Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 26 Nov 1985

Vol. 362 No. 1

Written Answers. - Tionsclaíocht Sa Ghaeltacht.

105. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta tionscal a chur isteach sna ceithre réamhmhonarcha ar an bhFál Carrach i dTír Chonaill; agus más rud é go bhfuil, cé na tionscail atá i gceist.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil tionscnamh cniotála agus tionscnamh leictreonach aimsithe do dhá cheann de na haonaid atá i gceist, go bhfuil togra á phlé d'aonad eile agus go bhfuil gach dícheall á dhéanamh ag an Údarás chun togra fiúntach a fháil don cheathrú aonad.

106. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad atá socraithe ag Údarás na Gaeltachta a dhéanamh le monarcha GT ar an Eastát Tionscail i nGaoth Dobhair; agus cad é costas measta na hoibre.

Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 105 agus 106 le chéile. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta

—go bhfuil obair athchóirithe á déanamh ar an mhonaracha mhór sin faoi láthair i gcaoi go mbeidh 12 aonad tionsclaíochta ar leith ann mar aon leis an spás atá in úsáid mar stór ag fochuideachta atá lonnaithe ar an Eastát,

—go meastar go mbeidh an chuid is mó den obair críochnaithe faoi dheireadh na bliana,

—go mbeidh aonad amháin á úsáid mar oifig ag an Údarás féin,

—go bhfuil tograí á bplé do dhá aonad,

—go bhfuil gach dícheall á dhéanamh chun tograí fiúntacha a aimsiú do na haonaid eile, agus

—go bhfuil an obair athchóirithe á déanamh ar chonradh agus nach gnách eolas faoi luach conarthaí a fhoilsiú.

107. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon réamh-mhonarchana á dtógáil ag Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill faoi láthair agus cén áit ina bhfuil siad.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta

—go bhfuil réamh-mhonarchana á dtógáil faoi láthair sna ceantair seo a leanas i gContae Dhún na nGall:—

Líon monarchana

Na Dúnaibh

1

Anagaire

2

Arainn Mhór

1

—go bhfuil athchóiriú á dhéanamh ar

(a) an seanmhuileann i gCill Charthaigh chun 9 n-aonad ceardaíochta ar leith a chur ar fáil ann,

(b) iarmhonarcha Chairpéidí GT, Gaoth Dobhair, chun í a roinnt i 13 aonad ar leith, agus

(c) 4 theach de chuid an Údaráis i gCarraig an tSeascain, Gaoth Dobhair, chun aonad ceardaíochta a chur ar fáil i ngach ceann díobh, agus

—go bhfuil obair le tosú go luath chun 4 aonad bheaga a thógáil i nGaoth Dobhair.

108. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid duine atá fostaithe ag Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill faoi láthair.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach gcuirtear figiúirí fostaíochta le chéile ach i lár agus i ndeireadh na bliana. Léiríonn Tábla a 1 (leath a 13) de Thuarascáil agus Cuntais an Údaráis do 1984 go raibh 1,937 nduine fostaithe go lánaimseartha ar 31 Nollaig 1984 i dtionscail i gContae Dhún na nGall a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Údarás. Níl figiúirí cinnte ar fáil go fóill do lár 1985 ach measann an tÚdarás go raibh thart ar an líon céanna daoine fostaithe sna tionscail faoina scáth sa chontae sin ar 30 Meitheamh 1985 agus a bhí ar 31 Nollaig 1984.

Top
Share