Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Jun 1987

Vol. 373 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Liúntais do Mhná Tí Gaeltachta.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil aon ardú i liúntas na Roinne do mhná tí na gColáistí Samhraidh Gaeltachta i mbliana.

Ag féachaint don ghéarchéim airgeadais atá ann faoi láthair, níl sé beartaithe aon mhéadú a dhéanamh i mbliana ar na deontais a íoctar faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge le mná tí Gaeltachta.

An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl cad é go díreach an deontas in aghaidh an lae a íoctar leis na mná tí agus cén uair a tugadh an t-ardú deireannach dos na mná tí sa Ghaeltacht.

Tá siad ag fáil £3.10 in aghaidh an lae i láthair na huaire. Fuair siad 10p de ardú i 1986. Bhí £3 á n-íoc in aghaidh an lae i 1985 agus anuraidh fuair siad an t-ardú sin de 10p.

An bhfuair an tAire iarratas ó Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh i mbliana faoi ardú do na mná tí, fiú amháin ardú cothrom leis an ardú sa chostas maireachtála?

Níl mé lán cinnte an bhfuair an Roinn aon iarratas ach chomh fada agus a bhaineann liom féin ní bhfuair mé aon iarratas pearsanta ó tháinig mé isteach mar Aire Stáit.

Sílim gur uafásach an scéal ar fad é nach bhfuil an Rialtas sásta aitheantas a thabhairt go bhfuil boillsciú sa Ghaeltacht chomh maith le gach áit eile sa tír agus go gcuirfidh sé isteach go mór ar na coláistí samhraidh, mar titfidh an costas breise ar na tuismitheoirí a chuireann a gcuid daltaí go dtí an Ghaeltacht. Is náireach an scéal é.

Ceist ghairid, led' thoil, a Theachta.

Iarraim ar an Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an cheist seo, mar tá na mná tí ag súil le ardú, fiú amháin 10p eile.

Bíonn costais ag gabháil le coinneáil na bpáistí ach sílim go bhfuil na tuismitheoirí sásta breis a thabhairt i mbliana agus dá bhrí sin níl sé i gceist againn aon airgead breise a thabhairt. Ní dóigh liom go bhfuil an oiread sin ardú ó thaobh costas beatha agus mar sin de; níl an boillsciú chomh dian sin, agus sílim go gcaithfidh siad bheith sásta leis an méid atá á fháil acu i mbliana.

Is millteanach an scéal é nach bhfuil aon ardú le fáil ag mná tí na Gaeltachta i mbliana.

An bhfuil a fhios ag an Aire an mbeidh méadú nó laghdú ar líon na ndaltaí ag freastal ar na scoileanna samhraidh i mbliana?

Níl an t-eolas sin agam ach tá na figiúir seasta go leor le blianta beaga anuas. Ní athraíonn siad morán. Bhí laghdú beag anuraidh, ó 15,469 go dtí 15,191, ach bíonn na figiúir réasúnta seasta; bíonn siad ag teacht ar 15,000, b'fhéidir cúpla céad os a cionn nó thart air sin.

Top
Share