Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Dec 1986

Vol. 370 No. 9

Written Answers. - Aerstráicí Oileáin Árainn.

12. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige deontas a cheadú d'fhonn aerstráicí Oileáin Árainn a tharráil agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta go gcuirfí airgead ar fáil i gcomhair soilse do na haerstraicí in Arainn.

Tógfaidh mé Ceisteanna a 12 agus 13 le chéile.

Maidir leis na haerstráicí ar na trí Oileáin Árainn tá cead tugtha d'Údarás na Gaeltachta caiteachas mar seo a leanas a dhéanamh chun an talamh ar a bhfuil na haerstráicí a cheannach agus chun dromchla crua a chur orthu:

Inis Mór, £135,019; Inis Meáin, £153,678; Inis Oírr, £224,190. Iomlán, £512,887.

San áireamh san tsuim atá údaraithe d'Inis Meáin tá £8,500 le haghaidh obair chothbhála ar an gcuid den aerstráice ar a bhfuil dromchla crua cheana féin. Tuigim ón Údarás gur mar seo a leanas atá maidir leis an obair a chur i gcrích:

Inis Mór agus Inis Meáin: Táthar ag súil leis go dtosófar ar an obair san Earrach.

Inis Oírr: Ach deacrachtaí teidil a bheith réitithe meastar go mbeifear in ann tús a chur leis an obair i rith na bliana seo chugainn.

Maidir le soilse ar na haerstráicí tá an cheist á coimeád faoi bhreithniú ag an Údarás.

Top
Share