Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Dec 1987

Vol. 376 No. 6

Written Answers. - Scaireanna Udarás na Gaeltachta.

39. D'fhiafraigh

d'Aire Airgeadais cén fáth ar thug sé treoir d'Údarás na Gaeltachta nach bhfuil sé de chead acu aon chuid dá scaireanna i gcomhlachtaí a dhíol gan cead an Aire Airgeadais go dtí go mbeidh ceist an teacht isteach ón airleacan a bheas ar fáil don Stát-Chiste socraithe i gceart; agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin scéal seo.

Nochtadh go poiblí i mí Lúnasa seo caite go mba chosúil go raibh foireann bainist-íochta fhochomhlacht de chuid Udarás na Gaeltachta chun an gnó a cheannach. Dá bhrí sin thug mé treoir nach mbeadh sé de cheart ag an Údarás aon chuid dá scaireanna i gcomhlachtaí Gaeltachta a dhíol gan chead uaim. Rinne mé amhlaidh go díreach chun leas an Stáit a chaomhnú in infheistíocht an Údaráis i scaireanna — ar ceannaíodh iad leis an airleacan atagríodh dí sa cheist. Má bhaintear sochar as na hinfheistíochtaí sin, mar shampla tréna ndíol, ba chóir gur ar mhaithe leis an Stát-Chiste a n-úsáidfí an t-airgead. Bá chóir mar sin go bhfaighfí an sochar ab fhearr as an díol.

Top
Share