Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Jun 1987

Vol. 373 No. 2

Written Answers. - Gaeltarra Éireann.

45.

asked the Taoiseach (a) the amount due to the Exchequer by Gaeltarra Éireann for repayable advances made to that body as at the date of its dissolution; (b) the amount due to the Exchequer by Údarás na Gaeltachta for repayable advances made to that body up to 31 March 1987; (c) the amount of repayable advances to be made to Údarás na Gaeltachta between 1 April 1987 and 31 December 1987; (d) the total amount due by way of interest on repayable advances by both Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta as at 31 March 1987; (e) the reason interest charges have not been collected on repayable advances to Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta from the date of their formation to date, as in the case of other semi-State companies who are obliged to pay interest on loans such as these; (f) the reason the new Údarás na Gaeltachta (Amendment) Act, 1987, only provides for a £10 million increase in the amount of repayable advances to Údarás na Gaeltachta; (g) the way in which the Exchequer issues interest free loans to Údarás na Gaeltachta and the source from which the Exchequer bears the loss of interest on such repayable advances; (h) the source from which Údarás na Gaeltachta can repay arrears of interest due on repayable advances made to Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta to 31 March 1987, when both bodies have to date lost £22 million of public money arising out of the trading activities of companies formed by Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta over the past 20 years.

(1) Tá airleacain inaisíoctha dar luach £91.791 milliún faighte ag Gaeltarra Éireann-Údarás na Gaeltachta ón bPríomh-Chiste ó 1 Aibreán 1965 go dtí 31 Márta 1987 — £41.791 milliún ag Gaeltarra ó 1 Aibreán 1965 go dtí 31 Nollaig 1979 agus £50 milliún ag an Údarás ó Eanáir 1980 ar aghaidh.

(2) Cé go bhfuil suim £5 milliún ceadaithe don Údarás mar airleacan i 1987 níl aon chuid de íoctha go fóill. Ghlac an Dáil agus an Seanad leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987, le déanaí faoinar méadaíodh an uasteorainn d'airleacain don Údarás a shonraítear in alt 23 (4) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, ó £50 milliún go £60 milliún. Meastar gur leor an £10 milliún breise chun riachtanais an Údaráis a shásamh go ceann tamaill eile.

(3) Faoi alt 23 (2) (c) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, ní bheidh aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann tar éis 1 Aibreán 1965 ná aon airleacan a chuirtear ar fáil don Údarás inaisíoctha (ná ní bheidh ús iníoctha ar an gcéanna) go dtí cibé dáta a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh le hAire na Gaeltachta. Is é an tAire Airgeadais ar mholadh ó Aire na Gaeltachta a eisíonn na hairleacain don Údarás agus is ar an Stát-Chiste a thiteann costas an úis i leith na n-iasachtaí a fuarthas chun na hairleacain sin a thabhairt. Ní bheadh sonraí faoin tsuim atá i gceist ag Roinn na Gaeltachta.

Top
Share