Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Jun 1987

Vol. 373 No. 5

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Cábla-charr do Chontae Mhaigh Eo.

5. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas cábla-charr a chur ar fáil do Mhuintir Inis Bigil, Contae Mhaigh Eo, mar a moladh roimh an Olltoghcán le déanaí.

Ag féachaint don chostas ard a bhainfeadh le togra mar seo, agus do na srianta ar chaiteachas i láthair na huaire, tuigfidh an Teachta go gcaithfear é a mheas go cúramach. Tá an togra á scrúdú i gcónaí ag mo Roinnse i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais agus le Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus déanfar cinneadh ina leith a luaithe is féidir.

I bpreas-agallamh i mí Dheireadh Fómhair seo caite bhí súil ag Roinn na Gaeltachta ag an am sin go mbeadh cinneadh déanta faoi thuarascáil na Roinne. An bhfuil cinneadh déanta agus más rud é go molann an tuarascáil amhlaidh, an gcuirfidh an tAire airgead ar fáil chun an togra seo a chur ar siúl?

Mar is eol don Teachta, bhí sé cinn de thograí le scrúdú maidir le seirbhís a chur ar fáil do Inis Bigil. I láthair na huaire níl cinneadh iomlán déanta agus nuair a bheidh sé déanta, cuirfear iarratas chuig an Roinn Airgeadais le feiceáil an bhfuil siad in ann an t-airgead a chur ar fáil.

An bhfuil an tAire ag súil go mbeidh sé in ann cinneadh iomlán a dhéanamh go luath, taobh istigh de chúpla mí nó mar sin?

Tá an rud á mheas faoi láthair. Seo scéim a bhféadfaí airgead a chur ar fáil dí on Chiste Réigiúnach. Tá an scéal sin ar fad faoi chaibidil. Déanfar cinneadh air agus déanfar socrú má bhíonn an t-airgead ar fáil ón Roinn Airgeadais.

Top
Share