Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 4 Nov 1986

Vol. 369 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Army Contingent in Lebanon.

7.

asked the Minister for Defence if he is satisfied with the safety aspect of our contingent operating in the Lebanon; and if he will make a statement on the matter.

The safety of Irish troops serving with the United Nations Interim Force in Lebanon is kept under constant review. Troops selected for such service undergo a rigorous programme of training designed to assist them in carrying out their peacekeeping duties and to provide for their protection. They are issued with a modern range of weapons and equipment. I am satisfied that the training, weapons and equipment of our troops are adequate to ensure maximum safety consistent with the performance of their duties.

The Government will continue to monitor developments in South Lebanon with a view to taking whatever measures may be necessary at any time to ensure the safety and welfare of our troops.

I rith an tsamhraidh cailleadh ceann de bhaill an Airm sa Liobáin. An aontódh an tAire nach bhfuil gach rud go maith sa tír sin? Dá mbeadh cothrom na Féinne ar fáil do mhuintir bhall agus baill an Airm agus do mhuintir bhall amháin den Arm — agus go raibh triúr daoine gafa i leith an ghnímh sin agus gur ligeadh saor iad i gceann cúpla seachtain. An inseodh an tAire dom na rudaí a rinne sé i ndiaidh do na rudaí sin tarlú, ar son Arm na tíre?

Ba mhaith liom a rá gur chuir bás an tsaighdiúra sin díomá orm agus orainn go léir. Is é an chéad fhear a cailleadh agus é ag dul dá chuid oibre. Gabhadh daoine ag an am agus níor scaoileadh saor iad. Níor scaoil muidne saor iad, ach thug muid iad i láthair Údarás an cheantair, na póilíní sa cheantar. Ach mar atá a fhios ag an Teachta agus ag Teachtaí uile an Tí seo, níl rudaí mar is ceart sa tír sin, go háirithe i ndeisceart na tíre, agus go bhfios dom ní rabhthas ábalta, go fóill ar aon nós, aon rud a chruthú go baileach maidir le cé rinne an rud seo. Tá tuairim againne cé rinne é agus cuireadh in iúl é seo do na daoine freagracha sa Liobáin féin agus, go deimhin, ag na Náisiúin Aontaithe. Bhí mé féin agus Peadar de Barra, an tAire Gnóthaí Eachtracha, i dteangmháil leis na húdaráis faoi seo. Ní fios go fóill céard a tharlóidh dá bharr.

An inseodh an tAire dúinn an fáth go raibh ar oifigeach de na Náisiúin Aontaithe teacht go dtí Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin? Cén fáth nár chuaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta féin go dtí na Náisiúin Aontaithe chun cás na tíre seo a chur os comhair na Náisiún Aontaithe agus cuardach a dhéanamh de bhrí an rud uafásach sin?

Chuaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha i dteangmháil le Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe, agus chuir seisean a chomharba anseo, an tUasal Goulding, agus bhuail an tAire Gnóthaí Eachtracha agus mé féin leis. Tháinig sé ar chomhairle an Rúnaí Ghinearálta, thug sé cuairt orainn agus ar an bhFrainc i ndiaidh na heachtra sin agus ina dhiaidh sin bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha i dteangmháil leis an Rúnaí Ginearálta i Nua-Eabhrac maidir leis an eachtra seo. Tig leis an Teachta a bheith cinnte — níor mhaith liomsa, a Cheann Comhairle, go ndéarfadh éinne sa Teach seo, tar éis eachtra den saghas sin nach ndearna mise nó an tAire Gnóthaí Eachtracha nó an Rialtas, nach ndearna muid ár ndícheall le cinntiú gur dearnadh gach uile rud mar is ceart, go háirithe i gcás mar seo, agus tá an-díomá orm seasamh anseo agus éisteacht le Teachta ón bhFreasúra, go háirithe tar éis eachtra den saghas seo, a chur i mo leith nach bhfuil mo dhícheall déanta agam.

Tá an t-am chun ceisteanna a chur ar an Aire Cosanta caite. Is éigean duinn anois dul go dtí ceist 16 in ainm an Teachta De Rossa.

Top
Share