Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Jun 1987

Vol. 373 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Grants for Gaeltacht Areas.

1.

asked the Taoiseach if he will give details of new house grants and house improvement grants available in Gaeltacht areas.

Sonraítear na deontais atá ar fáil d'iarratasóirí cáilithe sna ceantair Ghaeltachta i dTábla a chuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil.

Seo a leanas an Tábla:—

An Saghas Oibre

Deontas uasta £ (nóta 1)

Teach nua a thógáil

3,000

(nóta 2)

Feabhsúchán riachtanach ar bhunchreathlach an tí

2,300

Fuinneoga agus doirse seachtracha atá fabhtach a athnuachan

900

Méadú ar theach

2,300

Seomra Folctha

800

Córas Uisce Píopaithe

560

Córas Séarachais

500

Simléar bloic/cloiche a thógáil i dteach gan simléar

800

Seanteach (a tógadh roimh 1940) a athnuachan agus a dheisiú

5,500

Méadú speisialta do chuairteoirí

270

(do sheomra amháin — uasmhéid trí sheomra) (nóta 3)

Seanchóras uisce agus séarachais a fheabhsú

170

Nótaí:

(1) Ar oileáin amach ón gcósta a shonraítear mar Ghaeltacht in Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956-1982, méadaítear na deontais sin de 50 faoin gcéad.

(2) I gcás iarratasóra ar dheontas i leith tí nua i gceantar Gaeltachta atá lasmuigh de na limistéirí a shonraítear in Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956-1982, ní mór an Roinn a shásamh go bhfuil cónaí ar an iarratasóir sin i sean teach atá neamhoiriúnach ar fad chun cóiríocht cheart shláintiúil a thabhairt dó féin agus dá chúram agus go mbeadh i gceist an teach nua a thógáil in ionad an tseantí sin.

(3) Níl an deontas seo ar fáil ach sna limistéirí a shonraítear mar Ghaeltacht in Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956-1982.

An bhféadfainn a iarraidh ar an Aire an bhfuil deontais níos airde ar fáil ar na hoileáin atá sa Ghaeltacht ná na deontais atá ar fáil sna hoileáin nach bhfuil sna ceantair Ghaeltachta, agus an bhfuil sé riachtanach ar na hoileáin go mbeadh conraitheoir cláraithe i gceist sula n-íocfaí deontas agus an bhfuil a fhios ag an Aire nach bhfuil conraitheoirí cláraithe ar fáil sna hoileáin seo agus dá bharr sin níl a lán daoine in ann tairbhe a bhaint as na deontais sin?

Tá 50 faoin gcéad sa bhreis ar dheontais do dhaoine atá in a gcónaí ar oileáin Ghaeltachta agus tá an deontas sin níos airde ná an deontas atá le fáil ar oileáin Ghaeltachta iad. Tuigim an cheist a chuir an Teachta faoi chonraitheoirí. Tá deacracht maidir le conraitheoirí ar na hoileáin agus tá an rud sin á mheas i láthair na huaire.

Cén fáth go bhfuil deontas 50 faoin gcéad níos mó ar fáil ar na hoileain Ghaeltachta ná ar na hoileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht?

Is dócha go dtuigeann an Teachta go bhfuil deacrachtaí ag muintir na n-oileán le fearaistí agus ábhair tí a thabhairt isteach nuair a bhíonn teach á thógáil, go mbíonn costais níos mó orthu. Sin an fáth gur cuireadh an deontas 50 faoin gcéad sa bhreis ar fáil do mhuintir na n-oileán, agus tá an riail sin ann le fada an lá, sílim o 1977. Mar a dúirt mé leis an Teachta, níl na deontais chéanna le fáil ar oileáin nach oileáin Ghaeltachta iad.

Ceist ghairid agus deireannach ón Teachta anois.

Má ghlacann an tAire go bhfuil costais sa bhreis ar oileáin agus go bhfuil gá le 50 faoin gcéad méadú ar an deontais, an bhfuil sé féaráilte an deighilt a dhéanamh agus an 50 faoin gcéad a dhiúltú dóibh siúd atá ina gcónaí ar oileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht? Nach bhfuil sé in am anois na deontais chéanna a bheith ar fáil dóibh siúd atá in a gcónaí ar oileáin is cuma sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht iad.

Faigheann daoine atá in a gcónaí ar oileáin nach oileáin Ghaeltachta iad breis deontais ar an méid a bhíonn le fáil ag duine ar an mórthír. Tá 50 faoin gcéad sa bhreis le fáil acu ach san am céanna níl sé chomh hard go fóill leis na deontais atá á bhfáil ar na hoileáin Ghaeltachta.

Nach bhfuil sé fíor nach bhfuil na deontais deisiúcháin ar fáil chor ar bith anois ar na hoileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht?

Ar aghaidh linn anois go Ceist 2.

Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn agam an cheist seo a phlé ar Athló na Dála anocht.

Ceart go leor.

Top
Share