Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Oct 1987

Vol. 374 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bád Farantóireachta d'Árainn Mhór.

9. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén uair a bheidh bád farantóireachta Árainn Mhór ag dul i mbun seirbhíse arís agus ó tharla go bhfuil "Misneach" as úsáid le trí seachtainí an bhfuil aon socrú dá dhéanamh aige le freastal ar mhuintir an oileáin sin san am i láthair.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbeidh an bád á scrúdú ag an suirbhéir muirí inniu chun cibé lochtanna atá ann a aimsiú le go bhféadfar iad a cheartú a luaithe is féidir. Idir an dá linn tá iarrtha ag an Údarás ar lucht stiúrtha na seirbhíse gach dícheall a dhéanamh chun socruithe sealadacha a chur i bhfeidhm d'fhonn freastal ar riachtanais mhuintir an oileáin.

An aontódh an tAire go bhfuil easpa seirbhíse ag cur isteach go mór ar mhuintir an oileáin agus muid ag dul isteach san gheimhreadh? Deir an tAire go bhfuil an cheist á scrúdú i láthair na huaire. An bhféadfadh sé aon tuairim a thabhairt cén uair a bheidh an scrúdú déanta agus cén uair gur féidir a bheith ag súil leis an tseirbhís seo? Chuidigh sé go mór leis an oileán le trí bliana; cén uair a thiocfaidh sé ar ais?

Mar atá a fhios ag an Teachta ní féidir leis an Údarás é féin an tuarascáil seo a dhéanamh maidir leis an tseirbhís a chur ar fáil ach tá suirbhéir muirí faighte acu agus tá an scrúdú á dhéanamh aigesean. Chomh luath agus a bhéas an suirbhé sin críochnaithe beidh an tÚdarás in ann dul ar aghaidh leis an bád a dheisiú, a chóiriú agus a chur ar ais chun freastal ar mhuintir an oileáin.

Nuair a bheidh an scrúdu déanta is cosúil go gcosnóidh an obair a bhéas le déanamh roinnt airgid. An féidir leis an Aire Stáit a chur in iúl dúinn cé íocfas an t-airgead? An é Údarás na Gaeltachta a dhéanfaidh é?

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá an bád ar léas. Tá coinníollacha áirithe ag baint leis an léas sin. Caithfear an cheist a mheas nuair a fheictear cén caiteachas atá i gceist.

An bhfuil airgead ag an Údarás fá choinne costais mar sin a íoc agus, go speisialta, an mbeidh airgead ag an Údarás chun costais mar sin a íoc ó tharla an laghdú uafásach don Údarás a bhí sna Mheastacháin inné?

Tá an tÚdarás sásta i gcónaí freastal a dhéanamh ar mhuintir Árainn agus ar mhuintir na Gaeltachta agus tá mé cinnte nach loicfidh siad orthu sa chás seo nuair a bheidh an rud ar fad pléite.

Ba mhaith liom——

Ar aghaidh linn anois go ceist a 10.

Top
Share