Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 1986

Vol. 365 No. 1

Written Answers. - Céibheanna sa Ghaeltacht.

9. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar eolas aige go bhfuil gá le céibheanna a fheabhsú sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin Ghaeltachta; agus an inseoidh sé cén clár atá leagtha amach ag an Rialtas i gcomhair na hoibre sin.

Is maith is eol dom an gá atá le saoráidí calaíochta a fheabhsú agus dá chomhartha sin tá suas le £1m caite ag mo Roinnse sna blianta 1983-1985 ar mhuiroibreacha sa Ghaeltacht.

Tá oibreacha ceadaithe cheana féin ag mo Roinnse ar a gcaithfear suas le £110,000 i mbliana agus tá oibreacha breise fós á meas, i gcomhairle leis an Roinn Turasóireachta, Iascaigh agus Foraoiseachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Bheadh dóchas agam go gcuirfí tús i mbliana le cuid de na hoibreacha breise sin.

Top
Share