asked the Taoiseach the number of new industrial projects in Gaeltacht areas which have received grant approval since 1 January 1987.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Industrial Projects.
4.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur ceadaíodh cúnamh do 26 thogra nua tionsclaíochta ó 1 Eanáir go dtí 12 Meitheamh 1987. Ina theannta sin ceadaíodh cúnamh breise sa tréimhse chéanna do 13 thogra atá ann cheana féin.
An bhféadfadh an tAire a rá cé mhéid postanna atá i gceist sna tograí atá ceadaithe agus cé mhéid airgid a bhí i gceist i leith na ndeontas a ceadaíodh.
£2.5 mhilliún a bhí i gceist agus níl a fhios agam go baileach cé mhéid post atá i gceist ach tig liom an t-eolas sin a fháil don Teachta.