Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Feb 1988

Vol. 377 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Bóithre Gaeltachta.

7. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén méid airgid a bheidh le caitheamh i 1988 ar bhóithre Gaeltachta de réir scéim Roinn na Gaeltachta; cathain a dhéanfar socrú faoi; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Tá soláthar £200,000 i Vóta mo Roinne i mbliana le caitheamh ar bhóithre áise agus portaigh, sa Ghaeltacht. Ullmhófar liostaí bóithre in ord fiúntais do gach contae agus gheofar meastacháin chostais ó na comhairlí contaetha do na bóithre éagsúla sin a luaithe is féidir.

Níor chuala mé cé mhéad airgid atá i gceist agat.

Dhá chéad míle punt.

An bhfuil an tAire sásta go bhfuil a dhóthain airgid ansin, i gcuideachta leis an gcomhairle chontae, chun riocht cuíosach maith a chur ar bhóithre na Gaeltachta a bhfuil staid uafásach orthu, go mórmhór i gContae Mhaigh Eo agus Contae na Gaillimhe agus i gCiarraí agus Dún na nGall freisin?

Mar is eol don Teachta, ní bhaineann deontas ó Roinn na Gaeltachta ach le bhóithre áise agus bóithre portaigh. Níl aon bhaint aige le bóithre móra ná bóithre contae. Táimid ag coinneáil leis an bhfigiúr a bhí againn anuraidh agus is ardú é sin ar an méid a bhí le fáil sna blianta roimhe sin. Táimid ag déanamh ár ndíchill le freastal ar na bóithre seo.

An mbeadh sé seo oiriúnach le airgead a fháil ón gCiste Réigiúnach as seo amach?

Níl a fhios agam céard a bheas i gceist san am atá le teacht. Níor scrúdaíodh an cheist sin go fóill.

Níl sé fíor, mar atá ráite ag an Aire gurb í seo an tsuim chéanna airgid a bhí ar fáil sna blianta atá caite. Is cuimhin liom, agus is dócha gur cuimhin leis an Aire féin, go raibh níos mó ná an méid seo á chur ar fáil le haghaidh contae amháin? I gContae na Gaillimhe, bhí i bhfad níos mó ná £200,000 le fáil roinnt blianta ó shin. An nglacfaidh sé leis nach fiú méid chomh beag sin a chur ar fáil, nach mbeidh sé in ann mórán oibre a dhéanamh leis agus go bhfuil bóithre i gContae na Gaillimhe a bhféadfaí iomlán an airgid seo a chaitheamh orthu chun caoi cheart a chur orthu, tá siad imithe chomh dona sin?

Tá mé ag caint ar dheontaisí a tugadh le cúpla bliain anuas. D'ardaíomar anuraidh agus i mbliana an méid a bhí le fáil, agus tá gleo mór á ardú anseo ag an Teachta Molloy faoi bhóithre. Bhí sé ina Aire Comhshaoil i Rialtas a raibh airgead acu agus níor chaith sé é ar bhóithre Chonamara nuair a bhí seans aige é a dhéanamh. Cad chuige nach ndearna sé é nuair a bhí sé ina Aire Comhshaoil agus deis aige airgead a chaitheamh nuair a bhí neart airgid aige?

I would like to remind the Minister that it is about 16 years since I was Minister for the Environment. There was more spent then than there is now.

Top
Share