Tairgim:
Go ndéanfar Orduithe Tagartha an Chomhchoiste don Ghaeilge, a bunaíodh de bhun Ordú an 28 Samhain, 1984, ó Sheanad Éireann agus Ordú an 12 Nollaig, 1984, ó Dháil Éireann, a leasú mar a leanas:—
(1) Trí na míreanna nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (2):—
"(3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fochoistí a cheapadh agus aon ábhair atá cuimsithe le mír (2) den Ordú seo a tharchur chuig na fochoistí sin.
(4) Go mbeidh an chumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis nó le haon cheann dá fhochoistí breithniú a dhéanamh ar aon ábhair a chuimsítear le mír (2)."
(2) Trí mhíreanna 3, 4, 5 agus 6 a scriosadh agus na míreanna seo a leanas a chur ina n-ionad:—
"(5) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.
(6) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, agus gach fochoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.
(7) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa chomhchoiste agus i ngach fochoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.
(8) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste agus ag gach tochoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste na miontuairiscí fianaise sin a ghlacfar mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham."
(3) Trí mhír 7 a athuimhriú mar mhír 9, agus
(4) Trí mhír 8 a scriosadh agus an mhír seo a leanas a chur ina hionad:—
"(10) Gur ceathrar is córam don Chomchoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann agus gur triúr is córam do gach fochoiste agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.'
Cuireadh agus aontaíodh an cheist.