Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Mar 1988

Vol. 379 No. 4

Written Answers. - Cáilíocht i nGaeilge do Mhúinteoirí.

85. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil aon difríocht idir an cháilíocht i nGaeilge a theastaíonn le bheith ceaptha mar mhúinteoirí lánaimseartha i scoil Ghaeltachta agus an cháilíocht atá ann do cheapacháin i scoileanna sa chuid eile den Stát.

Ó thaobh meánmhúinteoirí dhe, níl. Ní mór dóibh bheith inchláraithe sular féidir tuarastal incriminteach a íoc leo. Leagtar na coinníollacha um chlárúchán síos ag an Chomhairle Chláraitheachta. Is ceann dena coinníollacha í go bhfuil ar gach iarrthóir a chruthú go bhfuil eolas maith ar an Ghaeilge aige/aici. Ó thaobh scoileanna cuimsitheacha agus pobalscoileanna dhe, níl aon difríocht ach oiread.

Tá an difríocht idir an cháilíocht i nGaeilge a iarrtar do cheapacháin mar mhúinteoir lánaimseartha i ngairmscoil Ghaeltachta agus an cháilíocht a iarrtar do cheapachán mar mhúinteoir lánaimseartha i ngairmscoil sa chuid eile den Stát léirithe in alt 3 d'Imlitir 27/80 a d'eisigh mo Roinn agus atá á cur ar fáil agam san Tuairisc Oifigiúil.

Ó thaobh na mbunscoileanna de, níl aon difríocht idir an cháilíocht i nGaeilge do cheapachán mar mhúinteoir lánaimseartha i scoil Ghaeltachta agus i scoil sa chuid eile den Stát mar is dlúthchuid den chúrsa oiliúna B. Ed. í an Ghaeilge do gach bunmhúinteoir.

Top
Share