Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 3 Dec 1987

Vol. 376 No. 3

Written Answers. - Úsáid na Gaeilge i measc Páistí Scoile.

13. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil aon rud beartaithe aici le húsáid na Gaeilge i measc páistí scoile na Gaeltachta a mhéadú.

Tá beartaithe agam tacú leis na scéimeanna éagsúla atá ann chun cabhrú le scoileanna lán-Ghaelacha, agus scoileanna na Gaeltachta ach go háirithe.

Tá beartaithe agam freisin forbairt a dhéanamh ar na scéimeanna sin ar mhaithe le húsáid na Gaeilge i measc daltaí scoile. Beidh léiriú ar a bhfuil in aigne agam sa Dara Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge atá le foilsiú go luath.

Top
Share