Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Jun 1987

Vol. 373 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord na Gaeilge.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta le obair Bhord na Gaeilge go dtí seo agus cén tacaíocht atá á tabhairt ag an Rialtas i mbliana chun plean an Bhoird Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé ar intinn aige deireadh a chur le Bord na Gaeilge agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Tóghfaidh mé Ceisteanna 1 agus 2 le chéile.

Tá mé lánsásta go bhfuil obair fhiúntach á déanamh ag Bord na Gaeilge agus níl bunús dá laghad le haon luaidreán a chiallódh go bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leis. Tá níos mó airgid curtha ar fáil don bhord i mbliana sna Meastacháin ná mar a bhfuair sé anuraidh agus féachfar chomh báúil agus is féidir — ag cur san áireamh na srianta ar chaiteachas poiblí — ar na moltaí sa Dara Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge atá á ullmhú ag anmBord agus a fhoilseofar i mbliana.

Tá mé sásta nuair a deireann an tAire nach bhfuil fírinne ar bith sa ráiteas a cuireadh amach le déanaí go bhfuil sé ar intinn aige deireadh a chur leis an mbord. An bhfuil a fhios aige cathain a bheidh an dara plean tagaithe amach ó Bhord na Gaeilge agus an dtabharfaidh sé geallúint dúinn go mbeidh airgead ar fáil ón a Roinn i mbliana chun é sin a chur i gcrích má thagann sé os ár gcomhair roimh dheireadh na bliana?

Tuigim go bhfuil an dara plean beagnach réidh anois ag an mbord agus go mbeidh sé ar fáil i gceann tréimhse beag eile. Mar a luaigh mé sa freagra tá níos mó airgid curtha ar fáil don bhord i mbliana ná mar a cuireadh ar fáil anuraidh. Tá mé cinnte go mbeidh an Rialtas sásta oiread tacaíochta agus is féidir a thabhairt don bhord leis an dara plean a chur i bhfeidhm.

An mbeidh seans againn an plean sin a phlé sa Dáil am ar bith nuair a thagann sé os ár gcomhair.

Tá mé cinnte go mbeidh an Rialtas sásta an t-am a thabhairt chun an plean a phlé nuair a bheidh sé réidh. Rinneadh é sin cheana.

Maidir leis an tuarascáil a ba chóir go mbeadh ar fáil ón bhfóchoiste den rialtas áitiúil agus des na heagrais éagsúla a raibh baint ag Bord na Gaeilge leo cúpla bliain ó shin, cathain a bheidh an tuarascáil sin ar fáil?

Níl aon eolas beacht agam ar sin ach cuirfidh mé tuairisc agus cuirfidh mé an t-eolas ar fáil don Teachta chomh luath agus is féidir.

Go raibh maith agat. Tá rud beag eile a bhaineann leis sin: cuireadh iarratais isteach chuig roinnt des na rialtais áitiúla, go háirithe Comhairle Chontae na Gaillimhe, chun córas aistriúcháin a chur ar fáil agus cabhair airgid a fháil chun é sin a chur i gcrích. An bhfuil an tAire Stáit in ann a rá go dtabharfar airgead dos na rialtais áitiúla éagsúla chun córas ceart aistriúcháin a chur ar fáil dos na baill go dteastaíonn uathu Gaeilge a úsáid?

Mar is eol don Teachta, tá srian curtha ar chaiteachas airgid agus níl mé cinnte an gcuirfear airgead ar fáil le cuidiú leis an gcóras aistriúcháin atá i gceist, ach tá a fhios agam go bhfuil Bord na Gaeilge ag déanamh a ndíchill go mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt ag na comhairlí contae agus ag na heagrais Stáit ar fad. Tá mé cinnte go ndéanfaidh siad a ndícheall, taobh istigh des na srianta airgead atá orthu, cuidiú leis na comhairlí áitiúla an beartas seo a chur chun cinn.

Top
Share