Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 Nov 1987

Vol. 375 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Imirce ó Cheantair Ghaeltachta.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach an féidir leis a rá cén méid atá imithe ar imirce ó gach Ceantar Gaeltachta le trí bliana anuas agus an bhfuil tacaíocht nó comhairle ar bith á tabhairt ag Roinn na Gaeltachta chun go mbeifí in ann oibriú go dleathach thar lear; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi.

Tuigim ón bPríomhoifig Staidrimh nach bhfuil staitisticí den chineál sin ar fáil. Ní thugann Roinn na Gaeltachta comhairle den chineál atá i gceist ag an Teachta toisc nach cuid dá cúram í.

Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil na mílte den aos óg ag tréigean na tíre faoi láthair agus iad ag imeacht go Sasana agus go Meiriceá. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit bualadh le polaiteoirí sna Stáit Aontaithe agus le comhaltaí de na heagrais a bhfuil suim acu san aos óg atá go mídhleathach sna Stáit Aontaithe faoiláthair leis an cheist sin a phlé?

Mar a dúirt mé, ní bhaineann sé sin go hoifigiúil le Roinn na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil suim ag an Roinn Ghnóthaí Eachtracha agus ag cuid de na hAirí Stáit sna cúrsaí seo agus go bhfuil siad sásta gach cabhair is féidir a thabhairt do na daoine seo atá i Meiriceá i láthair na huaire.

Tá a fhios ag an Aire Stáit freisin go bhfuil neart de aos óg na Gaeltachta, go hiondúil, imithe go Sasana, agus an bhfuil sé ar intinn aige cabhair ar bith a thabhairt ó Roinn na Gaeltachta do na hIonaid Éireannacha atá i Londain agus i Manchester?

Mar a dúirt mé sa fhreagra, ní thagann na cúraimí sin go díreach faoi Roinn na Gaeltachta, ach fad is a bhaineann sé liom go pearsanta tá teagmháil agam le daoine atá i Sasana agus ba maith liom go gcuideodh an Rialtas leo gach bealach is féidir leo, ach ní trí Roinn na Gaeltachta ach trí an Roinn Ghnóthaí Eachtracha.

Nach bhfuil a fhios ag an Aire Stáit agus Aire na Gaeltachta go bhfuil na liostaí fostaíochta sna Gaeltachtaí níos faide anois ná mar a bhí siad riamh? I dTír Chonaill tá dhá mhíle go leith duine ar an liosta sin, agus tá casadh tubaisteach sa scéal le tamall: ní amháin go bhfuil daoine singil ag imeacht ach go bhfuil teaghlaigh iomlána ag imeacht go dtí na Stáit Aontaithe agus go dtí an Bhreatain. An bhféadfadh an tAire a insint go bhfuil sé sásta nó an mbeidh sé ar chumas Údarás na Gaeltachta, leis an ísliú tubaisteach atá ar dheontas caipitil i mbliana, cur le fostaíocht sa Ghaeltacht?

Ní inniu nó inné a thosaigh daoine ag fágáil na Gaeltachta. Tá sé seo ar siúl lena trí nó ceathair de bhlianta, agus tá an tÚdarás ag fáil lántacaíocht ón Rialtas seo le fostaíocht a chur chun cinn. Seo an Rialtas a chuir an tÚdarás ar bun agus seasfaidh siad leis an Údarás le cibé airgead atá ag teastáil uathu a chur ar fáil le postanna a chruthú do mhuintir na Gaeltachta.

Tá difear eile ann i mbliana. Tá ísliú 37 faoin gcéad den deontas caipitil don Údarás, agus conas is féidir leo postanna a chruthu agus an deontas chomh híseal le sin?

Tigim leis na figiúirí atá á dtabhairt ag an Teachta. Mhínigh mé i gceist Dála anseo cheana faoin laghdú atá le deontas caipitil. Bhí deontas faoi leith a bhí os cionn £2 mhilliún do chomhlacht áirithe i mo dháilcheantar féin agus ní tharlaíonn sé sin de ghnáth. Agus má thógann tú na figiúirí i gceart ní laghdú 37 faoin gcéad atá ann ach laghdú 24 faoin gcéad. Ach mar sin féin, tá sinne sásta go bhfuil go leor airgid ag an Údarás lena gcuid oibre a dhéanamh agus tabharfaidh an Rialtas seo gach tacaíocht dóibh is féidir.

Ar aghaidh le ceist a 4.

Top
Share