Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Nov 1987

Vol. 375 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Women's Groups Funding.

1.

asked the Taoiseach if his attention has been drawn to the severe difficulties created for 55 women's groups whose funding through the Council for the Status of Women has been ended, as a result of the major reduction in Government allocation to the Council; if he intends to take any measures to assist these groups, many of which will now find it virtually impossible to continue operating; and if he will make a statement on the matter.

Faoi mar a chuir an Taoiseach in iúl don Teach seo ar 7 Aibreán, agus arís ar 28 Deireadh Fómhair, i mbliana, is ceisteanna a éireoidh as réimse leathan polasaíthe iad stádas agus deiseanna cothroma do mhná a bhaint amach. Is fearr, mar sin, go mbeadh an fhreagracht do ghnéithe ar leith de ghnóthaí na mban á cur i bhfeidhm trí fhreagracht a bheith á glacadh ag Airí aonaracha laistigh dá réimsí polasaí féin chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le deiseanna agus stádas na mban.

I gcomhréir leis seo, is ceist d'Airí aonaracha í cúnamh airgid a chur ar fáil do ghrúpaí ban ar leith. Tá an cúnamh don Chomhairle um Stádas na mBan féin, ag leibhéal £90,000 i 1988, níos airde ná an tsuim £88,000 a cuireadh ar fáil i 1986, agus arís 1987.

Is dócha go bhfuil a fhios ag an Aire gurb iad na mná i gcónaí atá faoi bhrú, go mórmhór ó thaobh bochtanais agus dífhostaíochta agus mar sin de. An bhfuil a fhios ag an Aire go raibh go leor eagraíochtaí, deirtear, ag fáil taca de shaghas éigin roimhe seo, suas le £100,000 chomh maith leis an £88,000 a bhfuil tú ag caint faoi? Mar sin, an féidir leis an Aire a rá conas is féidir le Comhairle chun Stádas na mBan £100,000 a fháil ón £90,000 atá siad ag fáil faoi láthair chun cabhair a thabhairt do na heagraíochtaí eile seo?

An £88,000 a fuair an Chomhairle chun Stádas na mBan anuraidh nó i mbliana agus an bhliain roimhe sin, ba shin dóibh féin amháin; agus an t-airgead a cuireadh ar fáil do eagraíochtaí eile ban, tháinig cuid de sin ó Roinn an Taoisigh agus an chuid eile de óna Ranna Stáit eile cosúil leis an Roinn Sláinte, an Roinn Oideachais, an Roinn Tionscail agus Tráchtála agus mar sin de. Beidh sé suas do na Ranna Stáit sin déileáil leis na heagraíochtaí ban sin ina réim féin i gcaitheamh na bliana seo chugainn taobh istigh den Mheastachán atá ar fáil do na Ranna Stáit éagsúla. Chomh fada agus a bhaineann sé le Comhdháil chun Stádas na mBan féin, an rud is mó atá ag cur as dóibh sin faoi láthair ná an foirgneamh ina bhfuil an chomhdháil suite mar go bhfuil an foirgneamh sin ró-bheag. Agus tá comhráite ar siúl an tseachtain seo le feidhmeannach de chuid na Comhdhála agus le hoifigigh ó Roinn na nOibreacha Poiblí le féachaint an féidir linne a theacht ar fhoirgneamh a bheadh níos mó agus níos rathúla, agus a chuideodh leis na coistí eile ban arb é an costas is mó a chuireann as dóibh ná cíos nó léas a íoc ar an bhfoirgneamh ina ndéanann siad iarracht a gcuid gnóthaí a reachtáil. Dá bhféadfaimis a theacht ar fhoirgneamh den sórt sin don chomhdháil bheadh na heagraíochtaí eile ban in ann úsáid a bhaint as an bhfoirgneamh sin agus laghdódh sé go mór ar chostais reatha na n-eagraíochtaí féin.

An cheist dheireanach: Tar éis an airgid a shábháiltear ón gcíos, abair, ag an gComhairle chun Stádas na mBan agus an airgid a bheas le fáil ó na hAirí eile, an measann an tAire go mbeidh ar a laghad an méid céanna airgid le fáil nó tacaíocht le fáil ag na heagraíochtaí sin an bhliain seo chugainn agus a fuair siad an bhliain seo caite?

Braithfidh sé sin ar an gcothromaíocht idir an costas a íocann siad ar léas nó ar chíos agus an t-airgead eile a chaitheann siad ar chostais reachtála eile, agus níl aon eolas agam go beacht i leith na n-eagraíochtaí éagsúla, cén chothromaíocht atá ann idir an dá rud. Ach braitheann sé ar na Ranna Stáit eile óna bhfuair siad airgead anuraidh agus an bhliain roimhe sin cosúil, mar a dúirt mé, leis an Roinn Sláinte agus an Roinn Oideachais agus mar sin de, agus tríd an Roinn Sláinte, ar na boird sláinte ar fud na tíre ar fad. Braitheann sé orthu sin cibé airgead is féidir leo laistigh dá gcuid meastacháin don bhliain seo chugann a chur ar fáil do na heagraíochtaí.

An tábhacht atá ag baint leis na rudaí seo ná gurb iad an lámh tarrthála amháin atá acu.

An bhfuil sé intuigthe ón méid atá ráite ag an Aire Stáit go mbeidh an chomhairle in ann gnáthchostais taistil a íoc an bhliain seo chugainn?

An rud atá ráite agam ná go bhfuil ardú faighte ag Comhdháil Stádas na mBan i mbliana seachas mar a fuair siad anuraidh, agus go gcaithfear é sin a chur san áireamh ag cuimhneamh go ndearnadh laghdú £485 mhilliún ar Mheastacháin na Seirbhísí Poiblí don bhliain seo chugainn ar fad, agus go gcreidim go ndearna an chomhdháil go maith go raibh muid in ann ardú a dhéanamh. Ar ndóigh, ní fhéadfadh aon duine againn a bheith sásta go bhfuil siad ag fáil go leor, ach tá laghdú airgid ann don bhliain seo chugainn. Mar sin, ní féidir le haon duine an méid ba mhaith leo a fháil.

Top
Share