Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 May 1986

Vol. 366 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Céibheanna Oileáin Árainn.

7. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta céard atá leagtha amach aige maidir le céanna a fheabhsú in oileáin Árann agus i gConamara i mbliana agus cé mhéad atá leagtha amach aige leis an obair a chur i gcrích.

Tá breis agus £480,000 caite ag mo Roinnse le trí bliana anuas ar mhuiroibreacha i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá soláthar £300,000 i Vóta mo Roinne-se le haghaidh muiroibreacha i mbliana. Tá roinnt cásanna sna ceantair a luaitear á meas ag mo Roinnse faoi láthair i gcomhairle leis an Roinn Turasóireachta, Iascaigh agus Foraoiseachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Brathfaidh an t-airgead a chaithfear i mbliana ar na cásanna a cheadófar agus dul chun cinn na hoibre.

An bhfuil airgead speisialta leagtha amach ag Roinn na Gaeltachta i mbliana le caitheamh ar ché Ros a' Mhííl?

Tá tograí áirithe réidh anois le ceadú, is é sin, Cill Chiaráin, Bearna agus Culadh Mór. Ar na cinn eile atá á meas tá tograí, mar shampla, ag Cill Mhuirbhí, Aird Mhór agus áiteacha eile.

An cheist a chuir mé ná an bhfuil airgead ar leith leagtha amach ag Roinn na Gaeltachta i mbliana le caitheamh ar ché Ros a' Mhíl?

Níl, ach má tá togra áirithe le cur ar aghaidh sa chás sin féadfar é sin a dhéanamh.

Tá sé sin suimiúil. An bhfuil a fhios ag an Aire gur fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Iascaigh go raibh na milliúin le caitheamh ar Ros a' Mhíl i mbliana. B'fhéidir go labhródh sé lena chompánach le go mbeadh a fhios againn cé tá ag insint bréaga nó cé tá ag insint na fírinne.

The Deputy does not know what she is talking about. It would be a good idea if she went to Ros á' Mhíl.

I go to Ros á' Mhíl on a regular basis as the Deputy well knows.

The Deputy's new found interest in the area is remarkable.

Somebody told a lie about Ros á' Mhíl and it is one or other of you.

Tá an t-am caite fá choinne ceisteanna na Gaeltachta.

On a point of order, has the time been divided accurately between both? If so, then it is——

The time has elapsed.

That may suit you but the fact is that the Gaeltacht is as important. We now find that tourism is added to this Department and there are now four Departments in one element. That is no fault of the Ceann Comhairle but he could allow another five minutes for the Gaeltacht.

I could not allow five minutes. I can allow two minutes if we use a stop watch.

Top
Share