Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Jun 1987

Vol. 373 No. 13

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta Grants.

68.

asked the Taoiseach the total amount of moneys allocated by Údarás na Gaeltachta to Plandaí Corca Dhuibhne, County Kerry, for the years 1985, 1986 and 1987 under the headings capital grant, research and development and training grants; the total amount of money involved in FEOGA grants; the amount of money paid by way of FEOGA grants; the number of full time jobs which have been created; and if he will make a statement on the matter.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur íocadh deontas caipitil dar luach £51,000 leis an gcuideachta i 1985 agus gur infheistíodh suim £20,000 sa tionscal mar scaireanna tosaíochta sa bhliain chéanna; nár íocadh aon chúnamh leis an gcuideachta ó shin i leith; nach bhfuair an chuideachta aon chúnamh ó FEOGA; gur ceapadh leachtaitheoir ar an gcuideachta ag deireadh 1986 agus go bhfuil seisean ag iarraidh ceannaitheoir oiriúnach a aimsiú do na sócmhainní; agus nach bhfuil éinne fostaithe sa ghnó faoi láthair.

69.

asked the Taoiseach if the Government will review the activities of Údarás na Gaeltachta regarding the allocation of grants; and if he will make a statement on the matter.

Tá mé sásta go bhfuil obair fhiúntach ar siúl ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le muintir na Gaeltachta. Foilsíonn an tÚdarás Tuarascálacha Bliantúla ina dtugtar sonraí iomlána faoi na deontais a íocadh in aon bhliain ar leith. Ar ndóigh, leagtar na tuarascálacha sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Ní miste a lua freisin go bhfuil tuarascáil chuimsitheach ar an Údarás curtha ar fáil ag Comhchoiste an Oireachtais um Chomhlachtaí Stát-tionscanta Tráchtála agus tá scrúdú á dhéanamh ar na moltaí a rinneadh inti ar a n-áirítear moltaí maidir le deontais a cheadú.

Top
Share