Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 May 1986

Vol. 366 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Cé Oileáin Thoraigh.

5. D'fhiafraigh

Mr. Coughlan

d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé in iúl cén uair atá sé i gceist crann tochraiste a chur ar fáil ar Oileán Thoraigh agus an bhfuil sé ar intinn ag Roinn na Gaeltachta an fiosrúchan a dhéanamh le costas an obair feabhsúcháin don ché ar an Oileán a dhéanamh ag an am céanna.

Tá curtha in iúl do mo Roinne-se ag Oifig na nOibreacha Poiblí go bhfuil an crann tochrais ar an oileán cheana féin agus go mbeidh sé a shuiteáil gan mhoill.

Tuigtear ó Oifig na nOibreacha Poiblí go dtabharfaidh innealtóir dá cuid cuairt ar an oileán go luath féachaint an bhféadfaí oibreacha fiúntacha a rachadh chun tairbhe na n-oileánach a dhéanamh ar an gcé ar chostas réasúnta.

An bhfuil an tAire sásta nach aon tionsclóir nó an mó tionsclóir atá ag feitheamh le litir cheadúnais ón Údarás i láthair na huaire?

Is eol dom go bhfuil cásanna nach bhfuil réitithe go fóill, agus is ar an ábhar sin, i measc cúiseanna eile, atá éileamh an Údaráis á iniúchadh go práinneach.

Nach bhfuil cásanna réitithe ach go bhfuil na daoine díreach ag fanacht leis an litir cheadúnais a fháil agus ní féidir leis an Údarás an litir sin a thabhairt toisc nach dtabharfaidh an tAire cead dóibh an t-airgead a íoc amach?

Mar atá ráite agam tá a fhios agam go maith gur mar sin atá an scéal. Tá beartais áirithe curtha i gcrích ag an Údarás chun an t-airgead a scaipeadh amach. Tá deacrachtaí conarthaí á gceangal faoi láthair mar is eol don Teachta. Tá litreacha tairisceana curtha amach i gcásanna áirithe ach is maith is eol dom go bhfuil an deacracht ag an Údarás agus is ar an gcúis sin, mar a dúirt mé, atá an t-éileamh atá déanta ag an Údarás á iniúchadh go práinneach.

Ach an bhfuil an tAire sásta nach ag an Údarás féin atá na deacrachtaí in aon chor, gur ag an Rialtas nó ag an Aire atá na deacrachtaí seo, mar tá agam féin anseo inniu: tá tionsclóir áirithe agus fuair sé glaoch ar maidin go gcaithfidh sé dearmad a dhéanamh ar déileáil leis an Údarás toisc nach dtig leis an litir seo a fháil. Níl aon locht ar an Údarás, tá an obair déanta acu ach nach bhfuil an tAire ag tabhairt an chead dóibh. Ba mhaith liom go n-inseodh an tAire dúinn cad a dhéanfaidh sé faoi taobh istigh de chúpla lá.

Níl aon tsuim ag an Aire sa Ghaeltacht. Sin é.

Más mar sin atá an diospóireacht le bheith againn ní haon chall dúinn a bheith istigh anseo. Tá raiteas déanta ag an Teachta nach n-aontaím leis. Tá freagra tugtha agam ar an gceist atá ardaithe aige a cúig nó sé huaire as a chéile.

An bhfuil an tAire ag rá go gcaithfear dearmad a dhéanamh go bhfuil deontas le fáil ón Údarás?

Tá súil agam nach ndéanfar é sin.

Nach n-aontódh an tAire gur chóir bealaí nua a fháil chun airgead a chur ar fáil do Údarás na Gaeltachta? Tá an-bhrú á chur ar chomhlacht mór i nDún na nGall, ar chomhlacht atá sásta trí scór post a chur ar fáil, go bhfuil an-bhrú á chur orthu ag Rannóg Tionscail Forbartha sna Sé Chontae a meon a athrú agus dul isteach sna Sé Chontae leis an tionscal sin. Mura bhfuil a fhios aige ba cheart go mbeadh a fhios aige. Agus an gceapann sé gur chóir agus gur cheart sin ós rud é nach bhfuil an Rialtas sin sásta an t-airgead sin a chur ar fáil?

Tá an cás sin ar cheann de na cúiseanna go bhfuil an t-éileamh atá déanta ag an Údarás, mar a dúirt mé seacht n-uaire as a chéile anois, á iniúchadh go práinneach ag Roinn na Gaeltachta agus ag an Rialtas.

Nach n-aontódh an tAire gurb é atá i gceist an t-airgead a chur ar fáil don Údarás, agus cén fáth a mbeadh an Rialtas ag ceilt ar an airgead sin a chur ar fáil don Údarás. Dá gcuirfí an t-airgead ar fáil ní bheadh aon deacracht ag an Údarás. Sin an rud atá i gceist i láthair na huaire.

Ta fábhar agam le hiarraidh ar an Teachta. An mbeadh aon chuid den £200 milliún sa phota airgid atá le cur ar fáil ag an Teachta Ó hEochaidh le tabhairt don Údarás? Má tá potaí airgid le lorg agaibh, lorgaígí sa phota sin i dtosacn báire iad.

Tá rud amnáin faoi Fhianna Fáil: sheas siad leis an Údarás i gcónaí agus ní raibh aon easpa airgid le haghaidh postanna a chruthú nuair a bhí Fianna Fáil i rialtas. Ach ní thuigeann an tAire an Ghaeltacht. Níl aon suim aige ann, agus níl aon tsuim ag a chara, an Taoiseach, ann ach oiread. Níl aon tsuim nó níl aon mheon Gaelach acu ar chor ar bith.

Top
Share