Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 7 Apr 1987

Vol. 371 No. 8

Written Answers. - Ionaid Cheardaíochta do Ghaeltacht na Rinne.

28. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta ionaid cheardaíochta a bhunú ina chuid talún i mBaile na nGall, i nGaeltacht na Rinne; agus cathain a thosóidh an obair thógála ar na hionaid sin.

Tá breithniú á dhéanamh ag an Údarás ar thogra chun aonaid cheardaíochta a thógáil i nGaeltacht na Rinne ach níl aon chinneadh déanta fós.

Top
Share