Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Nov 1986

Vol. 369 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - FCA Training.

5.

asked the Minister for Defence if he is aware of the frustration created within the FCA by his failure to provide proper training opportunities in summer camps during the past four years; and if he will make a statement on the matter.

I presume the Deputy is referring to the reduction to one week in the annual training period for the FCA. While I regret that this restriction continues to be necessary as part of the Government's programme for achieving reductions in the level of public expenditure, I am satisfied that an acceptable standard of training is being maintained.

An aontaíonn an tAire liom nach bhfuil sé de nós agus nach bhfuil an t-am ag na daoine i gceannas ar na Fórsaí Cosanta Áitiúla an traenáil cheart a thabhairt do na baill de na Fórsaí Cosanta Áitiúla i seachtain amhán, agus nach bhfuil sé sin soiléir ar feadh cheithre bliana anuas? Cén fáth nar chuir sé coicís ar a laghad ar bun i mbliana, agus an ndéanfaidh sé sin agus an ndéanfaidh sé socrú agus an gcuirfidh sé airgead ar fáil chun coicís traenála a bheith ag na Fórsaí Cosanta Áitiúla sa bhliain atá os ár gcomhair amach? Nach bhfuil sé i gceart nach bhfuil sé in ann — nach bhfuil éinne in ann — an traenáil cheart a thabhairt do na Fórsaí Cosanta Áitiúla i seachtain amháin?

Is féidir traenáil de chaighdeán ard a chur ar fáil i gcaitheamh seachtaine. An chuid is mó de na daoine a bhíonn ag freastal ar champaí Samhraidh bíonn taithí acu cheana féin ar thraenáil agus deirtear liom gur féidir caighdeán a bhaint amach i gcaitheamh seachtaine atá sásúil taobh istigh de ghnáthchaighdeán an Airm do dhaoine mar sin.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil míshásamh sna Fórsaí Cosanta Áitiúla de bharr na n-athruithe atá déanta ag an Rialtas seo, go háirithe an gearradh siar ar an gcoicís traenála bhliantúil a bhí á phlé ag an Teachta Dála a labhair romham? An aontódh sé faoin míshásamh seo a bheith ann i measc lucht na bhFórsaí Cosanta Áitiúla? An gcreideann sé é?

Níor chuala mé é agus ní dóigh liom go bhfuil. B'fhéidir go bhfuil daoine ag caint leis an Teachta a chuireann a míshástacht in iúl ó am go ham, ach níl aon mhíshástacht ghinearálta taobh istigh den Fhórsa Cosanta Áitiúil maidir leis an áis atá á cur ar fáil. Ní aontaím leis ar chor ar bith.

Nach mbíonn an tAire ag éisteacht nó b'fhéidir ag labhairt leis na daoine atá sa bhFórsa Cosanta Áitiúil? B'fhéidir go bhfuil sé ag labhairt le daoine eile, le Státseirbhísigh ina Roinn, nó fiú amháin daoine san Arm é féin, an tArm seasmhach. Ach na daoine atá sna Fórsaí Cosanta Áitiúla a thugann a n-am saor in aisce don Stát gach Domhnach nó oíche éigin den tseachtain ar feadh na bliana, tá an-mhíshástacht istigh sa bhFórsa sin agus is loc an rud é sin don Stát seo, mar sheas siad i gcónaí leis an Stát agus bhíodar ar fáil nuair a bhí cúrsaí práinne sa tír. Chabhraigh siad leis an Arm seasmhach.

Ba mhaith liom a rá maidir leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Maoildhia go bhfuil mise ar aon fhocal leis faoi chomh tábhachtach atá an chuid seo den Arm, an Fórsa Cosanta Áitiúil, go bhfuil an tír seo agus muintir na tíre seo faoi chomaoin acu, agus ba mhaith liom dá stopfadh an Teachta de bheith ag iarraidh a rá nach bhfuil suim agamsa san Arm nó sna Fórsaí Cosanta Áitiúla. Tá suim agam, labhraím leo, agus ní chloisim aon chlamhsán uathu.

Tá níos mói gceist sna cúrsaí seo ná traenáil i gcúrsaí airm. Go bhfuil ceist chomhluadair agus ceist faoin tábhacht atá ann go mbeadh deis ag na daoine seo teacht le chéile agus go gcuidíonn sé leo sa saol atá á chaitheamh acu, agus go mbaineann ógánaigh go leor buntáistí as na cúrsaí seo.

Chomh maith le taobh na traenála de, agus go mbaineann siad sult agus, go deimhin, dea-úsáid as a bheith le chéile bliain i ndiaidh bliana. Ba bhreá liomsa go mór dá mbeadh tréimhse coicíse, ach is ceist airgid í agus, mar a deirim, ba mhaith liomsa da mbeadh neart agam air, ach níl.

I wish to raise on the Adjournment the subject matter of Question No. 10, the intake of women into the Defence Forces.

Beidh mé ag teagmháil leis an Teachta.

Top
Share