Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 3 Jul 1986

Vol. 368 No. 10

Written Answers. - Malartán Fostaíochta i nGaillimh.

87. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais cén chúis atá leis an moill ar choiríocht shásúil oifige a chur ar fáil le cúnamh agus sochair difhostaíochta a íoc i gcathair na Gaillimhe.

Ghlac Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí léas ar dhá áird i bhfoirgneamh Hynes i gCathair na Gaillimhe chun coiríocht a chur ar fáil mar mhalartán fostaíochta.

Tá doiciméidí chonartha á n-ullmhú acu faoi láthair chun an áit a chur i gcaoi agus tá súil acu go mbeidh na doiciméidí san críochnuithe sar i bhfad. Beidh na coimisinéirí in ann tairiscintí a lorg ansin.

Top
Share