi leith do pháistí.

Níor thug mé ach sampla amháin, agus fuair mé an freagra ón Aire Cumarsáide nach bhfuil aon fhreagracht oifigiúil ag an Aire Cumarsáide mar is gnó do chuid RTE féin é. Níl Aire na Gaeltachta freagrach as chúrsaí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Uair amháin ba é an tAire Oideachais a bhí i gceannas cúrsaí na Gaeilge: uair amháin bhíodh an tAire Oideachais i gceannas cúrsaí Gaeilge ar fad sa tír. Anois, an bhfuil aon Aire ar féidir linn ceist a chur air? Tá cúram ag an Stát faoi seo, tá cúram ag an Rialtas faoi ach níl aon Aire nó Aire Stáit, fiú amháin——

Tá an deacracht céanna faoi a lán ábhar eile.

Nach n-aontódh an Taoiseach liom, muna mbíonn an spiorad ceart, agus an aidhm agus an tsuim ag lucht RTE, gur beag is féidir le haon Aire a dhéanamh faoi chláracha Gaeilge RTE?

Sin ceist eile.

Top
Share