Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 May 1986

Vol. 366 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Lán-Fhostaíocht sa Ghaeltachta.

38. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén polasaí atá leagtha amach ag Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta le tairbhe a bhaint as ár n-acmhainní nádúrtha chun lán-fhostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Baintear gach tairbhe is féidir as na deiseanna éagsúla a bhíonn ar fáil — forbairt acmhainní nádúrtha san áireamh — d'fhonn fostaíocht shocrach a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Tá dul chun cinn nach beag déanta i ndáil le forbairt acmhainní nádúrtha, e.g., feirmeoireacht agus próiseáil éisc, próiseáil bia, bailiú agus meilt feamainne, forbairt portach agus cairéal, feabhsú saoráidí calaíochta, foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas sa Ghaeltacht agus turasóireacht.

An n-aontaíonn an tAire go bhfuil gá le níos mó aird a thabhairt dár n-acmhainní nádúrtha, feirmeoireacht éisc mar shampla? An bhfuil a fhios aige — tharla sé seo le gairid — go bhfuil baol ann anois go mbeidh tionscail mhóra ag teacht isteach agus nach mbeidh na buntáistí ceart ag daoine áitiúla as obair mar seo? Ar mhaith an rud é go dtiocfadh comhlacthaí móra isteach sa Ghaeltacht leis an obair seo a chur chun cinn nuair ba cheart go mbeadh na daoine áitiúla ag fáil cuidiú chun an obair seo a cur chun cinn?

Aontaím leis an smaoineamh atá taobh thiar den chéad chuid den cheist. Bheadh faitíos orm dul chomh fada agus an Teachta maidir leis an dara chuid den cheist. Mar shampla, tá fear óg agus a chlann im Dháil-cheantar féin ag gabháil le feirmeoireacht éisc ar an taobh sin tíre agus níor mhaith liom dá mbeadh sé á chur in iúl dó nach raibh fáilte roimh fhear óg dá leithéid agus an obair atá á déanamh aige. Tá sé de thaithí le blianta fada ag an Udarás, agus ag Gaeltarra Éireann roimhe sin, agus ag na Ranna Stáit a bhfuil ceangal acu le cúrsaí acmhainní nádúrtha, an bhéim a chur ar an bhforbairt sin.

Nach bhfuil cuid mhaith constaicí ar obair an Údaráis, agus ar fhorbairt go ginearálta de bharr nach bhfuil aon teacht le chéile idir na Ranna Stáit sna cúrsaí seo? Tá an iomarca rannóg Stáit ag teacht isteach i bhforbairt ar bith a tharlaíonn, agus tá seo ag coinneáil siar cuid mhaith den obair seo agus nach cóir go mbeadh níos mó comhshnaidhmeadh idir na Ranna Stáit leis an fhorbairt a chur chun cinn mar ba cheart?

Ní aóntaím leis sin. Má bhreathnaímid ar a bhfuil ar siúl beidh sé soiléir go bhfuil baint ag chuid mhaith de Ranna Stáit le cúrsaí áirithe sna Gaeltachtaí, bóithre, mar shampla, talmhaíocht, foraoiseacht, feirmeoireacht éisc, agus mar sín de. Ní dóigh liom gur mhaith am rud é go mbeadh sé d'iachall ar gach ceann de na rannóga sin dul ag caint le gach éinne eile a bhfuil ceangal acu le cursaí sna Gaeltachtaí sul a ndéanfadh siad a gcuid oibre. Chuirfeadh sé sin rómhoill ar an obair.

Nach n-aontódh an tAire go gcaithfidh an tÚdarás agus Roinn na Gaeltachta dul i dteangmháil leis on Roinn Iascaireachta, le comhairlí chontae, le Bord na nOibreacha Poiblí agus le rannóga eile agus go gcuireann sé sin siar ar fhorbairt de bharr an iomarca ama a bheith á chaitheamh leis na rannoga Stáit sin ar fad.

Ní dóigh liom é. Níl a fhios agam cén fianaise atá ag an Teachta len é sin a rá. Má tá cásanna áirithe ar intinn aige táim cinnte go mbeadh gach fonn ar Aire na Gaeltachta iad a phlé leis. Is í an aidhm atá ag an Údarás agus na rannóga eile ná dul chun cinn a bhrú ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir, agus constaicí a thógáil as an tslí seachas iad a chur ann.

Rinne an tAire tagairt don turasóireacht. An aontaíonn sé go bhfuil na Gaeltachtaí ar na háiteanna is deise agus is áilne sa tír agus nach bhfuil na scéimeanna a bhíodh ann, mar shampla tógáil títhe ósta agus feabhas a chur ar thíthe le lucht turasóireachta a choinneáil, go bhfuil deireadh curtha leis na deontais sin agus le cuidiú le muintir na Gaeltachta, go mba cheart níos mó deontas a chur ar fáil le turasóireacht a chur ar bun sna Gaeltachtaí.

Tá mé cinnte go bhféadfaí cás an-mhaith a dhéanamh méadú ar dheontais éagsúla sna Gaeltachtaí agus in áiteanna eile den tír ach tá an cheist i bhfad níos ginearálta ná sin. Ní dóigh liom gur fíor go bhfuil constaic ar leith ag teacht sa mhullach ar mhuintir na Gaeltachta agus iad ag iarraidh forbairt a bhrú ar aghaidh.

Top
Share