den Aire Sláinte an ndéanfaidh sé socruithe chun folúntas don dara sainchomhairleoir haemaiteolaíochta ag Ospidéal Reigiúnach na Gaillimhe a líonadh.
Written Answers. - Sainchomhairleoir Haemaiteolaíochta.
94. D'fhiafraigh
Sé thart ar £38,000 an costas iomlán atá i gceist maidir leis an bpost seo ach tá Bord Sláinte an Iarthair tar éis cur in iúl nach bhfuil siad in ann ach £13,000 a sholáthar ina chomhair sin agus níl na cistí breise ar fáil agamsa a bheadh ag teastáil chun an ceapachán seo a dhéanamh. Má dhéanann an bord socruithe chun £25,000 eile a chur ar fáil eiseofar an ceadú airgeadais don phost seo ó mo Roinn féin agus is féidir leo ansin iarratas a chur isteach chuing Comhairle na nOspidéal le haghaidh cruthú an phoist bhreise seo, sainchomhairleoir haemaiteolaíochta, in Ospidéal Réigiúnach na Gaillimhe.