Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Apr 1986

Vol. 365 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht sna Gaeltachtaí.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ó tharla go bhfuil an imirce ag teacht thar n-ais arís i gCiarraí, an inseoidh sé céard atá leagtha amach aige le postanna a chur ar fáil i nGaeltacht Chiarraí.

12. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard atá leagtha amach aige le tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil i nGaeltachtaí Chontae Mhaigh Eo.

16. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil plean ar bith aige le tuilleadh tionsclaíochta a bhunú i nGaeltacht na Mí.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 6, 12 agus 16 le chéile.

Bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta d'fhonn tionscail fhiúntacha a aimsiú a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil sna ceantair Ghaeltachta uile. Mar thoradh ar an obair sin meastar go raibh 4,626 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Údarás ar 31 Nollaig 1985 i gcomparáid le 4,405 dhuine ar 31 Nollaig 1984. Déanfar fógraíocht chuí nuair a bheidh tionscail nua le dul i mbun oibre.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil tográi i láthair na h-uaire i gCiarraí is i gContae Mhuigheo nach dtig leis an Údarás cinneadh a dhéanamh orthu ceal airgid agus nach féidir leo a rá le tionsclóirí áirithe ag an bpointe seo go mbeidh siad in-ann tacaíocht a thabhairt dóibh leis na postanna a theastaíonn uathu a chur ar fáil a chruthú i gceanntar Mhuigheo go mór mhór, agus mar a dúirt mé sa chéad ceist eile an n-aontódh an t-Aire nach dtig leis sin a bheith sásúil agus go bhfuil mishástacht ar chuile dhuine i ngeall ar na cúrsaí seo?

Níor casadh eagraíocht orm ariamh a bhí sásta leis an méid a bhí á fháil acus. Agus an méid sin ráite agam, tá fadhbanna ag an Údarás; tá mise ag plé leo agus tá mise cinnte go dtiocfaimid ar réiteach ionnas nach gcaillfear fostaíocht ceal airgid.

Ach nach n-aontódh an tAire nach inniu ná inné a tharla na cúrsaí seo, go bhfuil an cheist mar seo le bliain go leith nó níos mó agus nach bhfuil sé sásúil go mbeadh an tÚdarás annsin i láthair na h-uaire agus gan iad in ann a rá le tionsclaí: "Tá gach uile rud ceart ach níl an Rialtas ná Roinn na Gaeltachta sásta an t-airgead a thabhairt dúinn leis an togra seo a chur chun cinn"? An é atá i gceist nach bhfuil suim ar bith ag an Aire nó ag an Rialtas i bhfostaíocht a chur ar fáil in áit ar bith sa tír agus sa Ghaeltacht go mór mhór?

Ní ghlacaim leis nach bhfuil suim agam féin ná ag an Rialtas sa Ghaeltacht ná in Údarás na Gaeltachta. Tuigim go bhfuil fadhbanna airgid ag an Údarás faoi láthair. Mar a dúirt mé cheana, tá mé tar éis bualadh le Bord an Údaráis le déanaí agus tá an cheist á scrúdú agam ag an bpointe seo.

(Cur isteach.)

Tá i gceist anseo fostaíocht i dtrí contaethe agus chuir an Teachta Gallagher i mo leith go raibh lagú ar thoil an Rialtais agus ar thoil an Aire i leith na Gaeltachta ach má fhéachann sé ar na figiúirí, má tá dí-fhostaíocht ag dul i méid i n-áiteanna eile, tá fostaíocht ag dul i méid sa Ghaeltacht, agus níl aige ach breathnú cuir i gcás i 1985 i gContae Mhuigheo: faoi dheireadh na bliana seo caite bhí 612 post ansin agus bhí 484 ann i 1981 agus sin i rith tréimhse nuair a tharla dí-fhostaíocht an-mhór ar fud na tíre. Ná ceapadh éinne go bhfuil lagú nó cúlú ar siúl ag an Udarás ó tháinig mise anseo. Tá dul chun cinn a dhéanamh ní amháin i gContae Mhuigheo ach i gCiarraí, i nGaillimh, i dTír Chonaill agus in áiteanna eile chun fostaíocht a mhéadú agus ní thagann sé sin leis an argóint nach bhfuil suim dá laghad agamsa ná ag an Rialtas san obair atá ar siúl acu.

An nglacfaidh an tAire leis, nuair atá dí-fhostaíocht ag dul chun cinn sa chuid eile den tír agus fostaíocht ag dul chun cinn sa Ghaeltacht, gur mar gheall ar sin gur cheart go dtabharfadh an Rialtas vóta muiníne don Udarás agus go gcuirfidís ar fáil an t-airgead atá riachtanach le go gcruthófaí na postanna atá ceadaithe. Tá géarchéim airgid san Udarás faoi láthair. An n-aontóidh an tAire go bhfuil tionsclóirí sa Ghaeltacht ag obair faoi lathair go bhfuil deontas ceadaithe dóibh ó 1985 nár íocadh an deontas leo go fóill agus gurab é an fáth leis sin ná nár thug an Rialtas dothain airgid don Údarás, deontas caipitil, leis an deontas sin a íoc?

Mar a dúirt mé faoi dhó cheanna féin má fhágann an Teachta fúm é, tá mé ag rá anseo go réiteofar an cheist. Tá fadhb ann. Tá mise ag éisteacht le muinín agus le rudai maidir leis an Údarás le cúpla bliain anuas. San am chéanna tá an obair á déanamh acu, tá fostaíocht ag dul ar aghaidh agus ag ardú, agus réiteoidh mise an fhadhb.

Ag dul ar ais ar rud a dúirt an tAire é féin tá sé iontuigthe go mbeadh ardú fostaíochta sa Ghaeltacht mar go bhfuil na structúir curtha ansin agus go mbeimís ag cur leis na structúir sin. Níl aon argóint ar bith maidir leis an rud atá ag tarlú i láthair na huaire. Táimid uilig ar aon intinn faoi na cúrsaí sin. Is ar mhaithe leis an Ghaeltacht agus muintir na Gaeltachta atáimid ag caint. An t-aontódh an tAire go bhfuil géarchéim i láthair na h-uaire, mar dúirt an Teachta Geoghegan-Quinn agus daoine eile, agus go bhfuil gá go mbeadh rud éigin á dhéanamh go luath ag an Rialtas le cúrsaí a fheabhsú maidir le fostaíocht a chur ar fáil agus tacaíocht a thabhairt don Údarás lena gcuid oibre a chur chun cinn mar ba mhaith leo.

Top
Share