Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 May 1988

Vol. 380 No. 1

Written Answers. - Scoileanna Lán-Ghaelacha.

212. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais cé mhéad iarratas atá ag a Roinn le haitheantas a thabhairt do scoileanna lán-Ghaelacha; cá bhfuil na scoileanna seo suite; cén uair a fritheadh na hiarratais; agus cén mhoill atá ar a Roinn glacadh leis na hiarratais seo nó diúltú dóibh.

Tá trí iarratas faighte ar bhun-scoileanna lán-Ghaelacha do bhunú in Oileán Chiarraí, Contae Chiarraí, i gCnoc Theas, Contae Luimní agus i mBaile Mhuineacháin. Fritheadh na hiarratais seo ar 9 Meán Fómhair 1987, 30 Samhain 1987 agus 12 Feabhra 1988 faoi seach.

Tá aitheantas le fáil ag na scoileanna in Oileán Chiarraí agus i gCnoc Theas ach na gnáth rialacháin a bhaineann le hiarratais dá leithéid a bheith comhlíonta. I gcás an iarratais ó Mhuineacháin, táthar ag fanacht le tuairisc ón gcigire áitiúil.

Is iad seo leanas na trí hiarratais atá ag mo Roinn-se faoi láthair le haitheantas a thabhairt do scoileanna lán-Ghaelacha den dara leibhéal:

1. Brí Chualann, Contae Chill Mhantáin — iarratas ó Choiste Gairmoideachais Brí Chualann i Mí na Samhna 1985.

2. Ceatharlach — iarratas ó Choiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach i Mí Dheireadh Fómhair 1986.

3. Tamhlacht, Contae Átha Cliath — iarratas ó Choiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath i Mí Márta 1987.

Caithfear géar-scrúdú a dhéanamh ar gach iarratas féachaint an bhfuil tacaíocht le haghaidh scoil nua, an éireoidh go maith leis an scoil san fhad-théarma agus an bhfuil aon scoil lán-Ghaelach eile den dara leibhéal sa cheantar ar féidir le daltaí freastal air. Mar shampla, faoi láthair freastalaíonn daltaí ó Thamhlacht ar Choláiste Chilliain, Cluain Dolcáin agus freastalaíonn daltaí ó Bhrí Chualann ar Choláiste Eoin (buachaillí) agus Coláiste Íosagáin (cailíní), Baile an Bhóthair, Contae Átha Cliath.

I gcás Cheatharlach, d'oscail Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, bunscoil, i Mí Meán Fómhair 1982 agus ní bheidh daltaí ón scoil sin ag lorg oideachais ag an dara leibhéal roimh 1990 — tá mo Roinn-se den tuairim mar sin nár chóir breith a thabhairt ar an iarratas ag an am seo.

Tá sé sin curtha in iúl do Choiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach.

Top
Share