Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 May 1988

Vol. 380 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tograí Feilméarachta sa Ghaeltacht.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Mara cé mhéid a iarradh ar FEOGA anuraidh chun cabhrú le tograí feilméarachta éisc sa Ghaeltacht; cé mhéad a shocraigh FEOGA a thabhairt maidir leis na hiarratais sin; agus céard é líon nó liosta na n-iarratas a rinne sé.

Cuireadh seacht dtogra feilmearacht éisc, ó cheantair na Gaeltachta, ar aghaidh le h-aghaidh deontais FEOGA i 1987. Iarradh thart ar £2.5 milliún ina iomlán orthu go léir. D'eirigh le dhá cheann acu agus fuarthas deontas iomlan £262,710 orthu siud.

Mar aon leis na seacht dtogra seo, a cuireadh chun tosaigh don chéad uair i 1987, bhí cúig iarratas eile nar éirigh leo i 1986. Cuireadh na cinn seo ar aghaidh arís i 1987 le £2.5 milliún a lorg ach nior éirigh leo an bhliain sin ach oiread.

Tá mé buíoch den Aire as ucht an eolais a thug sé don Teach ach an bhfuil sé fíor gur ghlacadh le 100 faoin gcéad de na hiarratais a cuireadh isteach ag an Spáinn agus an Phortaingéil agus nár ghlacadh ach le 10 faoin gcéad ó Éirinn.

Sin ceist eile, a Theachta.

Tá mé ag cloí leis an cheist, nár ghlacadh ach le 10 faoin gcéad de na hiarratais a cuireadh isteach in ainm Éireann.

Ní féidir liom a rá gur ghlacadh le 100 faoin gcéad ach is féidir liom a rá gur glacadh le cuid mhaith de na hiaratais ó na tíortha a luaigh an Teachta. Chuir mé féin agus an tAire in iúl ag cruinniú de Choiste na nAirí san Bhruiséil an 14 agus 15 Nollaig 1987 go raibh díomá orainn os rud é nach bhfuaireamar an méid airgid a shíleamar go bhfaighimís. Idir an dá linn, ag gach cruinniú a bhí againn, ní amháin gur labhraíomar leis an Choimisineir E Cunha agus leis an Stiúrthóir Ginearálta, an tUasal Ó Gallchóir, ach thógamar an chiest seo ag cruinniú de na hAirí ansin, agus tá a fhios acu go maith an díomá atá orainn. Nílimid sásta leis an méid deontas a fuaireamar, ach tá biseach ag teacht ar an scéal sin.

Léigh mé in áit amháin nach bhfuair Éire ach 5 faoin gcéad den méid a iarr siad ar an gComhphobal, cé go bhfuair na tíortha a luaigh mé 100 faoin gcéad. An bhfuil an tAire Stáit in ann a rá cén céatadán de na hiarratais a fuair airgead ón Chomhphobal agus, rud eile atá tábhachtach, an bhfuil sé fíor go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag íoc airgid as an chiste rachmasach, an capital budget, toisc nach bhfuil na deontais ar fáil ó aon fhoinse eile, agus go bhfuil sé sin ag cur i gcoinne ár gcumas an t-airgead caipitil a chaitheamh ar scéimeanna eile.

Tá siúl agam go nglacfar leis nach féidir liomsa ceist a fhreagairt do Údarás na Gaeltachta, ach bíonn cruinnithe rialta againn i mo Roinnse le Údarás na Gaeltachta, BIM agus le hoifigigh Roinn na Mara agus ag an gcruinniú sin bí cinnte de go bpléifear an cheist sin. Chuir an Teachta ceist faoin 100 faoin gcéad: i Mí na Nollag 1987 san tranche sin fuaireamar 6 faoin gcéad de na deontais iomlán a bhí ansin ó FEOGA. Sin an t-am a chuireamar in iúl don Stiúrthóir agus don Choimisinéir nach rabhamar sásta leis seo.

Ach fuair an Spáinn agus an Phortaingéil 100 faoin gcéad?

Ní féidir liom a rá go bhfuair siad 100 faoin gcéad. Níl an figiúr beacht agamsa ach tá a fhios agam go bhfuair siad deontais i bhfad níos mó ná mar a fuaireamarne. Maidir leis an tranche is déanaí, fuaireamar suas le 10 faoin gcéad i mí Aibreán. Mar sin tá biseach ag teacht ar an scéal agus coinneoimid brú ar an Choimisiún chun níos mó ná sin a fháil. Rud an-tábhachtach, anuraidh ní raibh ach tranche amháin ach i mbliana beidh dhá tranche againn agus tá siúl agam go mbeidh toradh ar an mbrú a chuireamar ar an Bhruiséil.

An feidir liom, mar fhocal scoir——

Focal scoir, led' thoil.

——a iarraidh ar an Aire Stáit cé hiad na toscaí atá taobh thiar den bhearna mór idir an céatadán atá á fháil againn agus ag na tíortha eile — tá mé ag iarraidh cabhrú leis an Aire Stáit — agus céard tá mí-cheart leis na hiarratais atá ag teacht ón tír seo, nó an bhfuil an milleán ar an Choimisiún féin?

Ag deireadh an lae is ag an gCoimisinéir é féin atá an focal deiridh. Nílimidne ag glacadh leis sin. B'féidir mar a dúirt an Teachta, go bhfuil rud éigin cearr leis na tograí atá a gcur isteach againn. Tar éis an chruinnithe a bhí againn ag deireadh na bliana ar 14 agus 15 Nollaig, shocraíomar go mbeadh cruinniú idir oifigigh ón Choimisiún agus oifigigh ó Roinn na Mara. Tá mé cinnte de gur tháinig toradh maith as na cruinnithe sin agus go mbeidh na guidelines ann. Mar a dúirt mé, tá cruinniú gach mí idir Roinn na Mara, Bord Iascaigh Mhara agus Údarás na Gaeltachta chun gach rud a chomhordnú, agus tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar an scéal.

Top
Share