Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Mar 1986

Vol. 364 No. 11

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Úsáid na Gaeilge sna Ranna Stáit.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Seirbhíse Poiblí an bhfuil aon scrúdú déanta ag an Rialtas ar cén dul chun cinn atá á dhéanamh ag na Ranna Stáit maidir le leathnú úsáid na Gaeilge i ngach Rannóg Stáit; agus an inseoidh sé céard é toradh a gcuid scrúduithe.

Sa bhliain 1983 d'fhoilsigh Bord na Gaeilge an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-86. Maidir le moltaí a bhí sa phlean i leith Ranna Stáit, tá na céimeanna seo a leanas déanta cheana féin: (a) cuireadh Láraonad Forbartha Gaeilge ar bun faoi stiúrú Rúnaí Cúnta de chuid mo Roinnse (b) cuireadh Coiste Forbartha Gaeilge ar bun i ngach Roinn/Oifig; (c) cuireadh le chéile treoirlínte faoi chur chun cinn na Gaeilge agus an dá theangachais sa Státseirbhís. Cuireadh chuig rúnaithe/cinn oifigí iad.

D'ullmhaigh Bord na Gaeilge tuarascálacha faoin dul chun cinn a rinneadh sna blianta 1983-84 agus 1984-85. Cuireadh faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas iad.

Tá an tuarascáil don bhliain dár chríoch 31 Márta 1986 á cur le chéile faoi láthair ag an mbord agus cuirfear faoi bhráid an Oireachtais í sula bhfoilseofar í. Os rud é go dtugann na tuarascálacha ó Bhord na Gaeilge cuntas ar an dul chun cinn atá déanta i Ranna Stáit, meastar nach bhfuil gá le suirbhé ar leith den saghas a luaigh an Teachta.

Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire ainm na Ranna in a bhfuil úsáid na Gaeilge iomlán a cur ar bhun sa Roinn Seirbhíse Poiblí anois.

I do not understand fully the Deputy's point in relation to the matter of the use of Irish being undertaken fully.

Can the Minister outline whether any Department, apart from Roinn na Gaeltachta, are operating totally in Irish?

I understand that the Department of the Gaeltacht operate as Gaeilge but, as I have outlined in my reply, steps are being taken in this regard in other Departments. A central development unit for Irish has been set up in my Department while an Irish development committee exists in every Department. In addition, my Department have issued guidelines on this issue. There have been reports from Bord na Gaeilge and I am expecting a further report from them for the year ending 31 March. That will contain comment on the developments from an objective point of view. It was on that basis that I considered it inappropriate that a separate survey should be undertaken by my Department.

Top
Share