Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Nov 1986

Vol. 369 No. 5

Riar na hOibre.

Tógfar Uimhreacha 30, 31 agus 32. Le comhthoiliú cuirfear deireadh leis an bplé ar an dara céim de uimhir 30 tráth nach déanaí ná 7 p.m. inniu agus iarrfar ar an Aire Comhshaoil tráth nach déanaí ná 6.45 p.m. críoch a chur le cúrsaí. Is iad uimhreacha 49 agus 52. tar éis sin 74, a bheidh mar Ghnó Comhaltaí Príobháideacha.

An bhfuil Riar na hOibre aontaithe? Aontaithe.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an dTaoiseach maidir le uimhir a 49, an Bille um Airm Núicléach agus srl. Nó b'fhéidir gur ortsa atáim ag cur na ceiste.

An bhfuil sé socraithe go mbeidh deich noiméad in am príobháideach curtha i leataobh ar uimhir 49?

Beidh cúig nóiméad ag an Teachta De Rossa agus cúig nóiméad ag Comhalta atá i gcoinne an Bhille.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an dTaoiseach maidir leis an lonstraim Eorpach Aonair. An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas é a thógaint go luath sa Dáil?

Sin ceist a bheidh socraithe idir na hAoirí.

Tá go maith ach deirtear sna páipéirí nuachta go bhfuilimíd chun é a thógaint an tseachtain seo chugainn agus fós ní raibh aon teagmháil le lucht Príomh Aoirí.

Ní dóigh liom go mbeidh. Tar éis trí seachtaine, b'fhéidir.

Beidh comhrá idir na Príomh Aoirí. Ceist eile, an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas Páipéar Bán a fhoillsiú ag baint leis an ionstraim seo?

Cé nach bhfuilim cinnte go bhfuil gá leis táim réidh chun Páipéar Bán nó leabhairín a fhoillsiú ar an Ionstraim Eorpach Aonair.

Ba mhaith linn agus ceapaim go mba mhaith le mórán daoine go mbeadh Páipéar Bán againn ina leagann amach an Rialtas gach ní atá bainteach leis an Acht seo. Ceapaim go mbeadh sé an-tábhachtach don díospóireacht a bheidh againn san Dáil go mbeadh a leithéid againn agus go bhfoillseodh an Rialtas Páipéar Bán dúinn.

Táimid sásta sin a dhéanamh — Páipéar Bán nó leabhairín.

An féidir leis an Taoiseach a rá cathain is féidir linn bheith ag súil go mbeidh an Bille um Raidió Áitiúil arais sa Teach arís?

Ní féidir liom.

Bhuel tuigeann an Taoiseach gur ceist tábhachtach í seo agus go bhfuil an-suim agus an-spéis ag lucht an phobail inti agus bheinn ag súil go mbeadh sé ar ais chomh luath agus is féidir.

Tá súil agam go mbeidh sé anseo go luath ach níl mé cinnte.

Top
Share