Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Mar 1988

Vol. 378 No. 10

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Airgead Breise don Roinn.

9. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag a Roinn an t-airgead breise a tugadh don Roinn sin sa cháinaisnéis is deireanaí a úsáid; agus an mbeidh aon chuid den airgead sin á thabhairt do Údarás na Gaeltachta le ligean dóibh a gclár oibre don bhliain a chomhlíonadh.

Cuireadh an t-airgead breise ar fáil le haghaidh Ciste na Gaeilge: ní bhaineann an ciste seo le gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta.

An aontaíonn an tAire Stáit leis an tuairim go bhfuil laghdú mór sna cistí atá aimsithe chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht trí obair an Údaráis toisc go bhfuil laghdú san méid airgid reatha ó £2.322 mhilliún i 1987 go £1.695 mhilliún i 1988 agus go háirithe san chiste caipitil ó £8.52 mhilliún go £5.5 mhilliún. An dtuigeann sé agus an dtuigeann an Roinn an tionchar a mbeidh aige seo ar chumas an Údaráis fostaíocht a chruthú?

Is fíor go bhfuil laghdú sa deontas caipitil, ach caithfear a chur san áireamh go raibh deontas breise faoi leith i 1987 de £2.18 milliún le haghaidh togra mhóir. B'shin togra speisialta agus dá bhrí sin cuireadh airgead breise ar fáil i 1987, agus má thógann tú an tsuim sin as an £8.5 mhilliún, tá an méid airgid atá ar fáil i mbliana ar chomhchéim leis an airgead a bhí ag an Údarás i 1987.

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil laghdú 27 faoin gcéad sna moltaí atá os comhair an Údaráis faoi láthair agus nach bhfuil togra ar bith ar fáil d'aon duine a mbeadh fonn air nó uirthi monarcha a bhunú sa Ghaeltacht faoi láthair agus nach mbeidh tionchar aige sin ar fhostaíocht?

D'éirigh leis an Údarás 500 postanna a chur ar fáil anuraidh, agus sna tograí atá acu i mbliana tá sé i gceist acu ar a laghad 600 post breise a chruthú. Sílim go bhfuil sé le tuiscint ó sin go bhfuil an Rialtas ag tabhairt cibé tacaíocht atá ag teastáil uatha le fostaíocht a chur ar fáil sna Gaeltachtaí.

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil moltaí curtha isteach go dtí an Roinn ag rá go bhfuil easnamh de £3 mhilliún chun an fostaíocht seo a chur ar fáil?

Bhí gach rannóg Stáit agus gach bord Stáit ag iarraidh tuilleadh airgid a fháil, ach ní shílim go bhfuil aon dochar déanta don obair atá curtha ar fáil ag an Údarás i mbliana. Beidh go leor airgid acu len a gcuid tograí a láimhseáil agus le postanna a chruthú.

Top
Share