Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 May 1986

Vol. 365 No. 14

Written Answers. - Tionscal i nGaeltacht na Rinne (Port Láirge).

77. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén fáth gur ligeadh leis na hoibrithe áitiúla sa mhonarcha, Fuinneoga na nDéise, i nGaeltacht na Rinne, Contae Phort Láirge, agus an bhfuil aon iarracht á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta chun an mhonarcha d'ath-oscailt agus na hoibrithe áitiúla d'fhostú arís.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an tionscal sin imithe as gnó agus go bhfuil leachtaitheoir le ceapadh go luath, agus go bhfuil dóchas acu go bhféadfar an gnó a athbhunú faoi phríomhaithe nua san fhoirgneamh céanna.

Top
Share