Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Nov 1986

Vol. 370 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éide.

14. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais céard iad na socruithe atá déanta aige le Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éide a choinneáil ar oscailt mar Choláiste lán-Ghaelach don dara leibhéal.

17. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais céard iad na socruithe atá déanta aige le hoideachas don dara leibhéal a chur ar fáil do Ghaeltacht Thuar Mhic Éide, Contae Mhaigh Eo.

Tá mé chun ceist 14 agus ceist 17 a thógaint le chéile.

Is meán scoil phríobháideach í Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éide, atá faoi bhainistíocht Siúracha na Trócaire. Is iad na Siúracha a chinn ar an scoil a dhúnadh anuas de réir a chéile: chuir said in iúl don Roinn nach raibh said ábalta an scoil chónaithe a choinneáil ar oscailt de bharr na ndeacrachtaí a bhain leis.

Freisin, bhí na Siúracha den tuairim nach n-éireodh go maith le scoil lae amháin toisc an líon fiór-bheag daltaía bheadh ag freastal uirthi. Dá ainneoin seo, ba mhaith liom a rá go bhfuil mo Roinn-se toilteanach géar-scrúdú báúil a dhéanamh ar mholtaí ar bith a thiocfaidh os a comhair maidir le Coláiste Mhuire a choinnéail ar oscailt mar iarbhunscoil lán-Ghaelach faoin a mhalairt de chóras bhainistíochta. Go dtí seo, níl iarratas ar bith faighte san Roinn.

An aontódh an tAire go bhfuil míshástacht agus diomá ar mhuintir na Gaeltachta i gcoitinne mar gheall ar nach bhfuil oideachas den dara leibhéal le fáil acu i gColáiste Thuar Mhic Éide mar choláiste cónaí agus go mba mhaith le muintir na Gaeltachta agus muintir Thuar Mhic Éide, go mór mhór, go mbeadh scoil dá chineál ar oscailt mar scoil lae go dtí go mbeidh deis ag a gcuid páistí oideachas a fháil trí Ghaeilge.

Tá a fhios agam go maith, mar is eol don Teachta Gallagher, na deacrachtaí atá ag baint leis seo. Shocraigh mé go mbeadh cruinniú idir an Aire féin agus coiste na háite. Tharla sé sin athrú inné, agus sílim go raibh an coiste sásta leis na freagraí a thug an tAire dóibh. Mar a dúirt mé cheana sa Dáil— agus bhí an Teachta féin ag caint air freisin, tá an Roinn báúil don iarbhunscoil lán-Ghaelach seo agus dá mbeadh córas bainistíochta sásúil eile curtha ar bun, bheims báúil dó sin, ach níl iarratas ar bith faighte sa Roinn go fóill onn gcoiste.

An bhfuil aon eolas ag an Aire faoi céard atá i gceist ag na mná rialta? An bhfuil siad sásta an scoil a chur ar fáil ar léas nó a dhíol le coiste áitiúil a bheadh sásta leanúint ar aghaidh le scoil lán-Ghaelach.

Níl mé lán chinnte faoi sin go fóill agus sin as fáth gur iarradh ar an choiste ón áit cruinniú a bheith acu leis an Aire—agus tharla sé sin athrú inné, mar a dúirt mé—agus sílim go mbeidh an fhadhb i bhfad níos soiléire as seo amach.

An fiór gur aontaigh an Roinn Oideachais go mbeadh áit sa scoil phobail atá le tógáil i mBaile an Róba le freastal ar pháistí as cheantar Thuar Mhic Eide, agus an é atá i gceist leis sin go bhfuil an Roinn ag glacadh leis nach mbeidh an scoil seo á oscailt. Níl sé sin ag teacht lies an méid atá á rá ag an Aire ó thaobh scoil Thuar Mhi Eide a chinneáil ar oscailt.

Níl baint ar bith idir bunú na pobal scoile i mBaile an Róba agus aon phobal scoil eile. Bheadh spás go leor ann do na daltaí dá mbeadh orthu dul ann. Níl mé á rá sin. Is leis na mná rialta an coláiste, mar is eol don Teachta, agus bheadh an Roinn i bhfábhar an iarbhunscoil lán-Ghaelach leanúint ar aghaidh dá mba rud é raibh córas sásúil bainistíochta eile curtha ar bun.

Top
Share