Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 May 1986

Vol. 366 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

2. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair atá sé i gceist aige cathaoirleach nach iar-státseirbhíseach a thoghadh d'Udarás na Gaeltachta.

Beidh cathaoirleach agus comhaltaí le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta ó 1 Iúil.

Ní ghlacaim ar ndóigh leis an toimhde nach bhfuil iar-státseirbhíseach oiriúnach le bheith ina chathaoirleach.

An nglacfadh an tAire leis nuair a deineadh an ceapúchán seo don chéad uair gur ceapúchán sealadach a bhí ann agus go bhfuil an cathaoirleach atá ann anois ansin le píosa maith agus nach bhfuil sé sin ag teacht leis na haidhmeanna ná le oibriú Udarás na Gaeltachta ó tharla nach nglactar leis gur cathaoirleach a bheadh ann le bheith ag freastal ar obair an Údaráis i gcaitheamh téarma an Údaráis agus nach bhfuil sé sásúil go mbeadh duine mar sin ann. B'fhearr liom go mbeadh duine eigin ó na Gaeltachtaí, cuirimís i gcás, ach tá sé ansin le fada agus nach bhfuil sé in am go ndéanfaí leasú air sin?

Tá sé ráite agam go mbeidh cathaoirleach agus comhaltaí le ceapadh ar an Údarás——

An cathaoirleach céanna, b'fhéidir?

——ón gcéad lá de mhí Iúil amach.

Ach fuaireamar an freagra sin cúpla uair.

Níl mé chun an cluiche seo a imirt le bheith chomh smairteálta agus atá an bheirt atá os mo chomhair amach. Caithfidh mé a rá go raibh fonn orm freagra Ciarraíoch a thabhairt ar an gceist agus an cheist a chur, "Cad tá cearr le iar-státseirbhíseach?", ach ní doigh liom go mba chóir dom, sa Teach seo tabhairt faoi dhuine áirithe nach bhfuil sé ar a chumas aige teacht isteach anseo agus——

Ní sin atá i gceist——

An bhféadfaí a insint dúinn an bhfuil an cathaoirleach agus na comhaltaí seo chun bheith ceaptha ó dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht nó an bhfuil sé ar intinn acu iad a cheapadh ó dhaoine laistigh den nGaeltacht?

Beidh fios iomlán an scéil sin ag an Teachta nuair a cheapann an tAire na daoine atá i gceist. Is mar sin atá an córas leagtha síos.

Top
Share