Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Nov 1986

Vol. 369 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Obair sa nGaeltacht.

41. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ó tharla go mbeidh foireann Údarás na Gaeltachta anois ag feidhmiú le bord seasmhach an gcuirfidh sé an t-airgead a theastaíonn uathu go géar ar fáil dóibh lena chinntiú go gcuirfear obair ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Beidh Meastachán Forlíontach á chur faoi bhráid na Dála go luath chun an deontas-i-gcabhair do chaiteachas caipitil i 1986 a mhéadú.

Cé mhéid airgid atá i gceist nuair atáthar ag caint faoin deontas-i-gcabhair atá le cur ar fáil?

Tá £1,500,000 i gceist. Leis an scéal a mhíniú, a Cheann Chomhairle, cuireadh £500,000 ar fáil cheana. Tá £1,500,000 á chur ar fáil anois agus tá £530,000 á chur ar fáil le haghaidh gnó speisialta i gContae Mhaigh Eo. Níl a fhios agam go baileach cé mhéid de sin a chaithfear i mbliana ach tá an méid sin á chur ar fáil. Tá £2.539 milliúin breise á chur ar feáil thar mar ar cuireadh ar fáil mar deontas-i-gcabhair do chaiteachas caipitil i dtús na bliana seo nuair a cuireadh ar fáil £4.57 milliúin.

An n-aontódh an tAire go bhfuil an tÚdarás i ndroch-chaoi ceal airgid agus nach féidir leo dul chun cinn ceart a dhéanamh le postanna a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta? Nach fíor a rá, ó tháinig an tAire seo i gcumhacht, gur gearradh siar ar dheontaisí don Údarás le timpeall 40 faoin gcéad agus nach féidir leo an dul chun cinn a theastaíonn uathu a dhéanamh le postanna a chur ar fáil?

A Cheann Comhairle, sin é an saghas ráitis a thagann ón Teachta ó am go chéile atá mí-chruinn agus mícheart, agus níl sé fíor. Níor rinneadh gearradh siar agus ta na figiúirí anseo agam agus má theastaíonn ón Teachta na figiúiurí a fháil ó 1980 go dtí 1986 tabharfaidh mé dó iad agus feicfidh sé nach bhfuil gearradh siar ann agus, go deimhin, i mbliana, nuair a bhéas na Meastacháin nua curtha go dtí an Teach, beidh níos mó á fháil ag an Údarás ná mar a fuair siad ariamh cheana agus sin í an fírinne.

Tá figiúirí agamsa chomh maith don Aire. Gearradh siar 22.9 faoin gcéad i 1982, gearradh siar 10.5 faoin gcéad i 1983 agus sin 40.2 faoin gcéad. Tá na figúirí sin fíor agus ní féidir iad a shéanadh agus nach é fírinne an scéil é chomh fada is a bhaineann sé leis an Údarás cé go bhfuil postanna á gcur ar fáil acu go bhfuil daoine ansin ag fuireach le dul isteach agus go bhfuil an tÁire agus an Rialtas ag cur cosc ar an Údarás ina gcuid oibre maidir le postanna a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta?

Níl an fhírinne ina hiomlán á insint ag an Teachta. Má tá sé ag insint na fírinne, cén míniú atáaige go bhfuil fostaíocht sa Ghaeltacht ag dul i méid chuile bhliain ó 1980 agus, cuir i gcás, i rith na mblianta nuair atá fostaíocht go ginearálta sa tír seo ag dul i léig, ag dul síos, tá fostaíocht na gceantracha Gaeltachta ag dul i méid? Ní thagann an dá argóint le chéile.

Tá a fhios ag an Aire go rí-mhaith go bhfuil cosc ar Údarás na Gaeltachta na postanna a chur ar fáil agus go mbeadh tuilleadh postanna curtha ar fáil agus sin de bharr na hoibre atá á déanamh ag baill tofa Údarás na Gaeltachta, an troid atá siad ag déanamh ar mhaithe leis na Gaeltachtaí agus ar mhaithe le postanna a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus tá cosc á chur orthu ag an Aire agus an Rialtas seo de bharr airgid.

Beidh suim airgid níos mó ná mar a cuireadh ar fáil dóibh riamh.

Tá Sé romhaith?

Agus sin é an méid atá le rá ag an Teachta?

(Cur isteach.)

Dá mbeadh níos mó airgid acu bheadh níos mó postanna curtha ar fáil.

Tá an t-am istigh.

I should like, with the permission of the Ceann Comhairle, to raise on the Adjournment the matter of the postal disruption in Dundalk as a result of the strike.

I will communicate with the Deputy.

Top
Share